Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 21 Mar 1934

Vol. 51 No. 10

In Committee on Finance. - Vote 46—Primary Education.

Tairigim:

Go ndeontar suim ná raghaidh thar £2,333,430 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1935, chun Costaisí Bun-Oideachais, maraon le hAoisliúntaisí Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.

That a sum not exceeding £2,33,430 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1935, for the Expenses of Primary Education, including National School Teachers' Superannuation, etc.

Tá cóir ceaptha, den chéad uar, san Meastachán seo, chun pinsin múinteoirí d'íoc as Airgead Vótálta (Mircheann D—£371,500). D'íoctaí na pinsin sen roimhe seo as Cisteneamhvótálta. D'aontuigh an t-Oireachtas leis an socrú nua seo i dtaobh Scéim Aoisliúntais Múinteoirí na Scol Náisiúnta, 1934.

Tá dul ar aghaidh seasmhach déanta ar shlighte áirithe i gcúrsaí oideachais sa Roinn seo agam-sa ó suathadh ceist na Meastachán i nDáil Eireann cheana. Tá an tinnreamh níos aoirde anois i ngach aon tsórt scoile, idir Bun-Scoil Meán-Scoil agus Ceárd-Scoil, ná mar bhí riamh. Tá Cathair Chorcaighe, mar is gnáthach, i dtosach céime agus 87.5 per cent. de mheán-tinnreamh aici; tá Conntae Chorcaighe go dlúth le n-a sálaibh agus 87 per cent. aige; agus ní mór de thosach atá aca ar Chonntaethe Ceatharloch agus Cill Choinnigh, ar Chathair Phortláirge agus ar Chonntaethe Portláirge agus Loch gCarman. Dá aiteacht é is fearr an freastal a rinneadh i scolta Chonntae Bhaile Átha Cliath ná sa bpríomh-chathair, áit nach raibh de mheán-tinnreamh ach 85.6 per cent. cé go raibh 85 per cent. de mheán-tinnreamh sa Saor-Stát go huile idir bailte móra agus ceanntair iargcúlta tuaithe.

Maidir le cúrsaí oideachais tar éis na mBún-Scol tá 1,300 de bhreis tinnrimh sna Meán-Scolta, agus gairid do 1,300 de mhéadú ar uimhir na scoláir í i Scolta lán-aimseardha Leanamhna. Do réir tinnrimh na Scol Leanamhna tá gairid do leath-mhilliún de bhreis ar uairibh tinnrimh na scol sin fá'n dtuaith, agus níos mó ná ceathramha milliúin i gceanntair na mbaile, i gcomparáid leis an mbliadhain roimhe seo. Cé go dtáining laghdú ar thinnreamh na bhfíor-Cheárd-Scol ag na Gearr-Chúrsaí Tuaithe bhí níos mó ná trí ceathramha milliúin de bhreis ar uairibh tinnrimh na scol sin i gcomparáid leis an mbliadhain roimhe seo. Sé fáth atá leis sin ná an méadú a rinneadh ar na lán-chúrsaí teagaisc agus an méadú an-mhór a tháining ar an dtinnreamh ag na ranganna lán-lae. Is féidir a rádh, dá bhíthin sin, i dtaobh an tinnrimh go bhfuiltear ag dul chun cinn go maith i ngach aon tsórt scoile.

Maidir le cóir agus feisteas na scol, ámh, níl an scéal chomh sásamhail sin againn. Don chéad dul síos tá an fhaillighe a rinneadh le cúig bliadhna fichead 'na hiarlais orainn, agus tá an scéal ag dul i n-olcas do réir mar atá an tinnreamh ag dul i líonmhaire. Is insna cathrachaibh is mó airighthear ceal córach agus slighe, mar níl an scéal go maith i n-aon chor aca. Is maith liom é bheith le rádh agam, ámhthach, go bhfuil iarracht fheidhmeamhail á déanamh chun na heasbaí do leigheas. Le linn na scoil-bhliadhna 1932-33 do caitheadh £65,000 ar bhunscolta nua agus ar aith-dhéanamh cuid eile. Measaim go gcaithfear isteach is amach le £100,000 i rith na bliadhna airgeadais atá anois ann, agus suas le £120,000, sna bliadhanta atá rómhainn. Do caitheadh roinnt mhór airgid, freisin, chun Ceárd-Scolta agus Gairm-Scolta do sholáthar do Choistí Gairm-Oideachais.

