Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 Nov 1933

Vol. 50 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - An Ghaedhilic in Obair an Rialtais.

D'fhiafruigh

den Aire Airgid, os rud é gur mhol Coimisiún na Gaeltachta (1926)— leathanach 61 Alt 30 (b)—gur ceart gan scriobhadh acht i nGaedhilic ó oifigí an Rialtais chuig oifigeach san Ghaeltacht a bhfuil an Ghaedhilic aige, an abrochaidh an tAire cia méid de na Ranna a bhfuil an moladh so 'á chóimhlíonadh ionnta; agus mura gcóimhlíontar é i Ranna áirithe cad is fáth leis sin no caidé an deacracht a bhaineas le n-a chóimhlíonadh.

Do réir na ráiteas atá faighte agam ós na Ranna uile tá an moladh dá dtagartar sa Cheist á chur i bhfeidhm sa mhéid gur féidir é do réir an mhéid eolais atá ag fóirne na Seirbhíse ar a nGaedhilg agus do réir cúrsaí a có-ghléasadh. Is féidir a rá, dá bhrí sin, go bhfuil oiread éifeachta á tabhairt don mholadh agus a lomhálfaidh cúrsaí na Seirbhíse a thabhairt do. Tuigfear go bhfuil úsáid na Gaedhilge i ngnó puiblí ag brath ar an slí is fearr chun na hoibre sna ceann-oifigí do roinnt. Mara bhfuil eolas maith ar an nGaedhilg ag na hoifigigh uile de sna grádanna go léir, i mBrainse no i Rannóig de Roinn, a bhíonn ag deighleáil le hobair na Brainse sin ni fhéadfaí an gnó ar fad do dhéanamh as Gaedhilg. Tá an deacracht san á réiteach sa mhéid gur féidir é tré oifigigh go bhfuil a ndóthain Gaedhilge acu do cheapadh go speisialta chun Brainsí no Rannóga ina bhfuil san oiriúnach. Ní féidir so do dhéanamh, ámhthach, ach i ndiaidh ar ndiaidh ós rud é nách leor a bhfuil ann fé láthair d'oifigigh ag á bhfuil taithí ar obair na Stát-Sheirbhise agus ag á bhfuil leor-eolas ar an nGaedhilg. Mar is eol don Teachta, isé an gnás ó tosnuíodh ar Sheirbhís an tSaorstáit, ná gan éinne do ghlacadh isteach sa tSeirbhís sin, da mb'fhéidir in aon chor é, na beadh eolas aige ar an nGaedhilg, agus féachtar chuige go mbeidh ar an daoine ag a bhfuil an t-eolas san cur leis tar éis dóibh teacht isteach sa tSeirbhís. Tá oifigigh a ceapadh ar mholadh Choimisiún na Stát-Sheirbhísé iontoghtha cheana féin chun céimeanna níos aoirde agus sa tslí seo táthar ag dul chun cinn i ndiaidh a chéile maidir leis an gcuspóir atá luaidhte i moladh Choimisiún na Gaeltachta do thabhairt chun críche. Braitheann an dul chun cinn sin, ámhthach, ní hamháin ar na cúrsaí dá bhfuil tagairt deanta agam ach fós ar an méid post a bheidh follamh agus in ar féidir an Ghaedhilg d'úsáid agus, dá bhrí sin, ní féadfar a rá go deimhnitheach, go ceann tamaill eile, go bhfuiltear ag déanamh do réir an mholta.

An bhfuil fios ag an Aire gur shocruigh Bord Sláinte Puiblí sa Gaillimh a gcuid oibre le Aireacht Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí do dheanamh tre nGaoluinn ar fad agus an bhfuil aon nidh deanta ag an Aire chun an rún san do chur i bhfeidhm?

Ceist eile é sin.

Has the Minister been attending the Republican Irish classes in Mountjoy?

Top
Share