Tairgim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £928,982 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1941, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Tailte agus Oifig Choimisiún Talmhan na hEireann (44 agus 45 Vict., c. 49, a. 46, agus c. 71, a. 4; 48 agus 49 Vict., c. 73, a. 17, 18 agus 20; 54 agus 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 37; 7 Edw. 7, c. 38 agus c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; Uimh. 27 agus Uimh. 42 de 1923; Uimh. 25 de 1925; Uimh. 11 de 1926; Uimh. 19 de 1927; Uimh. 31 de 1929; Uimh. 11 de 1931 Uimh. 33 agus Uimh. 38 de 1933; Uimh. 11 de 1934; Uimh. 41 de 1936; agus Uimh. 26 de 1939).
That a sum not exceeding £928,982 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending on the 31st day of March, 1941, for the Salaries and Expenses of the Offices of the Minister for Lands and of the Irish Land Commission (44 and 45 Vict., c. 49, s. 46, and c. 71, s. 4; 48 and 49 Vict., c. 73, ss. 17, 18 and 20; 54 and 55 Vict., c. 48; 3 Edw. 7, c. 57; 7 Edw. 7, c. 38, and c. 56; 9 Edw. 7, c. 42; Nos. 27 and 42 of 1923; 25 of 1925; 11 of 1926; 19 of 1927; 31 of 1929; 11 of 1931; 33 and 38 of 1933, 11 of 1934; 41 of 1936; and 26 of 1939).
Tá Meastachán na Roinne Tailte den bhliain 1940-41 níos lugha de £208,356 ná iomlán an Vóta den bhliain seo caithte. Ní foláir sa tsaol atá anois ann a bheith tíoghbhusach cnuaisciúnach le caiteachas puiblí agus do rinneadh mion-scrúdú géar grinn ar gach altán den Mheastachán d'fhonn an méid is mó is féidir do shábháil. Táthar tar éis obair Choimisiún na Talmhan do laigheadú cheana agus uimhir mhaith den fhuirinn, idir lucht, oifige agus lucht fostaíochta lasmuich, do thabhairt ar iasacht do Ranna eile le haghaidh dualgaisí speisialta. Cé go bhfuil na hoifigigh seo ar iasacht, is as Vóta na Roinne Tailte atá a dtuarastail á n-íoc, ach tá cuid de thoradh an laigheaduithe ar an obair le feiceál sa Mheastachán caiteachais faoi roinnt Rannán:—
Is i Rannán I atá an laigheadú is mó. Do réir an Rannáin sin tá an méid atá ag teastáil i gcóir Feabhsú Estát, etc., £150,000 faoi bhun an mhéide chó-réire don bhliain anuraidh. Sé an fáth is mó ar caitheadh na suimeanna móra airgid ar fheabhsú le cupla bliain anuas ach réimhsí móra talmhan Nea-thionóntuithe do bheith á roinnt, ach anois nuair nach mbeidh an oiread sin talmhan le roinnt beidh laigheadú dá dhruim sin ar an méid a bhéas le caitheamh ar Estáit a fheabhsú. Ach ina choinnibh sin, ní mór an bhreis atá tagtha ar chostas ábhar tógála a chur san áireamh agus tar éis an scéil ar fad do chíoradh, ceapadh £560,550 a lorg faoi Rannán I in aghaidh na bliana airgeadais seo. Tá £550,000 de seo le caitheamh ar oibreacha feabhsúcháin; teastóidh £5,000 chun Leasa Tionóntachta ar Estáit ba le Bord na gCeanntar gCumhang a cheannach; is le haghaidh éileamh ar Chúiteamh do Lucht Oibre £3,400 de, is i gcóir iostán do Bhanaltrain £50 de; is chun cabhrú le lucht imirce agus le daoine bhí ar fostú ar thailte roinnte a húsáidfear £2,000 de; agus is in aghaidh Eilithe Fuascailte faoi Alt 35 den Acht Talmhan, 1939, £100 de.