Ní raibh oiread múinteoirí Bun-Oideachais ar fagháil ó Choláistí Oileamhna na mban agus bhí ag teastáil sna scolta, agus tá modh fá chomhairle againn chun a n-uimhir sin do mhéadú. Tá a mhalairt de scéal againn i dtaobh na bhfear, ámh; bhí beagán de bhreis agus ár ndóthain fear againn, i dtreo agus gurbh éigean dúinn baint d'uimhir na n-oileamhnach. Tá feabhas mór tagtha ar cháilidheacht an aos léighinn a glactar isteach sna Coláistí Oileamhna, agus is é fáth atá leis sin ná an t-árdú a rinneadh ar an gcaighdeán ionadachta, fothú na gColáistí Ullmhucháin agus an córas nua scoláir oideachais do ceapadh do chailíní.

Fé mar is guáth rug scoláirí na gColáistí Ullmhúcháin an chraobh leo ag scrúduighthe na Meán-Scol. D'éirigh leo sin agus le scoláirí na Meán-Scol mór bhFíor-Ghaedhealach formhór d'onóir na scrúduighthe do ghabháil eatortha—agus sin cruthamhnas eile againn go bhfuil an Ghaedhilg oireamhach, mar mhodh mhúinte, do riachtanaisí uile na scolaidheachta. Ba mhaith liom, sul a scarainn leis na Coláistí Ullmhucháin mí-thuigsint atá go han-choitcheann ar dhaoine (mar shaoilim) i dtaobh na bhfolamhantaisí atá i n-áirithe do scoláirí ón bhFíor-Ghaedhealtacht do scaipeadh. Is ró-mhinic adéartar, le déannaighe go gcoimeádtar 80 per cent. de na folamhantaisí sna Coláistí Oileamhna do bhuachaillí agus do chailíní ón bhFíor-Ghaedhealtacht. 'Sé fírinne an scéil ach ná coimeádtar fiú 20 per cent. de na folamhantaisí sna Coláistí Oileamhna do bhuachaillí agus do chailíní ón bhFíor-Ghaedhealtacht. Is fíor go bhfuil 40 per cent. de na folamhantaisí sna Coláistí Ullmhucháin i n-áirithe do scoláirí ón bhFíor-Ghaedhealtacht ach ó thárla nach bhfaightear ó na Coláistí Ullmhucháin ach níos lugha ná an tríomhadh cuid de na scoláirí a mbíonn ionad dóibh sna Coláistí Oileamhna fágann san nach bhfuil sa 40 per cent. d'fholamhantaisí i n-áirithe sna Coláistí Ullmhucháin ach níos lugha ná trian den 40 per cent. sna Coláistí Oileamhna; sé sin timcheall le 13 per cent. de na folamhantaisí a bhíonn i n-áirithe sna Coláistí Oileamhna do scoláirí ón bhFíor-Ghaedhealtacht. 'Na theannta sin tá 20 per cent. de na folamhantaisí sna Coláistí Ullmhucháin i n-áirithe do scoláirí ón bhFíor-Ghaedhealtacht agus ón mBreac-Ghaedhealtacht agus is ionann sin nó 6 per cent., nó mar sin, de na folamhantaisí sna Coláistí Oileamhna; sé sin go bhfuil 19 per cent. d'fholamhantaisí na gColáistí Oileamhna—nó níos lugha ná an cúigmheadh cuid—i n-áirithe d'iarrthóirí ó cheanntair na Gaedhealtachta go huile. Ní meastar go bhfuil an méid sin ró mhór mar tá an seismhadh cuid de dhaonradh na tíre sa nGaedhealtacht. Is fíor go bhfuil 20 per cent. de na hionaid sna Coláistí Ullmhucháin i n-áirithe d'iomaidhtheoirí a gheibheann 85 per cent. i n-urlabhra na Gaedhilge, ach tá cead ag scoláirí ó gach ceanntar iomaidheacht do dhéanamh do na folamhantaisí sin; agus ar ndóigh is é is lugha is gann dúinn súil do bheith againn go bhféadfadh iarrthóirí a chuireas rómpa iomlán a gcuid oibre do dhéanamh tríd an nGaedhilg 85 per cent. do ghnóthú i n-urlabhra na teangan ag an scrúdú ionadachta.

