Ó glacadh lies na meastacháin deiridh ní léir aon atharú mór do bheith tagtha ar bhun-oideachas. Ar go leor bealach, ámh, tá feabhas mór tagtha ar chúrsái oideachais. Ochtó a trí (83%) faoi'n gcéad de aos scoile na tíre ar fad atá ag dul ar scoil agus is maith an cothrom é sin i dtír a bhfuil oiread fairsinge tuaithe inntí agus atá i dtír s' againne. Tá níos mó ná an cothrom sin ag dul ar scoil ins na cathaireacha. Tá sin so-thuigthe. Sé'n rud is fearr a bhaineas leis an tinnreamh sin an méadú atá tagtha ar an líon scoláirí atá ins na hárd-ranganna. Bhí beagnach deich míle (10,000) scoláirí ins na hárd-ranganna i mbliana de bhreis ar an líon a bhí ionnta anuraidh agus bhí beagnach deich míle fichead (30,000) scoláirí ins na ranganna seo de bhreis ar an líon a bhí ionnta sé bliana ó shoin.
Caithfidh sé go gcuideochaidh sé seo go mór le caighdeán an oideachais a ardú thríd an tír go léir. Rud eile a chuideochas go mór le caighdéan an bhun-oideachais a árdú an feabhas atá ag teacht do réir a chéile ar chineál agus ar chaighdeán na mac léighinn atá ag gabháil le múinteoireacht. Maidir leis na daoine a théigheann go dtí na Coláistí Oiliúna le bheith ina múinteóirí Náisiúnta (1) tagann cuid aca as na Coláistí Ullmhúcháin, (2) bíonn cuid eile ach ina scolár-oidí agus (3) gheibhtear an chuid eile de bharr comórtaisí puiblí. Líontar cuid bheag de na folúntaisí tré Chéimnigh Ollscoile agus Múinteoirí gan oiliuint a cheapadh. Díobh seo a chuaidh isteach sa gColáiste Oiliúna sa mbliain 1932 tháinig thimcheall's triocha a seacht (37%) faoi'n gcéad as na Coláistí Ullmhúcháin; scolár-oidí do b'eadh seacht nduine is fiche (27%) faoi'n gcéad; de bharr comórtaisí puiblí a thainig ocht nduine is fiche (28%) faoi'n gcéad; agus Céimnigh Ollscoile (fir ar fad) agus múinteoirí gan oiliúint do b'eadh an chuid eile (8%). Cé's moite, b'fhéidir, de na múinteóirí gan oiliuint—rinne na mic léighinn seo go léir cúrsa iomlán sa Meán-Scoil.
Faoi Scéim na gColáistí nUllmhúcháin tá foráil déanta do sheacht gColáistí; trí cinn do trí céad (300) buachaillí Caitiliceacha; trí cinn do trí céad (300) cailíní Caitiliceacha, agus ceann amháin do thimcheall's ochtó (80) scoláirí Protastúnacha (buachaillí agus cailíní). Tá na Coláistí seo go léir ag obair faoi láthair ach is i n-áitreabhacha sealadacha atá dhá cheann de na Coláistí do bhuachaillí Caitiliceacha agus an Choláiste do scoláirí Protastúnacha, agus dá bhrí sin níl áit aca fós dá líon iomlán. Tá lorg feiliúnach don chéad dá Choláiste fáighte i mBaile Mhúirne agus i nGaillimh agus tá súil gur gearr go dtosochar ag tóigeál na gColáistí seo. Tá go leor ag iarraidh dul isteach ins na Coláistí agus dá bhrí sin gheibhtear cineál maith mic léighinn. Tá oideachas agus oiliúint an mhaith le fáil ag na scoláirí ins na scoltacha seo agus bíonn a shliocht ortha nuair a cuirtear scrúdú crtha—gheibheann dunáite 'chuile dhuine aca onóireacha i serúdúcháin na Meánteistiméarachta agus na hArdteistiméarachta. Sí an Ghaedhilg an gnáth-theanga ins na Coláistí seo agus (cé's moite den Bhéarla) is tríd an nGaedhilg a múintear na habhair go léir.
Cúis áthais é a thabhairt faoi deara gur thainig go leor níos mó buachaillí agus cailíní ón bhFíor-Ghaeltacht go dtí na Coláisti Ullmhúcháin le cúpla blian anuas. Sa mbliain naoi déag triochad a haon (1931) ní raibh ach céad (100) scoláire ón bhFíor-Ghaeltacht ach sa mbliain naoi déag triochad a dó (1932) thainig trí céad caogad a seacht (357) scoláirí ón bhFíor-Ghaeltacht. Tugadh an méadú seo faoi deara go háithrid sa gceanntar idir an Spidéal agus Cárna-thainig nocha duine (90) as an gceanntar cé nár thainig roimhe sin ach seisear ar an gcuid is mó dhe. De na scoláirí a thainig ón bhFíor-Ghaeltacht agus a chuaidh faoi scrúdú i naoi déag triochad a dó (1932) fuair triochad a seacht (37) aca áiteacha ins na Coláistí Ullmhúcháin agus d'éirigh le triúr déag (13) sa scrúdú a bhí ann i gcóir Scoláireachtaí Meán-Scoile faoi'n Scéim Speisialta don Ghaeltacht.
