Chuireas ceist ar an Aire Rialtais Áitiúla an tseachtmhain seo ghaibh tharainn i dtaoibh rúnaidheachta Fo-Choisde Phinsin na Sean-aoise i Leitir Mór, Conamara, agus is é an freagra a tugadh dom ná gur chuir Mrs. Caitlín Maude in iúl don Aireacht ar an dómhadh lá de Mhí an Mheithimh, 1924, gur ceapadh í mar chléireach don Fho-Choisde sin.
Ba mhaith liom a rádh, ar an gcead dul síos, nach bhfuil aithne agam ar aoinne de na daoine atá i gceist, nach bhfuil fhios agam cé an taobh ar a bhfuil siad i gcúrsaí polaitíochta, agus nach bhfuil aon phaor agam ar aon duine acu. Ní abraim nach rúnaidhe feileamhnach í Mrs. Maude. Deirim, ámhthach, nach bhfuil an ceart chor ar bith sa bhfreagra a fuaireas, agus nach raibh Mrs. Maude ach in a rúnaidhe sealadach ar feadh tamaillín i mbliain a 1928.
Tig liom an méid sin a chruthú ó mhiontuairiscí an Fho-Choisde agus ó leitreacha a scríobhadh ag an rúnaidhe agus ó roinnt chlúdach leitreach a tháinig ó Roinn an Rialtais Aitiúla féin. De réir na fiadhnuise sin, is mar seo atá an sceul. Do toghadh Caitlín Maude, inghcan do Mrs. Caitlín Maude, mar rúnaidhe don Fhó-Choisde, an 20adh lá de Mhí na Samhna, 1923. "Miss Kathleen Maude" seadh atá ar mhiontuairiseí an Fho-Choisde sin, agus sé an t-ainm céanna atá i gclóscríbhinn ar mhiontuairiscí na Comhairle Condae. Chonnacas féin na miontuairiscí sin agus, dar ndóigh, tá cóip díobh ar fágháil i nOifig na Roinne. Ag seo an rún:—
Secretary's Office, Courthouse, Galway.
Copy of resolution passed by the Lettermore Old Age Pensions Sub-Committee at meeting held on the 20th November, 1923:—
"At a meeting of the Lettermore Old Age Pensions Committee held to-day—present, John Walsh, P.D. Conroy and Colman Conroy—it was proposed by Mr. Walsh and seconded by Mr. C. Conroy that Miss Kathleen Maude of Letterbricken, Rosmuck, be elected Clerk instead of her father, the late Mr. Joseph Maude—Signed, P.D. Conroy, Chairman. 20/11/23."
Anois, más cinnte, dearbhtha gur toghadh Miss Maude i Mí na Samhna, 1923, cé'n chaoi a toghfaí a máthair sin i Mí an Mheithimh 1924? Céard ba fáth leis an athrú no an amhlaidh a bhí beirt chléireach ann, an mháthair agus an inghean, san am gcéanna? Nach aisteach an sceul é nár airigh an Fo-Choisde focal fén athrú sin go ceann cheithre blian ina dhiaidh sin? Seo rud níos aistighe: Rinne Miss Maude an rúnaidheacht ó 1923 go dtí 1928 agus sul ar imthigh sí do scríobh sí an leitir seo leanas ag an bhFo-Choisde:—
Rosmuck,
8/11/'28
DEAR MR. HICKEY,
I beg to inform you that the Lettermore Old Age Pension Committee have accepted my resignation as Clerk (as I shall be going to America very soon), and have appointed my mother (Mrs. Maude) as temporary clerk, until such time as they'll appoint a permanent one.
Hoping this will meet with your entire approval,
I remain,
Yours very sincerely,
(signed) Kathleen Maude.
Bheinn buidheach den Aire ach an leitir sin a mhíniú ar ball: Mrs. Maude a bheith in a rúnaidhe ó 1924 agus gan a fhios sin a bheith ag a hinghín féin agus an bheirt acu in a gcomhnuidhe sa tigh céanna; obair na rúnaidheachta dá déanadh ag an geailín, agus an mháthair in a rúnaidhe fá cheilt, i gan fhios don choiste agus i gan fhios don tsaoghal. Is fíor go rinne Mrs. Maude an obair ar feadh roinnt míosa tar éis dul go Meiriocá dá hinghín. Annsin, do toghadh Miss Ellen McDonagh mar rúnaidhe.