Is áthas liom a rádh go bhfuil méadú mór ar uimhir na n-iarrthóirí ó na ceanntair fhíor-Ghaedhealacha ó thugamar cabhair airgid do bhuachaillí agus do chailíní na gceanntar sin chun a chur ar gcumas dá dtuismidhtheoirí iad do chur chun na gColáistí Ullmhucháin agus iad do chongbháil ionnta. Is áthas liom, freisin, go bhfuil na tuarascbhála gheibhtear ó na coláistí ar shaothar na scoláirí sin go han-tsásamhail. Tá súil againn go mbeidh staid na Gaedhilge abhfad níos fearr sna scolta ar ball nuair bheidh bun maith de na cainnteoirí dúthchais seo ag gabháil d'obair na múinteoireachta. Ach maidir le staid na Gaedhilge sna Bun-Scolta i láthair na huaire ní féidir liom a rádh go bhfuilim sásta leis. Níl ach aon scoil amháin fán gcéad díobh, taobh amuigh den Fhíor—Ghaedhealtacht, ag múineadh iomlán na n-ádhbhar tríd an sin ar dheich mbliadhna de dhlúthshaothar, agus is cóir fiosruighe 'na thaobh do chur ar bun. Tá breis agus caoga scol againn i gceanntair abhfad ón nGaedhealtacht, agus gan i gcuid aca ach scolta tuaithe agus gan ionnta ach beirt mhúinteoirí, agus deineann siad iomlán a gcuid oibre tríd an nGaedhilg agus deineann siad go sár-mhaith í. Deallruigheann sé sin nach bhfuil aon nídh sa Chlár Oibre a bhacfadh ar scolta eile an rud céadna do dhéanamh, go mór mór anois agus an Teastas Dhá-Theangach ag oiread sin de na múinteoirí. Maidir le múineadh na ngnáth-ádhbhar —taobh amuigh de cheist na Gaedhilge ar fad—tá a thoradh sásmhail go leor i ngach cás ach amháin an Tuaith-Eolaidheacht agus an Mhatamaitic, agus ní fheicim go bhfuil mórán dul ar aghaidh á dhéanamh leo sin.

Sul a scaraidh mé leis na Bun-Scolta ba mhaith liom airdheanna áirithe inspéise dár gcóras oideachais atá dá saothrú againn le roinnt bhliadhain anuas do chur fá nbhur n-aire. Ceann díobh sin is eadh an tsraith de chuirmeacha ceoil a tugtar saor do leanbhaí na Scol Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. A bhuidheachas sin againn ar Cholonel Brase; do thosnuigh sé ar na cuirmeacha sin anuraidh agus do lean díobh imbliadhna, agus thug Priomh-Bhuidhean Cheoil an Airm, fá stiúradh phearsanta an Cholonel, dhá chuirm ceoil gach seachtain i rith an gheimhridh do na leanbhaí scoile. Is cinnte go n-árdóchaidh sé sin caighdeán an cheoil agus go rachaidh sé chun leasa go mór do. Forfhás inspéise eile is eadh an fheidhm a baintear as oilteacht Mhúinteoirí an Airm chun lán-chúrsaí lúth-chleasaidheachta do thabhairt do scoláirí sna Coláistí Ullmhucháin agus sna Coláistí Oileamhna, agus do mhúinteoirí scoile atá ar feadhmannas i n-áiteacha mar a bhfuil suidhe Airm. I dteannta an fhorfháis sin sna Scolta Náisiúnta tá forfhás seasmhach ag teacht ar lúth-chleasaidheacht sna scolta atá fá chúram Coistí an Ghairm-Oideachais ó cuireadh Cúrsa Samhraidh ar bun do mhúinteoirí san Iúl seo ghabh tharainn.

Is é mo thuairim nach gcuirtear ceart suime i lúth-chleasaidheacht sa tír seo, ach tá súil agam, de thoradh an fhorfháis nua seo go bhfaghaidh sí a hionad cóir feasta i n-oideachas na hEireann. Forfhás inspéise eile i gcúrsaí oideachais is eadh an scéim do ceapadh chun deontas beag bliadhantamhail do thabhairt do gach teaghlach sa nGeadhealtacht ar son gach leinbh a bhfuil ar a chumas an Ghaedhilg do labhairt go bríoghmhar agus go nádúrtha de bharr í bheith da ghnáth-labhairt sa mbaile. Tá súil agam go mbeidh de dheagh-thoradh ar an scéim seo nach amháin go gcoimeádfar an Ghaedhilg 'na beathaidh i dteaghlacha na Gaedhealtachta agus na Breac-Ghaedhealtachta ach go gcuirfear oiread san de bhorradh agus de lúth innti go leathfar amach thar teoranna na gceanntar sin í.

Is iad an dá nídh is inspéise le rádh i dtaobh an Mheán-Oideachais ná (1) an bhreis atá tagtha ar uimhir na scoláirí atá freastal na Meán-Scol, agus (2) an leathnú atá tagtha ar an nGaedhilg mar mhodh múinte sna scolta sin. Bhí beagán níos mó ná 20,000 (20,509) scoláire sna Meán-Scolta sa mbliadhain 1921-22; do méaduigheadh ar an uimhir sin sa mbliadhain 1933-34 go 32,382; sin 57 per cent. de bhreis tinnrimh. Tháinig an bhreis tinnrimh sin cothrom go leor i n-aghaidh na bliadhna agus ní móide go bhfuil barr a fháis sroichte go fóill, mar is mó an bharraidheacht atá ag an mbliadhain seo (1933-34) ar an mbliadhain anuraidh (1,316) ná mar bhí ag aon bhliadhain le déannaighe ar an mbliadhain a ghabh roimpi.

