Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Nov 1939

Vol. 78 No. 4

Written Answer. - Praghasanna Macraeil.

D'fhiafrui

Eamonn O Ciosán

de'n Aire Talmhaidheachta an eol do ná fuil le fagháil fé láthair ag iascairí an Daingin ar mhacraeil ach cúig scillinge an céad, bíodh go gcosnuigheann siad tuistión an ceann annso i mBaile Atha Cliath; agus de bhrígh gur ar an saghas éisc a thuilleann furmhór na n iascairí a mbeatha, an iarrfaidh an tAire ar an gCómhlucht Iascaireachta Mara dul i mbun an scéil, le súil go mbeidh praghas i ngiorracht luach saothair le fagháil ag na hiascairí seo.

Is eól dom ná raibh na praghsanna a fuair iascairí an cheanntair atá i gceist ar a gcuid maicréil sa chéad chuid de'n bhiaiste seo in aon ghiorracht dos na praghasanna a iarradh ar an lucht ceannuigh-the 'sna siopai. Táim sásta, amhthach go bhfuil feabhas mór le cúpla seachtmhaine nó tri ar na praghasanna a fuair na h-iascairí úd.

Ní bheinn ro-dheimhin de go bhfeadfadh an Comhlachas Iascaigh Mhara dul i mbun gno díolta iasc mar mhaicréil mar bionn na scolanna anathrom agus tagaid go mí-ríalta. Rud eile dhe, saghas éisg is eadh é a chaithtear chur chun mhargaidh gan aon mhoill. Feacfad chuige, amhthach, an bhfeadfadh Stúirtheóirí an Chomhlachais aon t-seift a cheapadh chun feabhas do chur ar chás na n-iascairí úd.

Ba cheart dom chur in iúl duit gur iasg ana-bhog ana dheacair le laimhceáil agus nach féidir é choimeád úr ar feadh tamaill fe mar a deintear gan aon duadh le saghasanna eile mar triosg, colmóir, leathóg teanga chait, &c. Níor mhaith le lucht siopai ach roinnt cuibheasach beag de do chonghbháil ar fághail. Nuair a bhionn ar na daoine maicréal do cheannach ceal éisg ó's na trailéirí, eirigheann an praghas cuibheasach obann. Bhí timcheall 3/6 an do saon ar an maicréal seachtmhainí áirighthe ins na siopai i mBlá Cliath. Ach ní h-ionnan é sin is a rádh go mbionn praghas in aon ghiorracht do san ar an iasg go léir a dhiolann na h-iascairí leis na ceannaithe ar na cóstai. I bhfad uaidh, mar nuair a bhí oifeagach ó mo Roinn sa Daingean roinnt laetheanta ó shoin do connaic sé na céadta bairrilí de mhaicréil leasuighthe. Iasc do b'eadh é sin gur theip ar na ceannaidhthe é do dhíol úr agus tá beartuighthe acu dul in a sheans maidir leis é do dhíol pé áit a gheobhaid margadh ar ball. Rud eile dhe, timcheall dhá bhliain ó shoin nuair a bhí Teachtai Dála agus daoine eile a tathaint orm scéim deóntais ar mhaicréal do chur ar bun bhiodar go léir ar aon aigne go mbheadh 4/6 an céad do lucht naomhóg, agus 6/- an céad do lucht gluaisbhád cothrom go leór mar phraghas agus socruigheadh na praghasanna ba lugha dá réir. Ní fuarathas aon gearáin go dtí gur leigeadh an scéim ar lár agus do thuit na praghasanna arís fe bhun na bhfigiuirí sin. Caithfear admhail go mbaineann droch-chás na muintír a chomhnuighean taobh thiar de'n Daingean agus ar an mBlascaod leis an Riaghaltas ach tuigtear dom nach ionnan an cheist sin agus economaiocht an iascaigh amhain.

Is é an fáth go bhfuil praghas maith á fhághail ag na h-iascairí fe láthair mar go bhfuil creis éilimh ar mhaicréal i gceanntar Manchun ceal na saghasanna eisg a thagann de ghnáth ó Hull.

Top
Share