Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 Jun 1933

Vol. 47 No. 18

Ceisteanna.—Questions. Oral Answers. - Monarca Brat Urlar i dTir Chonaill.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh an feasach do gurbh éigean do Messrs. Morton an Monarca Brat Urlar a bhí aca i gCill Chártha i dTír Chonaill a dhruid siocair an achrainn faoi cháin agus táillí atá ar cois fá lathair idir an Saorstát agus Sasain; agus ós rud é go dtugadh an monarca so obair do thrí scór cailín as an Ghaeltacht an bhfuil scéim ar bith eile i n-a aigne ag an Aire a bhéarfadh gléas beó do na cailíní a caitheadh amach as obair.

Ní feasach do gurbh éigean do Messrs. Morton an Monarca Brat Urlár i gCill Chártha do dhúnadh mar gheall ar na nithe atá luaidhte agat.

Tá an cheist ar thuille oibre do chur ar fághail do na cailíníbh sa ceanntar seo fé scrúdú.

Top
Share