Tá úsáid na Gaedhilge mar mhodh múinte sna Meán-Scolta ag dul i leithne go seasmhach le deich mbliadhna, ach is le dhá bhliadhain anuas a rinneadh an dul ar aghaidh is mó. Bhí 34 scoil i Rang A (i scolta gnáth-labhartha Gaedhilge) sa mbliadhain 1931-32; do mhéaduigh an uimhir sin go 47 sa mbliadhain 1932-33, agus tá 60 scoil ag iarraidh cead teacht isteach sa rang seo i mbliadhna. Do chuaidh uimhir na scol a bhí i Rang B (i scolta 'na ndéantar cuid den teagase tríd an nGaedhilg), do chuaidh uimhir na scol sin i méid ó 71 sa mbliadhain 1931-32 go 78 sa mbliadhain 1932-33 agus go 113 i mbliana. Tá 314 de Mheán-Scolta ann i láthair na huaire, agus is soiléir le tuigsint gurb í an Ghaedhilg an ghnáth-theanga teagaisc i 19 per cent. den uimhir sin, agus go ndéantar cuid den teagase trid an nGaedhilg i 55 per cent. Is fuiris feabhas agus rathmhaireacht na múinteoireachta a déantar tríd an nGaedhilg sna scolta sin do mheas ó thortha foillsighthe na Scrúduighthe Teastais. Do fiafruigheadh díom anuraidh cia an dul ar aghaidh a bhí déanta leis an dtionnscnamh a bhí fá chomhairle le tamall chun Bun-Chúrsaí i dTeangthaibh an Lae Indiu do chur ar bun. Tá glactha leis an dtionnscnamh sin anois, agus tá Bun-Chúrsaí ar na Cláir Oibre do na teangtha seo: Gaedhilg, Béarla, Frainncis, Gearmáinis, agus d'Eolaidheacht agus do Mhatamaitic i scolta na gcailíní.

Do rinneadh tagairt annso, breis agus aon uair amháin le linn Meastacháin an Oideachais do bheith fá dhíospóireacht, do cheachtanna sa mbaile, agus dubhradh go raibh an iomarca ullmhucháin agus obair phinn le déanamh ag baile um thráthnóna ag scoláirí na Meán-Scol. Do chuir mé an nídh sin dá ghéar-scrúdú, agus táthar tar éis cearcallach do chur amach chuig na scolta anois ina dtugtar cómhairle dhóibh ar cia an sórt oibre agus cia an méid oibre ar chóir dóibh súil do bheith aca go ndéanfadh scoláirí ag baile é. Tá súil agam go gcuirfidh an cearcallach sin deire le n-a raibh de chúrsaí gearáin ag daoinibh.

Tá tuarascbháil mhaith agam le cur ós bhur gcómhair i dtaobh an Oideachais Leanamhna agus an Cheárd-Oideachais. Do lean Coistí an Ghairm-Oideachais go dlúth, le bliadhain anuas, den chóras forfháis a bunuigheadh fán Acht nua sa mbliadhain 1931-32. Is léir ón gcuma 'nar éirigh le n-a n-iarrachtaí ó thús go raibh an-éileamh ar an Oideachas Leanamhna ag daoine óga a bhí tar éis na Bun-Scolta d'fhágháil agus a bhí ag feitheamh le hobair, agus go raibh an t-éileamh céadna ar Cheárd-Oideachas i Ranga Lae agus Tráthnóna. Bhí práinn mhór le méadú na scol a bhí ann cheana agus le tighthe nua do thógáil sna ceanntair a bhí 'na ngábha. Do chruinnigh na Coistí uile, nach mór, tuille airgid chun foirne múinteoireachta d'fhostú. Do foscladh áruis nua 'na bhfuarthas feisteas sealadach; agus do ceapadh córais i ngach Conntae, nach mór, chun áruis feileamhnacha a mbéadh buaine ionnta do sholáthar.

