den Aire Dlí agus Cirt an dtug sé fa deara an gearán a rinne an Breitheamh ag an Chúirt Dúithche i bhFalcarrach agus i Leitir Ceannain f'an dóigh ar tugadh na Gárdaí a bhfuil an Ghaedhilic aca go fliúrsach as Tír Chonaill go Conndae na Gaillimhe; an bhfuil a fhios aige gur choinnigh an Sean-Rialtas fuireann fíor-Ghaedhealach mar Ghárdaí i bhFalcarrach agus go ndearnadh an chuid is mó de obair na Cúirte annsin fríd an Ghaedhilic; an fíor gur hatharuíodh na Gárdaí go léir a rabh an Ghaedhilic aca go fliúrsach; ca mhéad Gárda atá annsin anois a bhfuil an Ghaedhilic aca go fliúrsach; an bhfuil a fhois ag an Aire nach bhfuil ceanntar ar bith in Eirinn is Gaedhealaighe ná Cloch an Fhaolaidh agus caidé'n fath ar tugadh Gárdaí a bhfuil an Ghaedhilic go fliúrsach aca as áit mar sin agus iad a chur go háiteacha mar Bhóthar na Trágha no mar Ath Cinn; agus cia'n uair a bhéas an Rialtas réidh le cothrom na Réinne thabhairt do Ghaeltacht Thír Chonaill.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gardai sa nGaeltacht.
D'fhiafruigh
Ba ghá, toisc na scéime chun Roinne le Gaedhilg den Ghárda Síochána do bhunú in Iarthar na Gaillimhe, a lán ball go bhfuil an Ghaedhilg acu d'aistríu o áiteacha eile. Do haistríodh trúir ón bhFál Carrach ach táthar ar intinn Gaedhilgeoirí do chur ina n-ionad san chó luath agus is féidir é. Tuigtear go maith gur fearr Gárdaí is Gaedhilgeoirí do bheith i ngach liomatáiste sa Ghaeltacht agus táthar ag súil ná cuirfidh oibriú Scéime na Gaillimhe cosc leis sin.