I dteannta an méid mac léighinn atá á n-oiliuint ins na Coláistí Ullmhúcháin tá Scolár-oidí. Ceaptar íad seo ar thoradh scrúduithe na Meán-Teistiméarachta agus cuirtear iad go dtí Meán-Scoltacha ceaduithe le cúrsa dhá bhliain a dhéanamh do réir Cláir na hÁrd-Teistiméarachta.
Sá mbliain naoi déag triochad a dó (1932) ceapadh caogad a haon (51) bhuachaill agus (51) chailín agus thárla go leor daoine bheith ag cur isteach ar na folúntaisí seo tá oideachas maith ar na daoine a gheibheas na háiteacha. Den céad is cúig (105) mic léighinn a chríochnuigh a gcúrsa sa mbliain naoi déag triochad a dó (1932), d'éirigh le 'chuile dhuine aca agus fuair nocha a dó (92) onóireacha ar an scrúdú go léir.
I dteannta réamh-scrúduithe, uí mor, freisin, do na scoláirí a thagann isteach tré chomórtaisí puiblí Ard-Teistiméaracht na Meán-Scoile a dhéanamh ionnus go mbeidh cúrsa iomlán na Meán-Scoile déanta aca freisin. Is tré chomórtaisí puiblí a líonadh thimcheall 's fiche (20) folúntas i gColáistí Oiliúna na gCailíní agus seascadh a se (66) folúntaisí i gColáistí Oiliúna na mBuachaillí anuraidh agus bhí dá céad ochtó a dó (282) buachaillí agus dá chéad seachtó a trí (273) cailíní istigh ar an gComórtas.
Thárla cúrsa iomlán Meán-Scoile bheith déanta ag furmhór na mac léighinn atá á leigint isteach ins na Coláistí Oiliúna anois is féidir níos mó aire a thabhairt do theagasc céird na Múinteoireachta ná do b'fhéidir a dhéanamh roimhe seo. Chuige sin tugadh clár nuadh isteach go sealadach i gcóir an tséisiuin a thosuigh Meán Fomhair seo caithte.
Seo íad na buadhanna is mó atá ag an gclár seo:
(1) tugtar níos mó aire do oiliuint an mhúinteora;
(2) tá socrú déanta i gcóir roinnt speisialtachta;
(3) feileann an clár dóibh seo a chuirfeadh cúrsa ollscoile rómpa.
Tá níos mó úsáide dá baint as an nGaedhilg mar ghnáth-theangain ins na Coláistí Oiliúna i n-aghaidh an lae. Is tríd an nGaedhilg a ghnítear beagnach an obair go léir ins na Coláistí Oiliúna do bhuachaillí Caitiliceacha agus is tríd an nGaedhilg a rinne ó nochad a dó (92%) go céad fé'n gcéad (100%) de na mic léighinn a gcuid oibre go léir sa scrúdú deiridh sa mbliain naoi déag triochad a dó (1932).
Níl an scéal chó sásúil ins na Coláistí Oiliúna do scoláirí Protastúnacha i ngeall ar an mbeagán Gaedhilge a bhíonn ag cuid de na h-iarrathóirí agus i ngeall ar dheacrachtaí eile, ach tá feabhas maith le tabhairt faoi deara ó bhliain go bliain ar na scoláirí maidir le labhairt na Gaedhilge agus a húsáid. Tá 'chuile chosúlacht go leanfar den fheabhasú.
Cé go bhfuil an scéal sásúil chó fada is bhaineas sé le tinnreamh agus líon múinteoirí ní féidir a rádh go bhfuil sin amhlaidh maidir le cóir scoile. Le linn réim na Sasanach sa tír seo ba dhoicheall leo deontaisí a thabhairt i gcóir tighthe scoile a thóigeál. Ba mhór leo deontaisí a thabhairt chor ar bith. Is cosúil nach ró-maith a thaithnigh le Rialtas Shasana airgead do thabhairt as an bPríomh-Chiste— rud nach ndeárnadar i Sasana féin mar a raibh na Scoltacha faoi stiúradh na ndaoine féin. Is ro-mhinic nár tugadh na deontaisí chor ar bith—níor tugadh le linn an Chogaidh Mhóir iad. Ar an abhar sin tá riaráistí ag baint le Tóigeál Teach Scoile nach nglanfar ar níos lugha ná milliún punt. Táthar ag súil leis an scéal seo a leigheas tré shreath de dheontaisí speisialta a thabhairt i rith na ndeich mblian seo chugainn.
Cé go mbeidh gadh le suim mhaith mhór airgid a chaitheamh leis an gcóir sin a chur ar na tighthe scoile a theastuigheas uatha indiu ba chóir a thabhairt faoi deara go mbeidh cabhair agus cumaoin na mbainisteoirí ag teastáil má táthar le somplaí a dhéanamh de na foirgintí sin—rud ba cheart a dhéanamh—do lucht na tuaithe maidir le glaineacht agus slacht.
