Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 14 May 1936

Vol. 62 No. 3

Committee on Finance. - Vote 49—Science and Art.

Tairgim:

Go ndeontar suim Bhreise ná raghaidh thar £350 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1937, chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireachtaí Eolaíochta agus Ealadhan agus Ildeontaisí-i-gCabhair, etc.

That a Supplementary Sum not exceeding £350 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1937, for the Salaries and Expenses of the Institutions of Science and Art and sundry Grants-in-Aid, etc.

Sé an fáth go dtugaimíd an meastachán so isteach ná chun cabhair airgid do thabhairt do leagan nua de'n Handbuch des Alt Irischen atá dá n'ullmhu ag an ollamh Thurneysen. 'Sé an leabhar is fearr ar an adhbhar san atá le fághail deirtear agus tá clú ar an ollamh fé gurb é an duine is mó léighinn ins an bráinnse sin de'n leighinn é. Cuireadh an leabhar amach i 1909 agus tuigtear go bhfuil a lán déanta air ó shoin ag an ollamh Thurneysen agus go bhfuil a lán adhbair eile aige le cur leis.

O's sean-fhear an t-ollamh anois, tá sé níos mó ná seachtmhoghadh naoi bliadantaibh d'aois, ní raibh sé sásta tabhairt fé'n obair gan conghantoir d'fhaghail ó scolaire feileamhnach cáilithe. Sílim go bhfuil a léitheid ann, Mícheál O Duibgeanán, M.A., de'n Ollscoil Naisiunta, fear go bhfuil aneolas aige ar an sean-Gaedhilg agus do bhí ag obair fé'n Ollamh Thurneysen cheana.

'Sé an socrú atá déanta againn ná go bhfuighidh an congantoir tríochad púint sa mhí agus ceaptar go dtogfaidhe sé bliadhain chun an obair do . Nílmid ag iarraidh airgid anois i gcóir foillsiuchán an leabhair nuair a beidh sé ullamh ach má's gádh tiochfaidh an cheist sin fé braghaid na Dála arís. Is cóir dom a rádh gur ins an Bhéarla a foillseofar an leabhar an t-am so. Ceaptar gur fearr i bhfad leagan Béarla de'n leabhar do chur ar faghail de bharr an méid sgolairí in ollsgoltacha sa Breathan Mhóir agus ins na Státaibh Aontuighthe atá ag déanamh stuideir ar an philology agus ar an sean Gaedhilge agus tá an t-ollamh Thurneysen sásta le sin.

Ciacha i Mountjoy nó i nArbour Hill a dhéanfidh an fear so a chuid oibre. Deir an tAire go bhfaghaidh sé "triocha bliain sa mhí."

Triocha púint sa mhí, ba cheart dom a rá.

Question put and agreed to.
Resolution reported and agreed to.
Top
Share