Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Nov 1935

Vol. 59 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéim do Leathnú.

D'fhiafraiú

den Aire Tailte an feasach do go bhfuil scéim faoi n-a Roinn i dTír Chonaill a dtig le feirmeoirí aol d'fhagháil faoi laigse agus an dtabharfaidh se caoi don mhuinntir atá ag tógáil toighthe faoi Acht na Gaelhealtacht an buntáisde céadna d'fhagháil ón scéim seo.

Is cosúil gurab é an scéim atá luaidhte ag an dTeachta ná an scéim atá ceaduithe ag an Aire Talmhaíochta fé n-a dtugtar deontaisí speisíalta dos na Coistí Talmhaíochta ionnus go gcuirfí ar chumas feirmeóirí aol do cheannach i gcóir talmhaíochta ar phraghasanna laghduithe. Níor fritheadh aon ghearán im Roinn a rá go raibh sé deacair aol dfháil le hagha tithe do thógaint.

Níl sé beartuithe buntáistí scéim na gCoistí Talmhaíochta do chur ar fáil d'iarratasóirí fé Achtanna na dTithe (Gaeltacht) óir dá ndeintí sin b'ionann é agus an deontais tógála do mhéadú, rud nach ceaduithe do dhéanamh gan reachtúchán nua.

Top
Share