Coinnighítear deis réasúnta maith ar an gcuid is mó de na tighthe scoile ach tá uimhir mhaith bainisteoirí nach gcólíonann a ndualgaisí maidir leis na foirigintí atá faoi n-a gcúram a dheisiú in am agus a choinneál i dtreo. Séard a thagas as seo go dtosuigheann na tighthe scoile ag tuitim as a chéile cheal deisithe i bhfad sul ba cheart dhóibh agus is giorra dá bhrí sin an achar a sheasfaidh siad.
Maidir le glaineacht gearánann na Cigirí go minic nach nglantar agus nach scuabtar na tighthe scoile 'chuile lá mar ba cheart a dhéanamh cé go gcoinnighítear uimhir bheag scol— scoltacha clochair agus roinnt áithrid de na scoltacha atá faoi chúram ban —go glan slachtmhar.
Maidir leis an obair a déantar ins na scoltacha is áthas liom a rádh go gcólíonann an chuid is mó de na múinteoirí a gcuid dualgaisí go sásúil. Tá thimcheall's triochad fé'n gcéad (30%) de na múinteoirí "sáréifeachtach", seascad a cúig fé'n gcéad (65%) "éifeachtach" agus thimcheall's cúig fé'n gcéad (5%) "nea-éifeachtach".
Dá dtuibharfadh cuid mhaith de na múinteoirí níos mó aire, ámh, do scéimeanna cúramacha oibre a leagadh amach agus dá gceachta a ullamhú roimh-ré 'chuile lá bheadh toradh níos fearr ar a gcuid saothair. Tá go leor múinteoirí ann freisin agus, toise nach leanann siad sin den stuidéar, níl an toradh a mbeadh súil ag duine leis ar a gcuid oibre, cé gur áthas liom a rádh go bhfuil feabhas éigin togtha ar an scéal seo.
Rinne múinteoirí gearán go bhfuil an iomarca abhar ar an gclár i ngeall ar go bhfuil dhá theanga ann i dteannta gnáth-abhar chláir na Bun-Scoile.
Nuair a bhí Có-dháil chláir na Bun-Scoile ag leagadh amach an chláir cuireadh teora le méid na n-abhar mar gur ceapadh go mb' fhéidir go bhfuil an iomarca abhar ar an gClár i gceimidheacht le fad an lae do obair Bun-scoile. Tá fúm Coiste beag de mhúinteoiri agus de chigirí a chur ag scrúdú na ceiste seo.
Maidir le cúrsaí Meán-Oideachais is áthas liom a rádh go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal ar gach bealach. Tá an méid Meán-Scoil agus an líon scoláirí ag dul i méid ó ló gó ló agus níl aon chosúlacht go bhfuil deire fós curtha leis an méadú sin. I gcomparáid leis an mblian roimhe seo bhí sé scoltacha ceaduithe ann thar mar bhí agus bhí beagán os cionn míle scoláire sa mbreis ag dul ar scoil. Sé scoltacha agus trí céad (306) agus triocha míle agus a ceathair (3004) scoláirí na humhreacha a bhí ann don bhliain scoile 1931-32.
On gcaoi a bhfuil uimhir na Meán-Scoil agus líon na scoláirí ag dul i méid in aghaidh an lae le deich mbliana anuas is léir go bhfuil níos mó measa i bhfad ar mheán-oideachas thar mar bhíodh. Séard ba bhun, ar bealach, leis seo an soláthar a rinne na Comhairlí Contae i gcóir scoláireachtaí ó Bhun-scoltacha go dtí Méan-scoltacha, ach thárla nach bhfuil aon scoláireacht d'aon chineál ach ag cothrom beag de na scoláirí, is follus go bhfuil cuid mhaith daoine sásta go leor a fhuilingt iad féin i dtreo go mbeadh siad in ann meán-oideachas a thabhairt dá gclainn.
