Sara dtosnód ar chur síos a dhéanamh ar conus is dóich liom is ceart atharú beag a dhéanamh anso is ansúd i gcúrsaí oideachais sa tír seo ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do phoinnte a chuir an Teachta Antoine os ár gcóir. Dubhairt sé nách féidir do thuismitheoirí aon chabhair a thabhairt dá leanbhaí ag baile mar gheall ar gur nGaoluinn a deintear an chuid is mó den obair anois. Muna bhfuil d'argóint aige i gcoinne na Gaedhilge ach é sin is ana-lag an argóint atá aige. Más rud é ná fuil ar chumas a dtuismitheoirí cabhrú le n-a leanbhaí ins na ceachtanna is amhlaidh is fearr é, mar an leanbh a gheibheann an iomarca cabhrach ag baile tógann sé ró-bhog ar scoil é. Is ceart im' thuairim-se leigint don leanbh seasamh ar a bhonnaibh féin. Is fearrde a ragha sé chun cinn sa tsaol 'na dhiaidh sin. Sé dualgas na dtuismitheoirí ná féachaint chuige go ndéanfaidh na leanbhaí a gceachtanna d'fhoghluim agus ní hé a ndualgas na ceachtanna a dhéanamh dóibh.
Dheineas tagairt iné do thácht na brainnse sin, Stair na hEireann, ins na scoileanna, go mór mór na bun-scoileanna. Ba mhaith liom iniu béaloideas a mholadh dhóibh—é bheith d'fhiachaibh ar na múinteoirí scéalta agus sean-ráite, chó maith le hamhráintí, rabhcáin agus mar sin de a mhúineadh. Nuair adeirim scéalta ní scéalta suaracha ná fuil de bhlas ortha ach blas an Bhéarla atá i gceist agam, ach blódhanna béal-oidis a chuireann síos ar thréithe, ar nósanna agus ar imeachtaí na sean-daoine. Dar liom gur mhaith an tseift í chun aigne an scoláire do ghaolú agus deire a chur leis an réimh-chríonnacht meoin agus meanman san a chímíd i measc na n-óg. Ba cheart mar sin go mbeadh leabhra oiriúnacha béal-oideasa i lámhaibh na múinteoirí i dteannta scéalta, amhráintí, agus mar sin de a bheith de ghlan-mheabhair acu.
Anois cad mar gheall ar na feiscanna? Ní mór ná go bhfuilid dulta ar ceal. An bhféadfai aon cheangal a dhéanamh idir na scoileannaibh agus iad chun iad d'athbheochaint? Ar na múinteoiribh atá ár seasamh chuige sin, ach be chóir do Roinn an Oideachais aitheantas a thabhairt dóibh seo a dhéanfadh é; marc agus teisteas na scoile d'árdú dá réir. B'fhéidir go dtiocfádh leis na cigirí scol súil a choimeád ar chomórtaisíbh agus iomaíocht na scoláirí maidir le ceol, amhránuíocht, agallamha, drámaíocht agus mar sin de. D'árdóch san sprid agus mhéadóch sé dúthracht na leanbhaí ní ba mhó ná mar a déanfaí go deo le gnáth-obair na scoile. Do leanbhaíbh na n-árd-rang ba mhó a mholfainn drámaíocht. B'fhéidir go n-abrófaí nách ró mhaith a bheadh féith na drámaíochta i gcuid des na múinteoiríbh féin, ach ba cheart cúrsa dhi a thabhairt dóibh agus iad ins na coláistíbh oileamhna.
Is maith liom a chlos ón Aire go bhfuil feabhas ag teacht ar Cheárd-Oideachas ar fuaid na tíre mar nách mó ná leath-chuibhseach a bhí sé go nuige seo. Ní raibh mórán éilimh ag daoine air, mar tar éis lán-téarma a chaitheamh ag gabháil do ní raibh aon obair le fáil acu. B'fhéidir nach amhlaidh a bheadh an scéal i gceann cúpla blian eile. Chualamar ón Aire, leis, go bhfuiltear chun athruithe a dhéanamh ar Cheárd-Oideachas. Is maith san agus tá súil agam go mbeidh múineadh ceart na Gaedhilge ar cheann acu.
Dubhairt an tAire go rabhthas chun ceárd-scoileanna a thógaint ins an nGaoltacht. Luaidh sé Gaillimh agus mhol an Teachtaire Ó Diolúin, Tír Chonaill, ach táim se ag iarraidh air gan dearmhad a dhéanamh ar Ghaoltacht Chiarraighe, mar a bhfuil na mílte daoine óga ag imeacht díomhaoin agus a ghlacfadh le teasgasc ins na scoileanna san go cíocrach agus go fonnmhar.
An focal deireannach. B'fhéidir nár mhiste, le linn dúinn bheith ag cur síos ar an meastachán so, tagairt a dhéanamh do chúis na Gaedhilge i gcoitchinne. Níl aon amhras ach go bhfuil an teanga ag dul ar aghaidh go maith ins na scoileannaibh agus ins na coláistíbh agus molaimíd lucht a stiúrtha; ach ní leor san. Ní mór í thaghdadh níos treise agus níos dúthrachtaighe i mbrainnsíbh an Stáit ná mar atáthar. Cuige sin caithfear bheith níos déine ar iarrathóiríbh a bheidh ag dul fé scrúdú le haghaidh na bpost san, maidir leis an nGaoruinn, labhairt na Gaoluinne go mór-mhór. Tá dualgas mór ar an Eaglais leis. Obair beagnách in aistear dúinn-ne seadh bheith ag iarraidh an teanga a chur chun chinn ins na scoileannaibh muna dtugtar cothrom na féinne dhí i gcúrsaíbh Stáit agus Eaglais, go mór-mhór cúrsaí a bhaineas leis an nGaoltacht. Ba mhaith liom tagairt do rudaí áirithe maidir leis sin, ach b'fhéidir go mbeadh caoi eile agam air. Dálta an scéil ba cheart agus ba chuibhe dhúinn traoslú d'Easbóg Oirdheare Ráthbhoth i dtaobh a Leitir Charghaois a chur amach gach carghaos as Gaoluinn chom maith le has Béarla.