Tairgim:
Go gcomhaontaidh Dáil Éireann leis an Taoiseach d'ainmniú na dTeachtaí seo leanas chun bheith in a gcomhaltaí den Riaghaltas agus chun bheith ina nAirí i mbun na Ranna Stáit fé seach a luaidhtear os cionne a n-ainmneacha fé seach:—
An Taoiseach, i mbun na Roinne Gnóthaí Eachtracha;
Seán T. O Ceallaigh, Tánaiste, i mbun na Roinne Riaghaltais Aiteamhail agus Slainte Poiblidhe;
Pádraig Ruithléis, i mbun na Roinne Dlighidh agus Cirt;
Seán F. Lemass, i mbun na Roinne Tionnscail agus Tráchtála;
Seán Mac an tSaoi, i mbun na Roinne Airgeadais;
Séamas O Riain, i mbun na Roinne Talmhaidheachta;
Proinnsias Mac Aodhagáin, i mbun na Roinne Cosanta;
Tomás O Deirg, i mbun na Roinne Oideachais;
Gearóid O Beoláin, i mbun na Roinne Tailte;
Oscar Mac Thréinfhir, i mbun na Roinne Puist agus Telegrafa.
Feicfidh na Dálairí ón méid atá ráidhte agam, nach bfuil fúm aon athrughadh do dhéanamh fé láthair i mballaibh an Riaghaltais nó 'sna Rannaibh Stáit a béas fé mó churam. Caithfear an sgeal i dtaobh na Ranna Stáit do breathnúgadh ar ball, amhach, mar nílim cinnte nach féadfaí obair an Riaghaltais do roinnt i slighe ni b'fearr.