Maidir le teagasc tríd an nGaedhilg is féidir a rádh go bhfuil sé ag dul ar aghaidh go maith. Tháinig méadú ar uimhir na scol 'na rabhthas ag múineadh gach adhbhar leighinn (ach amháin Béarla) tríd an nGaedhilg, ó ceathair fichead sa bhliadhain Naoideag guocad-guocad a haon (1930-31) go ceathair déag ar fhichid sa bhliadhain Triocad a haon-tri a dó (1931-32). Is é sin an méadú is mó dá raibh ortha aon bhliadhain ó deineadh idirdhealbhadh ar na scoltaibh Gaedhealacha agus ar na scoltaibh Dhá-Theangacha sa bhliadhain 1924-25. Ní raibh an Ghaedhilg 'na gnáthádhbhar teagaisc an bhliadhain úd ach i poinne a seact (0.7) fén gcéad de na scoltaibh, ach bhí sí ag breis agus 11 fén gcéad díobh sa bhliadhain (1931-32). Tháinig méadú beag ar uimhir na scol 'na ndéantar cuid den teagasc tríd an nGaedhilg. Táthar ag dul ar aghaidh go h-an-mhaith le múineadh trí Ghaedhilg i scoltaibh na gcailíní, ach níl an dul ar aghaidh céadna déanta i scoltaibh na mbuachaillí. Cé gur léan le luadh é níl ach cúig cinn de scoltaibh na mbuachaillí ag déanamh teagaisc iomláin tríd an nGaedhilg, ach táthar á dhéanamh i naoi scoltaibh fichead do scoltaibh na gcailíní. Tuigtear go bhfuil deacracha móra sa slighe; agus fuarthas faisnéis faoi leith ó gach scoíl i dtaobh na ceiste sin, i gcaoi agus go mbeadh an scéal uilig faoi ár mbrághaid chun é bhreathnú le chéile. Tá eolas tairbheach ar fagháil de bhárr na faisnéise sin, agus tuilleann roinnt mhaith de na bainisteoirí ár mbuidheachas mar gheall ar an gcongnamh a thugadar dúinn. Do réir na bhfreagraí a fuarthas deallruigheann an scéal go bhfuil sé ar cumas do mhórán de na múinteoirí na hádhbhair léighinn do mhúineadh tríd an nGaedhilg. Ní mar a chéile na deacracha uile dá ndearnadh tagairt; tá éagsamhlacht aca le n-a chéile do réir chineáil agus ionaid na scol, agus a leithéid sin eile. Ach seo iad na connstaicí is minicí atá luaidhte i sna faisnéiseacha: neamhchumas na scoláirí an tairbhe is mó do bhaint as an dteagasc trí Ghaedhilg; ganntanas leabhar oireamhnach do gach ádhbhar léighinn; neamh-chás na ndaoine sa cheanntar, agus neamhshuim nó námhadas na dtuismidtheoirí. Tá na neithe sin 'á meadhadh go cúramach faoi láthair.
Tá obair na meadhon-scol ag dul chun cinn go maith. Tá éadtromú ar an gclár léighinn ó cuireadh ÁrdChúrsaí agus Bun-Chúrsaí ar bun do na hádhbharaibh éagsamhla; agus táthar ag súil, ó tá breis chaoitheamhlachta ar fagháil dá bharr sin, go bhféadfar tuille ádhbhar do mhúineadh feasta do réir riachtanaisí na scoláirí.
Ní fada go mbeidh tortha an chéad sheasúin a hoibrigheadh faoi Acht an Ghairm-Oidis ar fagháil i bhFaisnéis Bhliadhantamhail na Roinne. Do réir faisnéise, do freastaladh na scolta go maith—bhí a haon seascad míle ocht gcéad agus seisear déag ionnramh sna rangaibh—tá níos mó fagháil ar oideachas; tá feabhas ar na cláraibh léighinn agus ar fheisteas na scol, agus samhluightear ón dtuairisc go bfhuil tosú maith déanta chun an tAcht do chur i bhfeidhm. Ní féidir, dar ndóigh, breith do thabhairt ar oireamhnacht chlár-léighinn i gceann aoin-bhliadhna; ach is féidir a rádh go ndearadh an tionnscnamh go prapamhail agus go slachtmhar.
Is i gcás an oideachais leanamhnaigh, dar ndóigh, a rinneadh an t-atharrú ba mhó; agus is oideachas é sin atá ceaptha do dhaoinibh óga tar éis an bhun-scoil d'fhágáil dóibh agus le linn iad do bheith 'á n-ullmhú féin d'obair gharma. Do chuir na Cómhairleacha uilig, beagnach, ranga lán-chúrsa leanamhnacha lae ar bun, agus meastar go raibh idir seacht míle agus ocht mile scoláire 'á bhfreastal. Do cheap an Roinn bun-riaghalacha áirithe chun na cúrsaí sin do stiúrú, ach ní dearnadh aon iarracht ar chlár oideachais do cheapadh dhóibh. B'é ár dtuairim nach mbeadh de thoradh ar a leithéid sin de chlar léighinn, a cuirfí i bhfeidhm go dlúth, ach mar bheadh sórt caighdeáin, agus nach mbeadh sé so-fhorbartha a dhóthain i gcómhair gach riachtanais agus gach saghas gnótha. Bhí gnáth-chúrsaí ar siubhal i ngach baile mór, 'nar leanadh de bhun-teagasc an scoláire agus 'na ndearnadh fairsingiú eolais dó; do múineadh obair stuamdha láimhe dhó, agus do rinneadh iarracht ar a aigne do dhíriú i dtreo tráchtála nó siopadóireachta nó tigheasachta. Do bhí cúrsai speisialta ar siubhal, freisin, i gcómhair ceárdachta airithe; cuir i gcás, an cúrsa dhá-bhliadhan i nAth Cliath chun daoine d'ullmhú i gcómhair cluig agus uaireadóirí do dhéanamh; ach ní féidir a leithéidí sin do chur i n-órd agus i n-oireamhaint i gceart do bhrigh nach féidir cora do dhéanamh le máighistrí na gceárd go nglacfaidís na foghlaimeoirí ar tuarastal. An rud is oireamhnaighe do na bailte móra, b'fhéidir, gnáth-chúrsa blaidhna i dtosach, agus bliadhain nó dhó d'oideachas speisialta 'na dhiaidh sin.