Tá laigheadú de £5,885 déanta ar Thuarastail, Páigh agus Liúntaisí faoi Rannán A. Folúntais a fágadh gan líonadh agus mion-atharuithe a rinneadh maidir leis an bhfuirinn na príomh-chúiseanna atá leis an laigheadú seo. Tá tuarastail na ndaoine, idir lucht oifige agus lucht fostaíochta lasmuich, atá ar iasacht ag Ranna eile ina muirear ar an Rannán seo.
Tá laigheadú de £7,000 ar Chostaisí Taistil faoi Rannán B. Isé faoi ndear é seo ach roinnt chigirí a thabhairt ar iasacht do Ranna eile le haghaidh oibre speisialta atá le déanamh de dhruim na práinne atá ann faoi láthair.
Is ar éigean is gá éinní a rá faoi Rannáin C, D, E, F, agus G ach amháin gur lugha an méid atá á lorg faoi gach ceann aca; tá laigheadú de £2,000 déanta faoi Rannán F—Fochostaisí in Oifig an Atúrnae.
Is chuige Rannán H chun ús agus ciste fiach-laigheaduithe d'íoc ar Bhannaí Talmhan ar n-a dtabhairt amach in aghaidh an tsíntiúis ón Stát i gcóir riail-phraghais Estát Talmhan Tionóntuithe agus praghais Estát Bhanc Náisiúnta na Talmhan agus maidir leis an gCiste Costaisí. Thárla an laigheadú de £500 tré Bhannaí Talmhan le haghaidh an Chiste Chostaisí, a tugadh amach sa mbreis, a chur ar ceal. Is gnáthach meadú beag, chun íoc as imeachta nua, do thárlachtaint gach bliain.
Is chuige Rannán J chun soláthair d'fhonn slánú a dhéanamh ar easnamh sa teacht isteach as tailte nea-thionóntuithe ar n-a gceannach faoi na hAchtanna Talmhan, 1923-39. Baineann roinnt altán éigcinnte leis ar deacair a gcostas a mheas roimh ré. Le blianta beaga anuas, ámh, laigheaduíodh an méid a lorgtar faoi'n Rannán seo de bharr forálacha Ailt 33 den Acht Talmhan, 1936. Foráltar leis an alt sin gur tuigthe paistí talmhan nea-thionóntuithe a mbíonn na coinníollacha orduithe ina dtaobh cólíonta do bheith luaidhte sa liost faoi Alt 24 den Acht Talmhan, 1931. Níl ach £3,500 á lorg i mbliana.
Is chuige Rannán K chun ús agus ciste fiach-laigheaduithe d'íoc ar an gcion de phraghas tailte Bhanc na Talmhan agus Coiste-thailte is muirear ar an Stát. Ní théigheann mórán atharuithe riamh ar an méid a theastuíonn faoi'n Rannán seo agus ní gá éinní a tá mar gheall air. Tá na Comhar-Chumainn Fheirmeoireachta ar fad scurtha um an dtaca so. Sé an méid céanna, eadhon, £17,300 a fuarthas anuraidh agus atáthar a lorg i mbliana.
Níl sna méideanna atá luaidhte faoi Rannáin L, M, agus P ach comharthaí sóirt.
