Tá fhios agam gur chúis bhróin do chomhaltaí na Dála scéala báis an Teachta Seán O Tiobraide do chlos.
Bhí baint ag an dTeachta le gluaiseacht na saoirse le fada an lá. Bhí sé dílis d'Eirinn agus do theanga na hEireann le n-a shaol. Bearna eile i measc na buidhne a thuill gradam i seirbhís ár dtíre is eadh é bheith marbh.
Gach éinne dá lucht aitheantais sa Dáil agus sa chonntae 'na rugadh é, bhí árd-mheas aca air. Bhí gnaoi na ndaoine air, a ndochtúir féin; chaith sé a shaothar agus a dhúthracht ar a son; budh é a nduine féin é agus budh iad san a mhuintir seisean.
Iarraim ort-sa, a Chinn Chomhairle, comhbhrón na Dála do chur i n-iúl dá bhaintreabhaigh agus dá chlainn.
Deputies rose in their places.