B'iongantach an dúil a bhí ag lucht na tuaithe san ghnáth-oideachas lae, agus bhí na hiarrthóirí chómh iomadamhail sin i gceanntaraibh áirithe go mba dheacair ionad do thabhairt dóibh uilig. Do hoscladh tuille árus dóibh le linn an tseasúin seo, ach mar sin féin is ar éigin is féidir do na Cómhairleacha eisteas do thabhairt dá bhfuil d'iarrthóirí ag lorg ionad sna rangaibh. Is ró riachtanach go stiúróchthaí aigne na ndaoine óg ag scoltaibh leanamhna na tuaithe chun obair le n-a mbeidís sásta do ghlacadh ag baile, agus gabháil le curadóireacht nó le céird éigin, i n-ionad deifir do bheith ortha ag teicheadh leo chuig an baile mór. Ceaptar go bhfuil tuigsint mhaith ag na Cómhairleacha ar an méid sin. Pé lucht atá ar na cláir léighinn ar leithligh bhíodar oireamhnach a ndóthain don ghnó dár ceapadh iad. Sampla ar na scoltaibh leanamhna is eadh ceann áirithe 'na bhfuil dó fichead buachaill agus sé fichead cailín. Tugtar oileamhaint do na cailíní i gcúrsaí Tighis agus Sláinte agus Banaltranais Othar ar feadh trí huaire déag de sheachtain seacht n-uaire fichead teagaisc; agus caitheann na buachaillí cheithre h-uaire déag de sheachtain ocht n-uaire fichead ag gabháil d'Obair Adhmaid, do Chéimseata Ealadhanta Curadóireachta, do Límidheacht, agus do Chúntasaidheacht. Ní féidir a cheilt go rachadh a leithéid sin de chúrsa go mór chun leasa d'aosóga na tuaithe, ach an mhúinteoireacht do dhéanamh go maith.
Níl borradh chómh mór ag teacht ar na Scoileannaibh Leanamhna Páirtaimsire, agus atá ar na Scoileannaibh Lán-aimsire, cé go bhfuil éirighthe leó thar bárr in áit nó dhó Nuair a cuimhnightear ar a fheabhas agus a éirigheann le scoileanna leanamhna páirt-aimsire i dtíorthaibh eile, is deacair a thuigsint cad 'na thaobh ná glactar níos fonnmhaire leó i nEirinn. Bh'fhéidir gurab' amhlaidh bhíonn follamhntasaí i gcóir oibre Páirtaimsire níos líonmhaire i dtíorthaibh eile ná mar a bhíonn i nEirinn, do dhaoinibh óga idir a ceathair déag agus a sé déag de bhlianaibh. Má is mar seo atá, ní foláir nó gur mó an claonadh atá i nEirinn, i dtreó tinnrimh ar scoileannaibh lán-aimsire. Fairis sin, is deacair scoileanna leanamhna páirt-aimsire do chur ar bun i gceanntaraibh tuaithe; is deacair clár-oibre a bheadh iomlán go leór do chur i bhfeidhm; is deacair árus oireamhnach d'fhagháil, agus caithtear cur suas le sna deacarachtaí a leanann síor-athrrú ar mhúinteóiríbh. Ach gheibhtear an ceann-smách ar na deacarachtaibh seo, le taithighe. Tá aon-aragóint amháin go láidir ar thaobh na scoile páirtaimsire, mar thosnughadh ar ré Scéime ar bith. Cabhruigheann scoil de'n tsórt san leis an gComhaltas, chun a fhagáil amach gan ró-chostas, cia aca an féidir an ceanntar san do chur chun cinn agus arbh' fhiú scoil lán-aimsire do chur ar bun ann.
Cé nách ionann an Cheárd-scoil agus Scoil Leanamhna maidir le h-aidhm ná le clár, cuirfear ranganna ceárdamhla agus ranganna leanamhna ar bun in san árus céadna. Ba chiallmhaire iad do bheith i dtighthibh fé leith, ach ní bheadh so tionnscalach sa tSaorstát. Soláthruightear árus fé leith, de ghnáth, i dtíorthaibh eile, do'n Scoil Leanamhna i gcóir an duine óig, 'á ullmhúghadh féin do chum oibre; do'n Cheárd-scoil i gcóir na bpríntíseach, agus do'n Cheárd-scoil Oidhche i gcóir na máistrí. Ach níor bha tionnscalach a leithéid sin a dhéanamh annso, de bhrígh gur scáinte é líon ár ndaoine. Caithfidh na ranganna leanamhna agus roinnt bhuidhean do Phríntíseachaibh, feidhm a bhaint as foirgneamh na Ceárdscoile as-ló, agus na ceárd-bhuidheanta i gcóir daoine ar ceal-oibre, as t-oidhche.
