Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Nov 1930

Vol. 36 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Iarrataisí fé Acht na dTithe.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh an ndéarfaidh sé cé mhéid iarrataisí a fuair sé fé Acht na dTithe (Gaeltacht) agus an méid aca in ar hudaruíodh deontaisí.

Tá 10,918 iarrataisí fé Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929, fachta go láthair na huaire agus tá 226 deontaisí udaruithe.

An féidir leis an Aire a rádh an méid de'n 226 in a bhfuil an obair tosnuithe?

Ní féidir, ach tá fios agam go bhfuil an obair tosnuithe in a lán acu.

Top
Share