Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Dec 1930

Vol. 36 No. 7

Ceisteanna.—Questions. Oral Answers. - Innealthóirí fá scéim Tighthe.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh (1) cé mheud innealthóirí a bhfuil postanna fachta acu fá scéim tighthe do thógáil sa Ghaeltacht, agus (2) an neosfadh sé fá gach duine dhíobh (a) cadiad na céimeanna agus na teastaisí do bhí aige san innealthóireacht; (b) cadé an taithighe do bhí aige ar obair innealthóireachta; agus (c) cé an teastas re Gaedhilg do bhí aige agus ar cuireadh fá scrúdú i nGaedhilg é.

Táthar tar éis deichniúr Suirbhéirí Tithe do cheapa chun crícheanna an Achta. Bhí ochtar acu so sa tSeirbhís cheana féin agus is tré Bhord Roghnathóireachta do ceapadh an bheirt eile. Do fógradh go puiblí go raibh seisear Suirbhéirí ag teastáil agus as an líon a chuir iarrataisí isteach ní raibh oilte i Suirbhéireacht agus i nGaedhilg ach an bheirt seo. Táthar tar éis ceathrar Saoistí Conganta do cheapa, leis, agus meastar go mbeidh dáréag ar fad acu so ag teastáil. Tá na hoifigigh seo go léir oilte in a gcuid oibre agus tá ar a gcumas an Ghaedhilg do labhairt agus do scríobhadh.

Ba mhaith liom a fhiafruighe den Aire nach fíor é go raibh iarratas ann o innealthóir ag a raibh B.E., B.Sc., agus árd-teastas sa Ghaedhilg, duine a bhí taithihe ar an obair agus a bhí in ann Gaedhilg do léigheamh agus í do labhairt go líomhtha.

Níl a fhios agam ina thaibh san. Is do Choimisiún na Stát Sheirbhíse do cuireadh na hiarrataisí.

Is féidir liom an t-ainm a thabhairt don Aire.

Ba mhaith liom é d'fháil.

Top
Share