Tá luigheadú coitcheann ar an uimhir de dhaoinibh óga a bheadh díreach tar éis cur suas de'n bhunscoil, a dhéineann tinnreamh ar na rangannaibh oidhche, agus táthar ag tnúth nách fada go mbeidh cosán déanta ó'n mBun-scoil go dti an Scoil Leanamhna as-ló, agus annsan, tar éis tosgnuighthe ar obair, ó'n Scoil Leanamhna as-ló go san Scoil Príntíseach as-ló, nó go sna Rangannaibh Ceárdamhla as t-oidhche. Ar an gcuma so, beidh scoláirí a chaith dhá bhliain ag déanamh stuidéir ag na scoileanna leanamhna lán-aimsire, ag tinnreamh ar na rangannaibh oidhche, agus cuirfidh san feabhas nách suarach ar oilteacht na Scoiloidhche.
Maidir le cómh-oibriú na bhFostathóirí ar Riaghlachaibh Tráchtála, caithfar glacadh go fóirleathadamhail le bun-riaghlachaibh áirithe sul is féidir an dul-chun-cinn is riachtanach a dhéanamh i gcúrsaí Ceárd-Oideachais sa tír seo. Caithfidh lucht gnótha glacadh le h-éigean-tinnreamh Príntiseach ar na rangannaibh; caithfidh siad a bheith toiltheannach ar a chur d'fhiachaibh ar na príntísigh tinnreamh ar na rangannaibh ar feadh tréimhse áirithe, agus gan leigint dóibh leanamhaist in a bpríntíseachaibh mara nglacfaidís le sin mar choingheall bhunúdhsach; caithfidh gach príntiseach le céird fé leith, i gceanntar, teacht ar tinnreamh; ní fágfar aon lúb-ar-lár maidir le príntíseachaibh an tighe seo ná an tighe úd, agus caithfar oilteacht agus dul-chun-cinn na bpríntíseach do fhionnadh ó am go h-am. Is féidir é seo go léir, agus a lán eile, do dhéanamh, tré bhíthin Achta na Príntíseachta, ach níor dhein lucht gnótha aon iarracht, go n-uige seo, ar aon-fheidhnn a bhaint as coingheallacha an Achta san.
Tuigeann an Roinn a riachtanaighe agus atá sé, oileamhaint a dhéanamh ar an lucht oibre i dTionnscal nua, ach ní fuirist é a dhéanamh i gcómhnaidhe, go mór mór ó bhíonn a lán de sna tionnscalaibh nuadha so, ag bhraith ar ghléiseanna costusamhla nárbh' fhéidir leis na Cómhaltasáibh Gairm-Oideachais a cheannach leis an méid airgid a bhíonn fé n-a riar. Ach tá Scéim ag an Roinn, le n-a bhféadfar tri ceathramhna de chostus oileamhna Príntíseach agus lucht foghluma sa ghnó san, d'íoc leis an lucht gnótha. Is ceaduighthe an oileamhaint do dhéanamh in árus na monarchan, agus beidh an Roinn toiltheannach ar chabhrú i gcómhnaidhe chun múinteóirí oilte oireamhnacha do sholáthar, muna an féidir leis an lucht gnótha a léithéidí d'fhagháil. Tríd a's tríd, is beag an fheidhm a baintear as an Scéim seo, cé gur minic a dhein an Roinn é a chur fé bhrághaid lucht gnótha.
Ní fada ó ritheadh an tAcht Oideachais Gairme Beatha ach is mór an dul-chun-cinn atá déanta cheana chun cóiríocht scol do sholáthar do ranganna leanúna agus do cheárdranganna. I gCathair Bhaile Atha Cliath, áit a raibh dian-ghá le breis seomraí ranga, cuireadh seomraí nua le Ceárd-Scoil Shráid Bolton; ceannuigheadh Halla-Bhaile Pembróc le haghaidh Scoil Leanúna agus Scoil Tráchtála lae; agus tógadh Halla Bhaile Ráth O Máine ar léas le haghaidh scoil lae agus scoil thráthnóna do Bhanachas Tighe. Tá pleananna i gcomhair na Scoile Tráchtála nua i gCathair Chorcaighe beagnach réidh. Na foirgintí nua a cuireadh le Ceárd-Scoil Luimnighe tá said réidh anois agus daoine ag obair ionta. Táthar tar éis píosa talmhan a cheannach le hais Scoil Phort Lairge chun cur leis an scoil sin, cuireadh na pleananna fé bhrághaid na Roinne agus glacadh leo.
Maidir le bailte eile tá scoil nua Bhrí Chualann beagnach réidh agus féadfar obair na scoil-bhliana nua a chur ar siubhal ann i Meadhan-Foghmhair. Áth Luain, Caiseal na Mumhan, Droichead na Banndan, Maghchromtha, Caisleán an Bharraigh, Béal an Átha, Cathair na Mart agus Guaire áiteanna eile a bhfuil tógáil na scoil nua ag dul ar aghaidh go maith ionta. Glacadh le pleananna i gcóir scol nua i mBaile an Chábháin, in Ospuidéal Ghleanna Áine, sa Chaisleán Nua, sa Teampall Mór agus i mbailte eile agus is gearr go dtosnóchthar á dtógáil. Tá go leor scéimeanna eile á gcur i bhfeidhm nó á mbeartú chun seanfhoirgintí d'atharú nó d'fhairsingiú.