Ní tháinig aon laghdú ar an mborradh ionganatach a bhí ar an obair leanamhna úd i gceanntair tuaithe, ar ar tráchtadh i bhfaisnéis na bliadhna anuraidh. Do hoibrigheadh i mbun-áiteacha sna Conntaethe uile agus baineadh triail as cúrsaí éagsamhla. Tugadh ceart ionaid i ngach cúrsa d'ádhbhair a bhfuil dlúthbhaint aca le saoghal agus le hobair feirmeoireachta, ach níorbh fhéidir saothar do dhéanamh dá réir sin toise a dheacracht a bhí sé múinteoirí Tuaith-Eolaidheachta d'fhagháil, agus ceal córach agus feistis chun ádhbhair fheidhmeamhla do mhúineadh, agus toisc a chostasamhlacht a bhéadh se múinteoirí de gach samhail do thabhairt go háiteacha iargcúlta. Bhí aon chúrsa amháin, ámh, saor ó na heasbaí sin. Cúrsa speisialta i dTigheas do chailíní dob eadh é sin, agus bhí sé fá chúram Ban-Mhúinteoir Tighis. D'fhan sí sa gceanntar i bhfeighil na hoibre i gcómhnaidhe, agus bhí sí admhálach san teagase go léir, nó i n-urmhór de. Bíonn Cócaireacht, Obair Fuaghála, Obair Nigheacháin, Obair Tighis, Sláint - Eolaidheacht agus Réamh-Fhóirithin, Cunntaisí Tighis agus Cóimhfhreagartas ar chlár chúrsa dá leithéid sin. B'uras a mheas, ón áirdtinnreamh a bhí ag an gcúrsa sin gur thaitnigh na hádhbhair sin leis na cailíní i gcoitchinne, agus tá súil againn go gcuirfear mórán eile de chúrsaí mar é ar bun do chailíní sna ceanntair tuaithe.

Tá roinnt éigin de mhí-thuigsint ar dhaoinibh i dtaobh Fíor-Oideachais Cheárdamhla agus ba mhaith liom í scaipeadh dhíobh. Déantar beachtaidheacht ó am go ham a theasbáineas go bhfuil mí-thuigsint ar dhaoinibh i dtaobh an coibhneasa atá ag CeárdOideachas agus ag Tiúscal le n-a céile. Is é an gearán is minicí a cloistear ach nach mbíonn sé ar gcumas do na Ceárd-Scolta daoine lán-oilte i gcúrsaí speisialta i gcómhair tiúscail nua do chur ar fagháil nuair bhíonn gábha leo, ná i gcómhair seantiúscail a fhorbas ar obainne. B'fhéidir gur ceart dam an fheidhm atá le Ceárd-Oideachas i gcómhair Tiúscail do léiriú go beacht agus sampla do thabhairt daoibh ar an gcuma 'nar féidir an fheidhm sin do chur i gcrích.

Tá dhá phrímh-fheidhm le Céard-Oideachas—(a) aosóga d'oileamhaint d'obair speisialta; (b) feabhas agus slacht do chur ar shaothar na ndaoine a bhíos ag obair cheana agus tuille eoluis do thabhairt dóibh. Chun an chéad fheidhm díobh sin do bhaint amach cuireann na hoidí a bhíos i bhfeighil na scol cuspóirí deimhneacha gnótha rómpa. Ní oileann siad dreamanna de dhaoinibh óga chun bheith 'na saoir luadha, 'na ndéantóirí uaireadóirí, 'na mná fuaghála, 'na n-innealltóirí agus ná ngréasaidhthe gach bliadhain i ndiaidh a chéile, ach oiread agus leanfadh an bhean fuaghála de dhéanamh culaithirtí nó an gréasaidhe de dhéanamh bróg gan cuimhneamh ar bith ar an margadh. Nuair bhíonn cúrsaí speisialta ar siubhal i gCeárd-Scolta bíonn súil anáirde ag an lucht ceannais le hionchas go bhfaighfí na scoláirí do chur i gcrích, agus na sean-scoláirí mar aon leo; agus déantar beart dá réir sin. Do ghníd a ndícheall i gcomhnaidhe chun daoine lán-oilte do bheith ar ullmhacht aca i gcómhair ghnótha agus tiúscail, ach ní féidir leo daoine lán-oilte do chur ar fagháil ar an bpoinnte boise d'fhorfhás nua gnótha. Nuair nach mbíonn éileamh deimhneach ar cheárdaibh áirithe ní féidir le lucht ceannais na scol a dhéanamh ach na scoláirí do chur i n-órd do réir gharma, agus a oiread sin de réamhoileamhaint do thabhairt dóibh agus a chuirfeadh ar thóir bhuan-oibre iad 'na mbéadh suim aca agus fonn ortha feabhas do chur ar a saothar. Nuair bhíonn na mic léighinn gabhtha le saothar oibre bíonn ar gcumas do na scolta an dara cuspóir do chómhlíonadh agus cabhair do thabhairt don aos foghluma ar bheith sár-oilte ar a gcéird.

