Tá laghdú £28,510 ar an meastachán so i gcompráid le meastachán na bliana roimhe seo. Chífear, ámhthach, go mbaineann méadú £775 le taobh an chaiteachais de, agus gurab é an méadú £29,285 a meastar do Leithreasaí-i-gCabhair fé ndear laghdú bheith ar an méid glan a bhéas ag teastáil d'obair na bliana so rómhainn.
Is féidir caiteachas na bliana do roinnt idir na cúig seirbhísí seo leanas —an Ceann-Oifig, na Tionnscail Tuaithe agus an Taisc-Ionad, na Tionnscail Mara, Seirbhísí Ilghnéitheacha agus Teach-Sholáthar. Sa Cheann-Oifig tá méadú £676 ar an gcaiteachas, ach ní miste a thabhairt fé ndeara go mbaineann tuairim is £5,770 den chaiteachas le fuirinn atá tugtha ar iasacht do Rannaí eile Stáit, méid is móide £1,270 ar a gcóir i gheadh don rud chéanna anuraidh.
I geás na dTionnscal Tuaithe agus an Taise-Ionaid tá méadú £12,149; agus i gcás na dTionnscal Mara tá méadú £7,162. Tá laghdú £80 ar an méid a cóirítear do Sheirbhísí Ilghnéitheacha agus tá laghdú £19,132 ar an gcóiriú do Theach-Sholáthar.
Ag tagairt don mheastachán ina mhír agus ina mhír, níl aon rud le rá agam i dtaobh na Mírcheann A go C ach an rud adubhart cheana maidir leis an méid den bhfuirinn atá ar iasacht fé láthair ag Rannaí eile Stáit. Tuigfear gur laghduíodh go mór an fhuireann atá ag obair sa bhFó-Roinn, d'fhonn fuireann do chur ar fáil do sheirbhísí tábhachtacha eile a bhaineas leis an aimsir éigeandála so, ach tá orainn costas tuarastail na fóirne sin d'íoc ón Vóta so.
Tá méadú £11,057 ar na Mírchinn D (1) go D (9). Tá £16,500 breise á chóiriú againn fé D (6). Baineann sé sin le ceannach abhar do na tionnscail fighteacháin. Más féidir na habhair sin d'fháil, ceaptar go mbeidh an cóiriú méaduithe sin ag teastáil ag féachaint don árdú atá tagaithe ar phraghas na n-abhar. Táimíd ag déanamh gach is féidir chun na habhair seo agus abhair don Tionnscal Bréagán do chur ar fáil, agus tá áthas orm a rá gur éirigh go maith linn go dtí seo obair do choimeád leis na hoibritheoirí ins na tionnscail sin, gidh nach gan duadh a deineadh é.
Tá méadú £1,180 ar a gcóirítear fé Mhírcheann D (8) don Tionnscal Bréagán. Baineann an chuid is mó den mhéadú sin le costaisí breise maidir le hiomchar agus abhair phacála. Tá laghdú £1,100 ar an méid atáimíd ag cóiriú fé Mhírcheann D (5), toisc nach foláir dúinn fé láthair déanamh chomh maith agus is féidir é leis na meaisíní atá againn cheana.
Tá laghdú £5,100 ar an gcóiriú fé D (9) don Tionnscal Sníomhacháin. Ag féachaint don deacracht a bhaineas le maisínreadh agus abhair tógála d'fháil fé láthair, socruíodh nár mhiste féachaint chuige ar dtúis go mbéadh áis chun comhachta ar fáil sara raghfaí amach ar an meaisínreadh sníomhadóireachta do cheannach. Maidir le gléas comhachta, tá socruithe déanta, nó geall le bheith déanta, agus beifear ag cur chun na hoibre tógála agus deisiucháin gan ró-mhoill. Sé fé ndear laghdú bheith ar an gcóiriú i mbliana ná gur socruíodh ar scéim chiorruithe maidir le meaisínreadh agus oibreacha tógála, d'fhonn gurbh fhusa-de abhair d'fháil agus gur chinnte-dhe go mbeifí in ann scéim ionoibrithe do bhunú.
Tá méadú £4,542 ar an gcóiriú fé Mhírcheann E (3) do na Tionnscail Ceilpe agus Feamna. Sé fé ndear sin ná go bhfuilimíd ag déanamh soláthair i mbliana chun 1,000 tonna Ceilpe agus 3,500 tonna Feamna do cheannach, in ionad 800 tonna Ceilpe agus 2,000 tonna Feamna anuraidh, agus go mbeifear ag tabhairt praghsanna níos fearr ar an gCeilp agus ar an bhFeamain. Beidh £1 an tonna de bhreis ar phraghas na Ceilpe i mbliana, agus táthar ag súil le barra mhór dá réir. Tá an Cheilp á ceannach le haghaidh leasuithe talmhan agus ceannófar pé méid di a déanfar. Tá cúrsaí an Tionnscail Feamna ag dul chun cinn go maith freisin, agus leis na praghsanna méaduithe beidh roinnt mhaith airgid ag dul do na bailitheoirí.