Is fiú tagairt a dhéanamh do scéim inspéise eile—scéim le scoileanna beaga is gan ach trí seomraí ionta do sholathar do cheanntair tuaithe atá líonmhar fé dhaoine. Táthar ag iarraidh a leithéid de scoltacha cheana féin do Bhuidheachar (Co. Mhuineacháin), don Cheathramhain Rua, agus do Rosmuc (Co. na Gaillimhe) agus d'áiteannaibh eile. Ceárdlann do bhuachaillí, seomra tighis do chailíní agus seomra ranga coitchianta a bheidh ionta. Cuirfear ranganna lae lan-aimsire ar bun do dhaoine óga atá idir cheithre bliana déag agus seacht mbliana déag d'aois tar éis fágaint na bun-scoile dhóibh má bhíonn siad díomhaoin.
Sul a gcríochnuighidh mé mo chuid cainnte fá na mór-phoinntí a bhaineas le leathanú agus tabhairt i dtreis na Scéim seo, tá comhairle speisealta agam le cur i láthair Lucht na gCoistí féin. Ba mhaith liom a chur ar a súile dóibh gur fíor-riachtanach an rud do gach Coiste a choiméad go bhfuighidh siad i gcomhnuidhe an té is fearr le fagháil mar Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin. Is ceart do Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin oideachas maith comthrom bheith aige i ngnótha coitchianta an tsaoghail; agus, le n-a chois sin, caithfidh tréineáil speisialta bheith fáighte aige le h-aghaidh a chuid oibre féin. Mur' mbéadh sin aige, ba deacair dó na cúrsaí oideachais a chur i n-eagar agus i n-oireamhain a chéile, idir chúrsaí i bpríomh-ádhbhair léighinn agus chúrsaí i dtráchtáil agus i dtalmhaidheacht. Rud eile: caithfidh sé bheith comh h-eólach ar scoileanna agus ar mhic léighinn agus nach mbéadh moill air gach deacracht dá mbaineann leó a réidhteach go ciallmhair tuigseach. Tá fir de'n chinéal sin tearc go mhaith; ach ní misde a leithéidí a chuartú agus a mhealladh chun na h-oibre ins na postaí tábhachtacha sin faoi na Coistí, má's linn obair an Ghairm-Oidis a chur chun cinn mar is cheart.
Faoi fhó-mhír B (2), táthar ag cur míle ocht gcéad is seachtmho púint (£1,870) ar fagháil le n-a roinnt i n-a dheóntais speisialta ar Choistí Gairm-Oidis le h-aghaidh Oideachais Leanamhnaigh nó Ceárd-Oideachais ins an Ghaedealtacht. Tá sin dá dhéanamh de réir Alt 103 (2) den Acht Oideachais Ghairme Beahta, 1930, agus, ins an am i láthair, táthar ag brath na deóntais a chur i n-úsáid mar leanas:—
(1) Foirgneamh nuadh a dhéanamh le h-aghaidh Ceárd-Scoile i nGaillimh.
(2) Páighe breise a thabhairt do mhúinteóirí a bhéas ag obair ins an Ghaedhealtacht agus a dhéenfas an teagasc fríd Ghaedhilgh.
(3) Deóntais speisialta a thabhairt do Choistí Gairm-Oidis le h-aghaidh Oideachais Leanamhnaigh nó Ceárd-Oideachais ins an Ghaedealtacht.
(4) Scoláireachta a thabhairt do mhic léighinn as an Ghaedhealtacht.
Ins an Mheastachán seo an Cheárd-Oideachais tá dá míle naoi gcéad seachtmhó a trí punt (£2,973) leagtha amach do chúrsaí áirithe de Thréináil speisialta le h-aghaidh múinteóir a bhéas ag obair faoi Scéimeanna Áiteamhla Gairm-Oidis. Tá Mile ceithre céad is fice punt (£1,420) de'n tsuim sin ag teastáil le haghaidh an chúrsa tréineála do Ádhbhar Múinteóir i n-Obair Láimhe a cuireadh ar bun i Scoil na gCeárd i bPortláirge le gairid. Cuireadh an cúrsa seo ar bun le múinteóirí maithe oilte i n-Obair Láimhe a chur ar fagháil do cheanntracha na Gaedhealtachta—múinteóirí a bhéadh i n-innimh a gcuid teagaisc a thabhairt uatha fríd an Ghaedhilg. Tá an Roinn an-tsásta le toradh na h-oibre a rinneadh faoi'n chúrsa go dtí seo; agus is é a mbaramhail go n-éireóchaidh leis na múinteóirí atáthar a thréineáil amhlaidh, go n-éireóchaidh leó teagase i n-Obair Láimhe a thabhairt uatha i gceart i gceanntracha na Gaedhealtachta. I dtaoibh an chuid eile de'n Dá míle, naoi gcéad seachtmhó a trí punt (£2,973), tá sé ag teastáil le h-aghaidh cúrsaí samhraidh do mhúinteóirí atá ag obair san am i láthair faoi Choistí Gairm-Oidis.