Mar shampla ar an bhfeidhmiú ba chuibhe do Cheárd-Scoil do dhéanamh do Thiúscal glacaimís cás Monarchan Bróg do cuireadh ar bun i gceanntar bhaile mhóir le linn an tséasúir seo atá caithte. Ní raibh feisteas go leor i maighne na scoile chun cúrsa lán-aimseardha a bheadh lán-fheileamhnach don mhonarchain nua do chur ar siubhal, agus ní raibh sé ar acfuinn do lucht ceannais na scoile an mórsháslach a bhí ag teastáil uatha do cheannach. Do ceapadh cúrsa oibre lae agus tráthnóna; rinneadh an ghnáth-obair um ló sa scoil, agus tugadh teagase sa mónarchain um thráthnóna do na macaibh léighinn, agus cleachtadh ar na hinnill fá chúram agus fá stiúradh maor áirithe a cheap bainisteoirí na monarchan don obair sin. 'Sé tháinig den chómhar sin ach go bhfuil bun mór de na foghlaimeóirí ag obair sa monarchain i láthair na huaire seo.

Maidir le héifeacht an teagaisc a déantar fá chúram Coistí an Ghairm-Oideachais is féidir é idirdhealú 'na thrí rannaibh: (1) teagase ar ádhbhair cheárdamhla um thráthnóna d'fhoghlaimeoirí ó sé bliadhna déag go cúig bliadhna fichead d'aois; (2) teagase ar ádhbhair fheidhmeamhla, cleachtadh ar uirlisí agus ar ghléasradh éagsamhail do dhaoine óga um ló; agus (3) teagase ar "Ghnáth-Ádhbhair Leanamhna" don bhuidhin chéadna. Tá feabhas seasmhach ag teacht ar chríochnamhlacht an teagaise a déantar um thráthnóna. Is móide an feabhas sin uimhir na mbuidhean do dhul i laighead agus a ngnéithe do dhul i gcosmhalacht, rud a thárla ó bunuigheadh go foirleitheadach buidheanta lae de ghnéithibh éagsamhla i gcóir daoine a bhí gan obair. Tá laghdú mór ar uimhir na ndaoine atá díomhaoin agus ortha san atá ag gabháil d'obair nach bhfuil comh-bhaint aige le ádhbhar an teagaisc; agus tá de thoradh air sin gur féidir leis an múinteoir a shaothar do stiúradh ar fhaid bhealaigh speisialta, agus fós breis cúraim do dhéanamh de gach scoláire fá leith— mar gheall ar an laghdú ar uimhir na scoláirí sa mbuidhin. Dírighthear an teagasc anois ar scoláirí géar-thuigsionacha stuamdha; agus ní foláir an teagasc sin do chongbháil ar chothrom árd feasta, mar muna ndeintí amhlaidh do thréigfeadh na scoláirí an rang agus do thuitfeadh sé as a chéile.

Múintear na hádhbhair fheidheamhla go maith do na scoláirí lae. Na hoidí go bhfuil Obair Adhmaid, Obair Mhiotail agus Tigheas á múineadh aca is gnáthach iad go héifeachtach agus spéis aca 'na n-adhbhair féin. Cuireann siad spéis ins na gasraí de dhaoine óga a bhíonn fá n-a gcúram, daoine ná raibh aon taithighe aca ar oibríu úirlis go dtí tosach na ranganna agus gur féidir an feabhas a thagann ar a gcuid oibre a bhreathnú agus a thriáil ó sheachtmhain go seachtmhain. Sompla an-mhaith den obair sin seadh na cúrsaí leanamhna lae 'na dtugtar ceachtanna speisialta ar Thigheas. Bíonn gasra cailíní fá chúram an mhúinteora ó cheann ceann an tseiseoin agus ní h-é amháin gur féidir léi chuile short tigheas a mhúineadh dóibh ach bíonn caoi aici ar dheagh-nosanna a raghaidh chun leasa dhóibh a mhúineadh dhóibh freisin. Sin mar a déantar sna ranganna sin de ghnáth agus is mór an chreideamhaint do na múinteoirí é.

Ba mhaith liom cupla focal a rádh i dtaobh árdú an aois scurtha. I rith an tseiseoin seo caithte is minic a moladh do mhuintir na Roinne cur leis an tréimhse scolaidheachta atá ceangailte ar gach scoláire do réir dlighe. Ceithre bliadhna déag an aois a chaithfidh scoláire bheith aige sara bhfágfaidh sé an scoil do réir Acht Tinnrimh Scoile 1926. Sin é an gnáth-dlighe a cuirtear i bhfeidhm i dtíorthaibh na hEorpa. Do réir Achtanna Oideachais na Breataine Móire agus an tSaorstáit d'fhéadfaí an teora aoise sin d'árdú go sé bliadhna déag agus na scoláirí do chongbháil i scolta lán-aimseardha nó páirt-aimseardha. Ach is fíor-annamh a rinneadh a leithéid go dtí seo.

