den Aire Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí an ndéarfa se (1) cad is méid iomlán do rátaí na bliana; (2) cad is méid don riaráiste rátaí a cuireadh isteach i mbarántas na bliana, agus (3) cad is méid iomlán do bhárantas na bliana i gContae Phortláirge i gcóir na mblian 1922-3, 1923-4, 1924-5, 1925-6, 1926-7, 1927-8, 1928-9, 1929-30, 1930-1, 1931-2, 1932-3, agus 1933-4; cad is méid do sna rátaí bhí gan bailiú (1) an 31adh lá de Mhí na Nodlag agus (2) an 31adh lá de Mhárta gach bliain aca san; cadé méid an airgid a dhíol an Rialtas gach bliain aca san leis an gComhairle Chondae (1) as cistí seachas an Ród-Chiste agus (2) as an Ród-Chiste.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bailiú Rátaí.
D'fhiafriú
Atáthar ag bailiughadh na bhfigiúri atá dhá m-irradh ag an dTeachta. Cuirfear chuige iad chom luath agus beidh siad réidh in iomlán.
An gchuirfear na figúiri i gcló san Tuairisg Oifigiúil?
Ní dóigh liom go mbeidh siad ullamh an tseachtain seo.
B'féidir gur fearr dom an cheist do chur síos arís an tseachtain seo chughainn?
Tá go maith.