Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 28 Feb 1940

Vol. 78 No. 14

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Iasachtaí faoi Acht na dTithe sa nGaeltacht.

D'fhiafraigh

den Aire Tailte an feasach do go bhfuiltear ag diúltú iasachtaí a bhí ceaduithe faoi Acht na dTithe (Gaeltacht) agus gur mór an éagcóir é seo ar iarrathóirí a chuaidh chun tosaigh le n-a gcuid tithe a thógáil agus nach bhfuil an iasacht ar fáil anois aca; agus an bhféachfaidh sé leis an scéal so a leigheas gan mhoill.

Tá na h-iasachtaí faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ar fáil anois mar bhí cheana.

Top
Share