Ní furasta a thógaint orainn féin scolaidheacht fheileamhnach a sholáthar do chuile dhuine óg sa tír atá fá bhun sé bliadhna déag d'aois. Tá deacrachtaí sa scéal ó thaobh na scolaidheachta agus ó thaobh an chostais. Caithfí oideachas speisialta a thabhairt do na daoine óga sin— oideachas d'fheilfeadh don aibeamhlacht intinne a bhaineann leo. Níor chóir iad do chongbháil ar scoil ar feadh dhá blian breise muna bhféadfaidís dul chun cinn dá réir. Níor mhór teagase speisialta a thabhairt dóibh thar mar a tugtar sa ghnáthphríomh-scoil agus bhéadh breis foirne agus feistis ag teastáil chuige sin. Ní hé amháin, dá bhrigh sin, go gcaithfí costas an bhreis tinnrimh do ghlanadh, ach caithfí teagase feileamhnach a sholáthar do na scoláirí sin—rud is costasamhla go mór.

Mar sin féin is iomdha tír 'na bhfuiltear ag lorg an teora aoise nua agus á lorg go dian. Táthar á éileamh i mbailte móra tiúscail na Breataine Móire agus á iarraidh ar na Búird Oideachais feidhm do bhaint as na comhachta atá aca fá na hAchtannaibh Oideachais. Deallruigheann an scéal nach é an bhreis teagase ar fad atá ó na daoine sin ach táid an-mhí-shásta toise na sluaighte móra daoine óga bheith díomhaoin ar fágaint na scoile dhóibh. Ar an dtaobh eile den scéal tá tiúscail áirithe ann a fhostuigheann go leor daoine óga den tsórt sin ach níltear sásta leis an bhfostú sin mar is baoghalach go mbainfidh sé obair de na daoine fásta. Do réir deallraimh ní mó an spéis a cuirtear i n-árdú an aois scurtha agus san oideachas ná mar a cuirtear i n-árdú an aois fostuighthe agus i laghdú uimhir na ndaoine a gcaithtear obair a sholáthar dóibh.

Is achrannach an cheist é agus táthar tar éis é chur i gcómhairle Coisde Eadar-Rannach. Seo iad téarmaí tagartha an Choisde:

Ceist an tinnrimh éigeantaigh do bhreathnú féachaint ar chóir an aois scurtha d'árdú ó cheithre bliadhna déag go sé bliadhna déag agus tuarascbháil a chur chuig an Aire ar na pointí seo:—

(1) An rud fóghanta an t-árdú san ó thaobh an toradh economuíochta a bhéadh air, ó thaobh fostú na ndaoine óga sin in Obair Thiúscail agus Talamhaidheachta, ó thaobh an bhaint atá ag an bhfostú sin le fostú daoine fásta, agus ó thaobh costais an bhreis scolaidheachta sin.

(2) Má's fóghanta an nídh é an ceart an tinnreamh sin do chur i bhfeidhm tré Alt 24 den Acht Tinnrimh Scoile nó tré chuid a V d'Acht an Ghairm-Oideachais.

(3) An méid is infheadhma comhachta an dá alt sin.

Daoine ón Roinn Oideachais, ón Roinn Talmhaidheachta, ón Roinn Tiúscail agus Tráchtála, ón Roinn Rialtais Áitiúla, agus ón Roinn Airgid atá ar an gCoisde agus thosuigheadar ar an dtaighdeadh i dtús na Márta, 1934.

An t-aon rud amháin eile gur mhaith liom trácht air cúrsaí, oileamhna na múinteoirí. On uair dhéiridh a cuireadh meastacháin na Roinne os comhair Dáil Eireann tugadh a lán de na cúrsaí sin i ngach sort ádhbhar feidhmeamhail, mar atá Cleachtadh Ceárdca Miotail, Foirgnidheacht, Nigheachán, Adhbhair Ghenerálta do Mhúinteoirí Gaedhilge, Lúthcleasaidheacht, Ceol agus Cór-cheadal agus cúrsa speisialta in Obair Láimhe le haghaidh Teagascóirí a bhéas ag obair sa nGaedhealtacht. Tugadh cúrsaí eile fá stiúrú na Roinne i gColáisde na hOllscoile i nGaillimh ar Chunntaisí Feirme, ar Thíreoluidheacht agus ar Áireamh do Mhúinteoirí Gaedhilge; agus thug an Coiste Gairm-Oideachais i gCathair Chorcaighe cúrsa innealtóireachta freisin. De bharr na gcúrsaí sin uilig agus na gcúrsaí eile a bhéarfar tá súil agam go mbeidh roinnt mhaith múinteoirí réidh leis an teagase nua go léir a thabhairt do réir mar a fhásfaidh an t-Oideachas Leanamhna agus an Gairm-Oideachas.

