Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 6 Jul 1939

Vol. 76 No. 16

Committee on Finance. - Vote 49—Science and Art.

Tairgim:—

Go ndeontar suim Bhreise ná raghaidh thar £3,560 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1940, chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireachtaí Eolaíochta agus Ealadhan agus chun Seirbhísí Oideachais Ilghnéitheacha áirithe agus Ildeontaisí-i-gCabhair.

That a Supplementary sum not exceeding £3,560 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1940, for the Salaries and Expenses of the Institutions of Science and Art and for certain Miscellaneous Educational Services and Sundry Grants-in-Aid.

Faoi riaracht Shasana do bhíodh £2,300 de dheóntas-i-gcabhair le fáil gach bliain ag an Músaeum Náisiúnta chun somplaí do cheannach (agus chun costas a n-iomchuir d'íoc). Le linn an Chogaidh Mhóir, ámhthach, níor coinningheadh an deóntas comhthrom. I gcaitheamh na gceithre mbliain 1915/19 do deónuigheadh £250; sa bhliain 1919/20 do deónuigheadh £500; agus sa bhliain 1920/21 do deónuigheadh £2,300 arís. Faoi riaracht Riaghaltais dúthchasaigh níor deónuigheadh ach £1,000 gach bliadhain ó thús airgead-bhliana 1921/22 go dtí 1934/35, nuair do hárduigheadh an deóntas go dtí £1,500.

Roimh an atharú Riaghaltais do thárla sa bhliain 1921 níor measadh an Músaeum seo do bheith ina Mhúsaeum Náisiúuta ag Stát fá leith, mar mheastar anois, agus is cóir an méid sin do choinneáil i gcuimhne.

Táthair anois ag brath ar an deóntas bliantúil do chur i gcomhthromacht leis an suim do cuirtí ar fáil faoi riaracht Sasana.

Le roinnt bheag blian anuas do tháinig méadughadh maith ar an obair thairbheach náisiúnta do ghní an Músaeum seo. Dá chomhartha sin, do cuireadh go mór leis na somplaí i gcúrsaí ársaidheachta, i gcúrsaí staire, agus i gcúrsaí tionnscail; agus is follasach anois nach beag an cosg ná an ceangal do cuirfí ar an obair muna n-árduighthí an deóntas go dtí an sean-fhigiúir, ar a laighead, sa geaoi ina mbéadh airgead le fáil chun na somplaí riachtanacha do cheannach.

Do braitheadh le fada gur mhór an t-ole do'n Ghaedhilg an tOireachtas a leigint ar lár agus táthar le tamall ag breithniú slighte chun é d'aithbheochaint. I dtosach na bliana so tháinig na Cumainn Ghaedhealacha ar fad 'sa chathair le chéile agus do cuireadh Comh-Choisde ar bun le haghaidh aithbheochana an Oireachtais. Do tionóladh cruinniú puiblí i dTigh an Ard-Mhaoir i Mí Aibreáin seo caithte agus do haontuigheadh d'aon-ghuth ag an gcruinniú san dul ar aghaidh leis an aithbheochaint. Chuir Choisde an Oireachtais an sgéal fá bráid an Riaghaltais agus do mínigheadh nach mbeadh an Coisde i n-an dul ar aghaidh leis an bhféile fé mar a bhí beartuighthe aca muna bhfaghadh siad deóntas conganta £1,000 ón Stát. Sé mo thuairim go dtabharfadh cóimhthionól fiúntach dá leithéid sin anchongnamh do ghluaiseacht na Gaedhilge agus táim sásta leis na socruighthe atá déanta ag an gCoisde. Uime sin, tá beartuighthe ag an Riaghaltas géilleadh d'iarratas an Choisde agus suim £1,000 do chur ar fáil chun cabhruighthe le costaisí na Féile.

£1,500—Tá an tsuim seo dá soláthar do Chlann na hÉireann chun brugh do tógáil i mBaile Ghib, Co. na Midhe, mar champa saoire do pháistí scoile.

D'eirigh chomh maith leis na campaí saoire a bhí fé threoir Chlann na hÉireann cheana sa Ghaedhealtacht gur iarr tuismightheoirí na bpáistí a bhí ar saoire ins na campaí sin ar Choisde Clann na hÉireann socrú a dhéanamh chun foirgneamh do thógáil nó do chur ar cíos i nua-Ghaedhealtacht na Midhe mar ionad saoire do pháistí gach samhradh.

Beidh slighe do 120 páistí sa bhrugh atá le tógáil agus sé £2,000 costas tógála an bhrugh. Táthar ag súil le £500 do bhailiú mar shíntiúsaí. Tá beartuighthe ag Clann na hÉireann an brugh do bheith in úsáid gach bliain mar champa saoire i Mí Iúl agus Mí Lughnasa agus é bheith in úsáid mar champa scoile ó Aibreán go Iúl agus ó Meadhon Fhómhair go Samhain.

Is léir gur ana-thabhachtach an scéim seo na gcampaí saoire agus na gcampaí scoile ní amháin mar cheangail idir shaol na scol agus an saol lasmuigh, ach mar chabhair don Ghaedhilg agus do leathanú na. Gaedhilge mar ghnáth-theangain. Ceapann an Riaghaltas go bhfuil géarghádh le gluaiseacht den chineál so imeasc an aosa óig d'fhonn is go mbeidh borradh agus fós nádúrtha ar an nGaedhilg a foghluightear ar scoil agus go gclaoidhtear leis an nGaedhilg mar úirlis labhartha coitchianta. Ar an abhair sin tá an Riaghaltas sásta go mb'fhiú congnamh a thabhairt do lucht ceannais na gluaiseachta chun campa no brugh den chineál atá i gceist do chur ar fáil i mBaile Ghibh —áit atá i lár na Nuadh-Ghaedhealtachta agus i gcomhgaracht do Bhaile Atha Cliath. Teastuíonn £260 chun costaisí Fiosrú Ealadhanta a dhéanamh ar thaisí corp ó Thamhlacht Chaisleáin Chnuca.

Does the Minister know if this was provided for in the Budget?

I do not think so; I could not really say.

You are starting off well. In the same month as the Bill is passed, we have an item like this coming along.

I hope we will be doing as good work in relation to other things.

We have heard that about them all, including the slaughter of the calves.

Question agreed to.

Top
Share