Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 6 Oct 1937

Vol. 69 No. 2

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Lion na Muc i dTir Chonaill.

D'fhiafraigh

den Aire Talmhaíochta an bhfuair sé rún ó Lucht na Siopaí i Leitir Ceanainn ag déanamh gearáin nach dtig leo muic-fheoil go leor d'fhagháil fá choinne a dtráchtála, agus an bhfuil a fhios aige go bhfuil an gearán céadna 'ghá dhéanamh ar fud Thír Chonaill; an dtug sé fá deara go bhfuil an méid muc sa tSaorstát ag laghdú, nach bhfuil an oiread aca ann i mbliadhna a's a bhí anuraidh, agus nach raibh i 1936 ins an tSaorstát ach 1,016,512 mhuic gidh go raibh 1,227,003 aca ann i 1931; an fíor gur mhéaduigh líon na muc ins na Sé Conndaethe ó 235,569 go 521,654 ins an am céadna, agus an bhfuil sé ábalta innseacht dúinn caidé'n fáth go bhfuil líon na muc ag laghdú annseo agus ag méadú annsúd; an bhfuil a fhios aige go raibh cuid mhaith de na feirmeóirí beaga sa Ghaeltacht ag brath ar chothú na muc chun a slighe bheatha a bhaint amach agus go mbeidh an sgéal go dona aca má leigtear do'n Tionnscal seo fannú nó dul i néag; agus an mbéadh sé toilteannach coisde nó coimisiún a chur ar bun chun an sgéal go léir d'infhiúchú agus a fhagháil amach caidé tá cearr go bhfuil na feirmeóiri ag éirighe as cothú na muc.

Fuarthas an rún san le béanaí. Tháinig gearáin den tsort a luaidhtear ó roinnt ceannaithe i dTír Chonaill i mí Iúl seo caithte agus do cuireadh iad chun an Bhúird Mharguithe Bagún. Do thairg an Bord san bagún do sholáthar do sna ceannaithe sin ach níor ghlac éinne acu leis an tairisgint sin.

Na figúirí atá luaidhte i gceist an Teachta maidir le líon na muc sa tSaorstát agus ins na Sé Condaethe, táid ceart; ach maidir leis an atharú ar lion na muc a táirgtear aon bhliain áirithe seachas a chéile tá an oiread san achrainn ag baint leis an scéal ná fuilim ullamh ar é phleidhe tré cheist agus freagra.

Ní léir dom gur gá, fé láthair, Coimisiún den tsaghas atá molta ag an Teachta do chur ar bun.

May I draw your attention to the fact, A Chinn Comhairle, that it is only permissible to use either of two languages in this House—Irish or English?

Mr. Brady

What about your language?

What language did you speak to the district justice last week when he fined you for profiteering?

This House affords scope for slander. A malicious prosecution was brought against me by the Minister for Industry and Commerce or one of his departments. That prosecution was dismissed by the district justice. Deputy Smith utters a slander here which he dare not utter outside because, if he did, he would be made liable in heavy damages. A prosecution was brought against me by a Government Department and it was dismissed. Several more will no doubt, be brought in course of time as part of the political blackmail which they attempt to exercise.

The Deputy must not accuse a Minister of political blackmail.

If my words are interpreted as accusing the Minister of political blackmail I withdraw them, but I accuse the Government of it.

This is the first I have heard of that prosecution.

As it was the first you heard of the Clones factory.

Top
Share