Isé rud le n-a mbaineann Rannán N ach le roimh-íocanna airgid chun íocaíochtaí, ar n-a n-ordú leis an Acht Talmhan, 1931, d'íoc faid a bítear ag feitheamh aisíoca ionta ó na daoine bhíos freagarthach ina n-íoc i gcás na n-imeacht ceannaigh i dtaobh na ngabháltas do chaitheamh amach ina dhiaidh sin no an phraghais cheannaigh d'atharú. Ní foláir na Bannaí Talmhan oiriúnacha tugtar amach i leith na ngabháltas san d'fhuascailt agus ní mór soláthar a dhéanamh i gcóir suimeanna bheidh, b'fheidir, le n-íoc le tionóntaithe no le tiarnaí talmhan na ngabháltas sin. Isé cúis ar fad nach mór atá leis an laigheadú mór de £55,000 ná go raibh méid mí-chuimseardha ag teastáil faoi'n Rannán seo anuraidh chun Cuntas Fiunraíochta as a n-íoctaí caiteachas faoi'n Rannán so roimhe sin do ghlanadh. Toisc deireadh do bheith leis an Sean-chuntas Fiunraíochta seo, agus toisc an atharuithe atá tagtha de dhruim an Achta Talmhan, 1939, ar an modh chun deighleáil le Bannaí Talmhan Breise in Estáit ina bhfuil na Cistí dáilithe—tré n-ar cuireadh deireadh leis na Bannaí sin d'fhuascailt in airgead—meastar gur leor £5,000 fá choinne na roimh-íocanna bhéas le déanamh faoi'n Rannán seo i mbliana.
An tsuim a cuireadh ar fáil annuraidh faoi Rannán O i bhfuirm Roimh-íocanna chun íoc as oibreachta Bancánachta agus oibreachta eile a choinneál i dtreo bhí méid mí-chuimseardha inti sin freisin toisc na dtairisgeana bhí faoi bhreithniú an tráth sin; ach fágann an laigheadú de £2,000 atá á dhéanamh i mbliana gan ach méid measardha bheith ag teastáil arís.
Isé fé ndear an méadú de £5,000 faoi Rannán Q ach an soláthar is gá dhéanamh—de dhruim roimh-íocanna breise i bhfuirm Bannaí Talmhan a bhéas le tabhairt amach i mbliana— maidir leis na blianachta le n-a n-aisíocfar na roimh-íocanna sin d'athscrúdú, rud a fhágfaidh easnamh le slánú i gCiste na mBannaí Talmhan.
An méid atá á iarraidh faoi Rannán R, chun íoc as imeachta ceannaigh atá ag feitheamh fós faoi Shean-Achtanna Talmhan na mblian 1903 agus 1909, níl ann ach £1,000 i mbliana i gcomparáid leis an £2,000 do cuireadh ar fáil anuraidh. Meastar gur leor an tsuim seo le haghaidh aon chásanna is féidir a chríochnú taobh istigh den bhliain. Ní mór is gá a chaitheamh faoi aon cheann de na Rannáin S, T, agus V agus ní gá éinní a rá fútha.
Tá an méadú de £200 faoi Rannán U ag teastáil chun slánuithe an easnaimh i gCiste na dTemmorálachtaí Eaglaise ar n-a theacht de dhruim riaráiste a chistiú, agus íocaíochtaí bliantúla a ath-scrúdú, faoi Alt 18 den Acht Talmhan, 1933, mar a leathnuíodh é le hAlt 28 den Acht Talmhan, 1939. Tá laigheadú de £2,000 ar an méid atá á lorg faoi Rannán W i mbliana, mar táthar ag brath air go mbeidh níos lugha ag teastáil le haghaidh táillí lóisteála agus costaisí is iníoctha le Cláradóirí Contae as imeachta chun riaráiste Blianachtaí Talamh-Cheannaigh a bhaint amach.
Rannán nua iseadh Rannán X atá á thabhairt isteach chun airgead a chur ar fáil le haghaidh Roimh-íocanna faoi Alt 43 den Acht Talmhan, 1939, alt a chuireas ar chumas Choimisiún na Talmhan roimh-íoc a thabhairt do cheannuitheoir ghabháltais fhaillitheora. An £500 atáthar a lorg, meastar gur leor é le haghaidh aon roimh-íocanna den tsórt san a déanfar i mbliana.
