Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 4 Nov 1936

Vol. 64 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Gabháltaisi na Gaeltachta d'fheabhsú.

D'fhiafruí

den Aire Airgid an bhfuil fhios aige go bhfuil bealaigh á ndéanamh san Ghaedhealtacht faoi scéimeanna fóirthine nach bhfuil riachtanas leo acht siocar ar airgead a chaitheamh gan tairbhe buan do na ceanntair seo; agus an feasach do go ndearnadh bealaigh mar so agus go bhfuil fraoch agus neartrach á gcúmhdach anois, agus an dtabhairfidh sé caoi cuid de'n airgead so a chaitheamh 'un gabháltaisí beaga na Gaedhealtachta a dhéanamh níos mó le duaiseanna a thabhairt do na feirmeóirí a thriomochaidh caoráin agus a bhrisfidh ruaidhteach ar a dtalamh féin.

Ní fios dom aon chásanna den tsaghas gur dhéin an teachta tagairt dóibh. Má thugann sé an t-eolas is gádh chun a theasbáint cad iad na cásanna atá ar aigne aige, féachfar isteach ionnta agus déanfar éinní is oireamhnach sa scéal. Tá sé mar ghnás le roinnt bhlian cuid de'n Vóta Fóirthine do thabhairt chun talamh slán a dhéanamh de thailte sa Ghaedhealtacht agus chun iad d'fheabhsú agus tugann an Roinn Talmhíochta deontaisí do shealbhóirí talmhan chun a chur ar a gcumas oibreacha de'n tsaghas san a dhéanamh.

Top
Share