Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Feb 1935

Vol. 54 No. 13

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Drámaíocht 'san nGaeltacht.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais, ós rud é go bhfuil cruthú soiléir aige anois ar neart na Gaedhilice i dTír Chonaill, an bhfuil an tAire toilteannach deontas airgid a thabhairt do Choisde Feis Thír Chonaill no do Choisde Oideachais Ghairme Beatha na Contae le drámaíocht i nGaedhilic a chur chun tosaigh i nGaeltacht Thír Chonaill mar atá aca i nGaillimh agus i mBaile Atha Cliath.

Tá sé beartuighthe suim bheag breise do chur leis an deontas le h-aghaidh drámaí Gaedhilge sa bhliadhain airgeadais seo chughainn, agus caithfear cuid de'n bhreis sin i nGaedhealtacht Thír-Chonaill má cuirtear isteach sgéim feileamhnach chuige sin roimh ré. Socrú le h-aghaidh na bliadhna seo chughainn amháin atá annseo féachaint cé'n toradh a thiocfas dá bhárr.

Top
Share