Tá laigheadú de £14,325 ar na Leithreasaí i gCabhair i gcomparáid le Leithreasaí na bliana anuraidh. In Altán á 4 tá laigheadú de £20,000 tagtha ar an bhfarasbarr ioncuim ó Chuntaisí Cíosa agus Uis. Is as suncála a thagann furmhór an ioncuim ó Chuntaisí Cíosa agus Uis fá láthair agus is beag an farasbarr a bhíonn ann aon bhliain. In Altán a 9 tá laigheadú de £1,000 ar na fáltaisí Ilghnéitheacha, ach ar an taobh eile tá méadú de £7,000 ar an teacht isteach o Bhlianachtaí Breise agus ó Airgead Fuascailte faoi Altán a 6. Bhéarfar faoi deara go bhfuil mionaltán amháin a bhí ann anuraidh ar lár i mbliana, mar do hathghairmeadh Alt 51 den Acht Talmhan, 1931, le hAlt 12 den Acht Talmahan, 1936, agus bhí deireadh i Mí na Samhna seo caithte leis an tréimhse chun "suimeanna breise" d'aisíoc.
Níl eolas beacht iomlán le fáil fós ar na príomh-chúramaí bhí idir láimh ag Coimisiún na Talmhan i gcaitheamh na bliana dar chríoch an 31adh Márta seo caithte ach is féidir a rá go ndearnadh 39,000 acra de thalamh nea-thionóntuithe do roinnt. Laigheadú mór é seo i gcomórtas leis an réimsí fairsinge roinntí i gcaitheamh na mblianta beaga atá caithte; ach nuair a cuimhnítear ar na deacrachtaí do bhain leis an scéal sarar ritheadh an tAcht Talmhan, 1939, i Mí Lúnasa seo caithte, chífear a fhiúntaighe atá sé mar thoradh ar shaothar Choimisiún na Talmhan, agus níorbh fholáir don fhuirinn oibriú go cruaidh chun é thabhairt chun críche. Níl imeachta chun tailte a thógaint á mbunú anois chó tapaidh agus a bhídís, toisc é bheith riachtanach fearachas a chleachtadh agus fós de dhruim an scéim curadóireachta éigeanta bheith i bhfeidhm. Mar sin féin, an méid talmhan a bhfuil imeachta ar bun faoi láthair chun é thógaint (go toilteanach no go héigeanta), meastar gur leor é chun oibre cuibhe i bhfuirm roinnte go ceann cúpla blian eile.
Tá ullmhúchán déanta chun Imirce Gasraí go dtí Coilíneachtaí ar na tailte fairsinge a leathnú, agus tugadh trí chomhluadar fhichead le deireannas ó Ghaeltacht Chonamara go Coliíneacht nua i mBaile Almhan, Co. na Midhe; tá chuile chosúlacht ann go n-eireoidh go geal leo. Faoi'n Imirce seo na nGasraí tá os cionn céad comhluadar lonnuithe cheana féin i iár na hEireann. Maidir le hEstáit de Thalamh Tionóntuithe chuir an laigheadú atá déanta ar an bhfuirinn moill, ar ndóigh, ar an obair a bhaineann le húnaeracht ghabháltas do dhílsiú i dtionónta-cheannuitheorí, ach táthar ag súil nach mbeidh ann ach moill shealadach.
Tuairim's £644,000 a caitheadh anuraidh ar Oibreacha chun Estáit d'Fheabhsú. Níl an tsuim seo ach beagán níos lugha ná an méid a chosain an gnó so an bhliain roimhe sin—an bhliain is aoirde bhí an caiteachas. Is ar oibreacha feabhsúcháin ar thailte a bhíothas tar éis a thógaint agus a roinnt sna blianta roimhe sin a caitheadh go leor den airgead seo, ar ndóigh. Tá bailiú na mBlianacht Talamh-Cheannaigh ag dul ar aghaidh réasúnta maith mar is gnáth. Tá cúig seachtód faoi'n gcéad den mhéid a bhí le bailiu faoí Ghála Mhí na Samhna agus Mhí na Nodlag anuraidh bailithe cheana féin.