Forfhás inspéise eile ó bhí na meastacháin deiridh ar siubhal againn seadh bronnadh roinnt scoláireachtaí i dTeicnealaidheacht Siúicre le déanaighe. Chun daoine feileamhnacha d'oileamhaint le haghaidh post Teicnealaidheachta ins na Monarchain Nua Siúicre, i Magh Ealla, i dTuaim agus i nDúrlas Eile a bronnadh na scoláireachtaí. Iocfaidh an Roinn Oideachais dhá dtrian den chostas, agus íocfaidh Comhlucht Siúicre na hEireann Teo. an trian eile. Do lucht céimeanna onórach i gCeimidheacht a tairgeadh na Scoláireachtaí agus rinneadh eolas ar an nGaedhilg d'áireamh freisin. Sé scoláireachtaí a bronnadh agus tá lucht na Scoláireachtaí tar éis tosú ar an gCúrsa Oileamhna i Scoil Déantúis an tSiúicre i gColáisde Ríoghamhail an Chéard-Oideachais i nGlaschú. Bhéarfar congnamh fá leith dhóibh tré dheonú gobharnéirí an Choláisde. Cuirfear deire leis an gCúrsa ar an aonmhadh lá déag ar fhichid de Lughnasa, 1934, agus féadfar lucht na Scoláireachtaí d'fhostú sa bhFoghmhar nuair a cuirfear tús le mór-shaothar an tsiúicre.

Might I first congratulate the Minister on the discovery of the word "Teicnealaidheacht" in the Irish language?

I think, Sir, that in the statement which the Minister has just read out, one of the most remarkable paragraphs is the one in which he refers to the progress of the Irish language in the primary schools.

The procedure that has obtained for some years past is to survey the whole field of education, covered in this instance by Votes 45 to 51, on the Vote for the Office of the Minister. That Vote, No. 45, is not being submitted to the House until after Easter. There is, I understand, an agreement to Report 46— Primary Education—to-day, owing to some urgency in connection with salaries and pensions for teachers. While it is not the province of the Chair to implement such agreement, I suggest that the Deputy will have ample opportunity, after the recess, to discuss all aspects of the branches of education embraced in the Estimates.

Well, Sir, if that agreement has been made I shall give way to the Vote.

The Deputy might report progress.

I just want to say this, and then I will go no further—that the only thing that stands out in the Minister's statement is that the Minister has to come back to this House, 12 months after he moved the Vote last year, to say that "The position of Irish in the schools will be more satisfactory than it is to-day. As to the progress made at present in Irish, I cannot say that it is satisfactory in the primary schools." To which I desire to say: "Hear, hear." I will resume the discussion when the matter comes up later.

An bhfuil a fhios ag an Aire gur cuireadh iarrtas isteach le bun-scoil nua Gaelach do thógáilt i Ráth Maoinis agus an féidir leis a chur in iúl don Dáil cad tá déanta aige i dtaobh tógáilt na scoile sin?

Do cuireadh an t-iarrtas san isteach ach tá adhb ann maidir leis an gcostas i gcás 'na gcuirtear iarrtas isteach i dtaobh tógáilt scoile mar sin in áiteanna áirithe no ag daoine áirithe. Tá a fhios ag an dTeachta maidir leis na Bun-Scoileanna gur ar na bainisteóiri bhíonn cuid den chostas san.

Ach tá a fhios ag an Aire go bhfuil fúinn an Ghaedhilge do thabairt thar n-ais mar ghnáth-theangain na ndaoine agus gurb í cathair Bhaile Atha Cliath príomh-chathair na hEireann agus nách ionann í mar sin ar a lán slighte agus aon áit eile sa tír. Tá scoil Ghaelach ar an dtaobh thuaidh den chathair ach níl aon scoil Ghaelach ar an dtaobh theas di, agus tá mór-chuid daoine á hiarraidh.

Tá Scoil Bríde ann.

Níl fairsingeacht go leor ann. Tá na leanbhaí ag tuitim amach tré fhuinneoga na scoile sin.

Question put and agreed to.
Resolution reported.
Top
Share