Cuireadh Coiste ar bun le h-atheagar a chur ar an ghléas a bhí i bhféidhm le h-aghaidh na Scrúduighthe i gCéard-Scoltacha do dhaoine a ghníodh freastal ar ranganna an tráthnóna; agus táthar ag súil go mbéidh an Tuarasgabháil réidh ag an Choiste seo sar a bhfad. Ar feadh m'eólais ar a gcuid oibre, rinneadh mion-scrúdú cúramach ar an ghléas a bhí i bhféidhm go n-uige seo agus molfaidh an Coiste athruigheacha tábhachtacha a dhéanamh ar an ghléas sin—go h-áithrid sa mhéid go mbaineann sé le scrúduighthe do ranganna Lucht Ceirde.
I dtaca leis na ranganna atá ar siubhal faoi stiúradh na gCoistí Gairm-Oidis cuireadh ath-eagar ar an módh a bhí i bhféidhm go dtí seo chun cunntaisí do chur isteach fá lucht na rang agus fá n-a gcuid oibre; agus táthar ag súil go mbainfear eólas a bhéas fíor-úsáideach as an méid atá le rádh fá na gnaithe sa chéad Tuairise eile Chinn Bliadhna a fhoillseóchar ag an Roinn.
Comh fada a's is féidir é, ní leigfear cailín ar bith isteach feasta sa Scoil Tighis i gCill Áirne ach amháin Gaedhilgeóirí óga atá i n-a gCainnteóirí Dúthchais. De thairbhe an teagaisc a bhéarfar sa scoil sin táthar ag súil go mbéidh neart cailíní tighe agus cailíní aimsire eile le fagháil a mbéidh an Ghaedhilg go líomhtha beacht aca.
An bhliadhain seo a chuaidh thart, tháinig laghadú ar an méid páiste atáthar a choinneáil ins na Scoltacha Ceartúcháin agus ins na Scoltacha Saothair, rud nar thárla le dornán maith bliadhanta go dtí seo. Ar an 31adh de Mhí Iúil, 1932, bhí na páistí seo 6,768 ann, agus bhí siad 6,806 ann, ar an dáta chéadna de'n bhliadhain roimh ré. 12 dhuine an laghadú a tháinig ar lucht na Scoltacha Ceartúcháin, agus tháinig lucht na Scoltacha Saothair anuas fá 26 dhuine. Ach ní ar siocair níos lugha páiste bheith dá gcur chuig na scoltacha seo a tháinig an t-athrú. Tháinig sé ann ar an ádhbhar gur leigeadh a gceann le níos mó ná mar ba ghnáthach. I mliadhain a 1931-32, cuireadh 16 dhuine chuig na scoltacha seo de bharraidheacht ar an méid a cuireadh chuca an bhliadhain roimh ré. 981 a bhí siad ann go h-iomlán, agus chuaidh 954 aca chuig na Scoltacha Saothair agus 27 chuig na Scoltacha Ceartúcháin.
Tá an-chuid páiste ins na Scoltacha Saothair—barraidheacht, dá mbéadh neart air. Ach, ós a choinne sin, is cóir cuimhneamh ar seo: go dtáinig athrú, le tamall, ar an úsáid atáthar a bhaínt as na scoltacha seo. I n-áit bheith i n-a gcinéal de phríosúin ag páistí a gheibhthear cionntach i gcortha, is é an rud atá siad anois i n-a n-áruis ag páistí fíor-bhochta atá fágtha gan bhaile, gan mhuinntir. De'n méid páiste a cuireadh chuig na scoltacha seo i mbliadhain a 1931-2, rinneadh sin le beagnach a leath (48%) de thairbhe boichtíneachta, de réir mar cheaduigh Acht Leasúcháin bhliadhain a 1929. Ní tháinig ach 6% aca de thairbhe an Acht Freastail Scoile, agus ní tháinig 4% féin aca ar siocair earráideach a bhféadfaidhe cortha a thaibhairt ortha go fíor.
Le bliadhain thart, rinneadh iarracht le gléas níos fearr a chur ar fagháil ins na Scoltacha Saothair le h-aighaidh gnáth-oideachais na bpáiste atá ionnta. Na bainisteóirí atá ar scoltacha na ngirseach, thoiligh siad uilig leis an chomhairle a tugadh dóibh i n-a thaoibh seo, agus, amach ó thriúr, rinne bainisteóirí scoltacha na ngasúr mar an gcéadna. Tháinig de sin nach bhfuil oiread de obair láimhe agus bhíodh le déanamh ag na páistí, agus go bhfuil níos mó faille aca le h-aghaidh an ghnáthoideachais atá riachtanach.