Tá méadú £2,550 ar an gcóiriú fé E (4) don Tionnscal Cairrgíne. Sé fé ndear sin ná glaodhach níos fearr bheith ar an gcairrgín bidh agus gur mó a bhfad an praghas a bhéas le n-íoc as an gcairrgín agus as abhair pacála. Tuigfear ná baineann an cóiriú atá sa Mheastachán ach leis an gcairrgín bidh atá fé riaradh na Roinne, agus gur lucht gnótha a cheannuigheann an chairrgín a húsáidtear chun cúrsaí eile tráchtála. Is féidir a rá go bhfuil margadh sár-mhaith le fáil fé láthair do gach cairrgín a bailightear agus a sábháltar i gceart.
Tá méadú £1,092 ar an gcóiriú fés na Mírchinn F (1) go F (3) don Taisc-Ionad. Baineann an méadú sin ar fad nach mór leis an gcostas bhreise nárbh fholáir a chóiriú do chúrsaí iomchair agus abhar pacála.
Níl aon rud le rá agam maidir leis an gcóiriú atá á dhéanamh fé Mhírcheann G do Sheirbhísí Ilghnéitheacha ach a rá ná fuil sna méideanna ar leith ach comharthaí.
Tá laghdú £19,132 ar an gcóiriú fé na Mírchinn H (1) go H (4) do Theach-Sholáthar. Toisc chomh deacair is tá sé anois abhair tógála d'fháil, ní féidir linn bheith ag brath air go dtiocfaidh níos mó ná £16,000 le bheith iníoctha i mbliana fé Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Níl annsin ach rud éigin níos lugha ná a leath dár cóirigheadh anuraidh ach theasbáin obair na bliana go raibh an cóiriú a deineadh ró-mhór ar fad. De bharr an laghduithe sin, táimíd ag cóiriú do laghdú ar an bhfuirinn suirbhéireachta agus maoirseachta, agus do laghdú dá réir ar an gcostas taisdil. Níl sa chóiriú fé H (4) ach comhartha, toisc gan aon tairgsint do bheith fé bhráid fé láthair chun tithe nua do chur ar fáil do Mhúinteoirí sa bhFíor-Ghaeltacht.
Maidir leis an airgead a meastar a baileofar i mbliana tá méadú £21,100 ar an gcóiriú fé Mhírcheann I (1) do fháltaisí ó dhíolacháin na dTionnscal Tuaithe. Meastar go mbeidh na díolacháin i mbliana tuairim is £176,000 i gcompráid le £155,000 don bhliain roimhe. Tá £47,270 á soláthar i gcóir pá oibre i mbliana i gcompráid le £40,700 anuraidh. Seo leanas an pá oibre a híocadh le roinnt bhlian anuas:—
£9,802 sa bhliain 1935-36,
£12,768 sa bhliain 1936-37,
£14,680 sa bhliain 1937-38,
£18,766 sa bhliain 1938-39,
£26,391 sa bhliain 1939-40,
£39,076 sa bhliain 1940-41, agus
£42,500 sa bhliain 1941-42.
Ní gá ach tagairt do na figiúirí sin chun a theasbáint cad é mar bhreis atá tagaithe ar obair na dtionnscal tuaithe seo. Tá súil agam go mbeimíd in ann leanúint di, ach ní foláir a thuigsint go bhfuil sé ag éirighe ana-dheacair abhair dhéantóireachta d'fháil do na tionnscail seo.
Tá méadú £5,540 ar na fáltaisí a meastar a gheobhfar fé Mhírcheann I (2) ós na Tionnscail Ceilpe agus Feamna. Tá margaí cinnte fachta againn don Cheilp agus don bhFeamain agus tabharfar fé ndeara go bhfuilimíd ag súil go slánochaidh na fáltaisí airgid uatha an méid a bhéas á chaitheamh ortha fé Mhírcheann E (3).
Tá méadú £2,600 ar na fáltaisí a meastar a gheobhfar fé Mhírcheann I (3) ó dhíolacháin na cairrgíne. Ní miste dhom a rá arís ná baineann na díolacháin sin ach leis an geairrgín a dheineann an Roinn a phiocadh agus a phacáil chun í dhíol mar chairrgín a bhéadh oiriúnach do chúrsaí bidh. Tabharfar fé ndeara go bhfuilimíd ag súil go slánochaidh na fáltaisí airgid ón Chairrgín an méid a bhéas á chaitheamh uirthi fé Mhírcheann E (4).
Taobh amuigh de chúrsaí Teachsholáthair níor tháinig aon lagú ar na seirbhísí atá fé chúram na Fó-Roinne. Ní foláir dúinn bheith go fíor-bhuidheach dá bharr sin, ag féachaint dos na deacrachtaí a bhaineas le gach sórt gnótha i saoghal an lae indiú.
Ní dóigh liom gur gá dhom a thuille a rá fén Meastachán so.