den Aire Airgeadais an mbéidh aon bhuntáiste le fáil ag Gaedhilgeoirí a bheidh ag cur isteach ar an gcomórtas le haghaidh an phuist mar Leabharlannaí Conganta i bhFo-Roinn na Staitistíochta den Roinn Tionnscail agus Tráchtála; no an bhfuil aon chúis fé leith nár deineadh aon tagairt don Ghaedhilg sa bhfógra a foillsíodh ins na páipéirí nuachta le déannaí mar gheall ar an bpost so.
Written Answer. - Leabharlannaí Conganta.
Beidh buntáiste le fáil ag Gaedhilgeoirí a chuirfidh isteach ar an gcomórtas so, mar do leagadh síos ins na rialacháin reachtúla do'n chomórtas,
"The best qualified candidate with a competent knowledge of Irish will, if otherwise suitable, be recommended by the commissioners to the Minister for appointment. If no qualified and suitable candidate with a competent knowledge of Irish is available, the candidate otherwise best qualified and suitable will be recommended for appointment, a preference being given to qualified and suitable candidates with a good knowledge of Irish."
Ní foillsítear de ghnáth i bhfógra i dtaobh puist áirithe sa Stát-Sheirbhís ach, mar a déarfá, enámha na gcáilíochtaí atá riachtanach, ach tugtar le tuiscint d'iarrthóirí go bhfuil lántuairisc ar an gcomórtas le fáil ach san d'iarraidh ó Choimisineírí na Stát-Sheirbhíse. Éinne a dhéineann amhlaidh tuigfidh sé maidir le cáilíochtaí go bhfuil an lámh-uachtar ag an iarrathóir go bhfuil an Ghaedhilg aige. Dá ndéintí na rialacháin i gcomhair gach chomórtais d'fhoillsiú i n-iomlán cosnóchadh sé roinnt mhaith airgid thar mar ba chuibhe.