Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 1 Jun 1933

Vol. 47 No. 18

Ceisteanna.—Questions. Oral Answers. - Ceal Oibre i dTir Chonaill.

D'fhiafruigh

den Aire Tionnscail agus Tráchtála (1) an bhfuil fhios aige go bhfuil cuid mhór fear díomhaoin ceal oibre i nGaedhealtacht Thír Chonaill fá láthair; (2) an bhfuil siad seo uilig cláruighthe mar "Unemployed" agus cá mhéad aca tá ann; (3) an bhfuil fhios aige go dtéigheadh cuid mhór aca sin anonn go hAlbain gach bliadhain i rith an tSamhraidh agus an Fhoghmhair le saothrú a dhéanamh a choinneodh beó iad fhéin agus a gcuid teaghlach i rith an Gheimhridh agus an Earraigh; (4) an bhfuil fhios aige nach bhfuil iarraidh ar bith thall i mbliadhna ortha agus go mb'éigean do'n mhuinntir a d'imthigh pilleadh ar ais ceal oibre siocair an chlampair atá ar siubhal thall i n-éadan obair a thabhairt do Eireannaigh; agus (5) an mbeidh sé toilteanach cúiteamh éigin speisialta, i bhfuirm oibre má's féidir é, a sholáthar dóibh i rith an tSamhraidh agus an Fhoghmhair seo chugainn.

An tAire Oideachais (thar cheann an Aire Tionnscail agus Tráchtála)

Níorbh fhéidir, san am o fuaireas fógra i dtaobh na ceiste seo, an t-eólas d'fháil a chuirfeadh ar mo chumas freagra iomlán do thabhairt uaim. Tá fiosruithe á gcur ar siúl agam agus nuair a bheidh an toradh agam cloisfidh an Teachta uaim.

Top
Share