Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Friday, 15 Jul 1932

Vol. 43 No. 8

Ceisteanna—Questions. Written Answers. - Gaedhilg i Sgoileanna na Naoidhneán.

D'fhiafruighe

Padraig O hOgáin

(An Clár) den Aire Oideachais an é a thuairim go bhféadfaí cainteoirí maithe agus léightheoirí maithe Gaedhilge do dhéanamh des na leanbhaí ins na bunsgoileanna ach an Ghaedhilg do labhairt leo i sgoileanna na naoidhneán agus an Ghaedhilg do mhúineadh dhóibh ar feadh uair a chluig i n-aghaidh an lae ins gach rang eile.

Ní h-é mo thuairim gur leor, de ghnáth, an Ghaedhilg do labhairt leis na naoidhneáin, agus í do mhúineadh ar feadh uair a' chluig sa ló do sna leanbhaí ins na ranga eile ins na bunscoilcanna chun cainteoirí maithe agus léightheoirí maithe a dhéanamh díobh. Maidir leis an socrú sin an Ghaedhilg a bheith dá múineadh ar feadh uair a' chluig sa ló, ní miste dom a rá nach raibh ann ach socrú sealadach go dtí go mbéadh na múinteoirí uile oilte ar an nGaedhilg.

Chun an Ghaedhilg d'aithbheochaint mar ghnáth-theanga na tíre, 'sé do bheartuigh an Chómhdháil ná an Ghaedhilg do chur in úsáid i ndiaidh a chéile i múineadh na n-adhbhar scoile, taobh amuigh de'n Bhéarla, go dtí go mbéadh ar chumas na leanbhaí uile ins na scoileanna teagasc na n-adhbhar uile do ghlacadh tríd an nGaedhilg.

Ins an imlitir oifigiúil a cuireadh amach i Mí Iúil, 1931, tá cur síos déanta ar an tslighe gur chóir do sna múinteoirí cuspóir na Roinne do bhaint amach. Tá cóip de'n imlitir sin á cur chun an Teachta.

Leanfar den réim sin agus bainfear breis feidhme as an nGaedhilg mar úirlís múinte do réir mar bhéas na múinteoirí agus na leanbhaí ag teacht isteach ar an nGaedhilg go dtí go mbeidh gach adhbhar scoile, ach amháin an Béarla. dá mhúineadh tré Ghaedhilg do sna leanbhaí go léir ins na bun-scoileanna, d'fhonn is go mbeidh ar a gcumas an Ghaedhilg d'úsáid mar a ngnáth-theangain i gcúrsaí an tsaoghail.

Is ar an gcuma so dar liom a tiubharfar thar n-ais an teanga mar theanga labhartha na tíre.

Top
Share