Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 31 May 1932

Vol. 42 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontas i gcoir Muir-fhalla.

D'fhiafruigh

den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an bhfuil socair aige deontas do thabhairt í gcóir déanamh an Mhuir-fhalla ag Cluain Tairbh as an airgead atá ceapaithe aige do Scéimeanna Fóirithine.

Mar is eol an ndoigh do'n Teachta tugadh cead i Mí na Samhana 1931, chun na h-oibre seo do dheanamh le congnamh iasachta airgid. Tá an Bardas ag socru da reir sin chun dul fe chostas iomlan na sceime. Tosnochfar ar an obair chomh luath is is feidir e, do reir mar a thuigim.

Top
Share