Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Jun 1933

Vol. 48 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Coimisineiri Speisialta le haghaidh na Gaedhealtachta.

D'fhiafruigh

den Aire Tailte agus Iascaigh (1) cá fhad ó ceapadh na Coimisinéirí Speisialta le haghaidh na Gaedhealtachta; (2) cad iad na téarmaí tagartha a tugadh dóibh nuair a ceapadh iad; (3) cá huair atá an tAire ag súil le cunntas iomlán uatha fá'n obair a hiarradh ortha a dhéanamh.

(1). An triocha lá Bealtaine, naoi gcéad déag, triocha 's a dó.

(2). Chun obair thionnsclach sa Gaeltacht do bhreathnú agus comhairle a thabhairt 'na taobh agus faoi na leathnú.

(3). Tá an tuairisg ghá scrí ag na Cigirí fá láthair agus ba chóir go mbeadh sé críochnuithe taobh istigh de chúpla seachtmhain.

Top
Share