Committee on Finance. - Vote 45—Office of the Minister for Education.

Tairgim:—

Go ndeontar suim ná raghaidh thar £129,788 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1944, chun Tuarastail agus Costaisí Oifig an Aire Oideachais.

That a sum, not exceeding £129,788, be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1944, for the Salaries and Expenses of the Office of the Minister for Education.

Na hocht Vótaí a bhfuil seirbhísí na Roinne seo ag brath ortha, teastuíonn £5,205,573 uatha i mbliana. An bhliain seo chuaidh thart theastuigh £5,040,482, agus trí Meastacháin bhreise san áireamh. Mar sin, tá £165,091 de mhéadú ann i mbliana. Is iad seo leanas na prímh-dhifríochta ata idir figiúracha an dá bhlian:—

Tá £5,282 de mhéadú ghlan i Vóta 45—Oifig an Aire Oideachais—agus teastuíonn £4,878 de sin mar gheall ar íocaíochta faoi na Rialacháin Stát-Sheirbhíse (bonus éigeandála), 1943. Is ionann líon don bhfuirinn sa dá bhliain .ï. 487 agus 121 chigire agus timthire san áireamh. Tá 26 de oifigigh na fuirne ar iasacht ag Ranna eile.

Tá £3,961,785 ag teastáil o Vóta 46— Bun-Oideachas—rud is ionann agus £128,948 de mhéadú. Sa gcás seo, freisin, is é an bónus éigeandála is príomh-abhar don mhéadú, óir cosnóidh sé £188,000. Mar is eól do na Teachtaí, deonuíodh bónus do na hoidí ón ladh d'Eanar, 1943—7/- sa seachtain d'fhir agus 5/- do mhná ach gan an tuarastal bliana do dhul os cionn £398 17s. Ach tá na figiúracha sin dá gcothromú go páirteach ag laghdú áirithe—ag easbaidh na n-íocaíocht de riaráistí tuarastal do bhí le déanamh mar gheall ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraighe i gcás Mhic Néanaigh. Do chosnuigh na híocaíochta sin £90,659 don Stát (£41,762 i mbliain a 1942-43), ach tá a ndeireadh íoctha, agus ní bhaineann siad leis an Meastachán seo.

I mbliana, don chéad uair, beidh scrúdú an bhun-teastais éigeantach ar gach páiste dá bhfuil sa séú rang agus nár ghnóthuigh an teastas cheana. Meastar go mbeidh £4,290 de chostas breise ar an Roinn mar gheall air seo.

Le haontú an Aire Airgeadais, tá socair agam 50 per cent. de mhéadú do dhéanamh i scála na ndeontas le haghaidh teinte sna bun-scoileanna, mar gheall ar bhreis-chostas an ábhair teineadh, agus tá £4,000 de bhreis dá sholáthar sa Meastachán don chuspóir sin.

An £24,195 de mhéadú atá i Vóta 47 —Meán-Oideachas—tá £18,000 de ag teastáil mar gheall ar an mbónus éigeandála atá deónuithe d'Oidí Meadhon-Scol ar an mbása céanna le hoidí na mbun-scol. Tá líon na ndalta sna meán scoileanna ag dul i méid, leis, 39,787 an uimhir do bhliain a 1942-43, agus 39,501 an uimhir do bhliain a 1941-42.

Maidir le Ceárd-Oideachas is beag athrú atá ar na riachtanais faoi'n mír-cheann seo. Táthar ag brath cúrsa eile do chur ar bun ar £2,233 de chostas, chun tréineáil do thabhairt d'Oidí-Thimthirí a cuirfear ag teagasc Gaedhilge agus ag eagrú gníomhacht Gaedhealach faoi Scéimeanna Gairme Beatha ar fud na tíre. Rud eíle, cuirfear ar bun cúrsaí gearra Samhraidh in innealtóireacht tuaithe, i bhFoirgneóireacht tuaithe, in eolaíocht tuaithe, i mbiadhtacht agus tá £420 dhá sholáthar lena n-aghaidh sin.

De na hocht Vótaí a bhfuíl mise freagarthach ar a son, isé Eolaíocht agus Ealadhain an t-aon cheann amháin a bhfuil a iomlán laghduithe i mbliana. Agus ní hé nach ndeachaidh costas na seirbhíse suas; mar gheall ar an mbónus éigeandála, tá £1,251 de mhéadú air. Ach i mbliana, don chéad uair, níl na fáltais ó dhíol na bhfoillsiúchán Gaedhilge (£3,250) á n-íoc; go díreach leis an Stát-Chiste. Is amblaidh atáthar ghá dtabhairt isteach mar leithreasaí-i-gcabhair don Vóta.

Maidirde Vóta 49—Eóluidheacht agus Ealadhain—ó rinneadh an príomh-Mheastacháin d'ullmhú, do chinn an Riaghaltas go nglacfaí ar láimh Oifig an Armais i gCaisleán Bhaile Atha Clath—oifig do dhún Riaghaltas na Breatan, an 31adh de Mhárta seo chuaidh thart. Ó seo amach, goirfear "Oifig na nGeinealach" den áit sin, agus beidh sé faoi stiúradh ag Oifigeach Geinealach. Le haghaidh na hoibre sin, do fuaireamar duine a bhfuil cáil aige mar ughdar ar chúrsaí geinealach agus a leithéidí. Ó thaobh riaracháin, measfar Oifig na nGeinealach do bheith ina brainnse den Leabharlainn Náisiúnta, agus beidh sí go geinearálta faoi mhaoirseacht ag Stiúrthóir na Leabharlainne sin. Maidir le fó-oifigigh na háite, táimíd ghá nglacadh chugainn féin ar na téarmaí céadna seirbhíse, beagnach, do bhí aca faoi Riaghaltas na Breatan.

Tá sé socruighthe go gcuirfear ar fagháil do Riaghaltas na Breatan mion-ghriangrafa de na stair-chairteanna luachmhara do bailigheadh ó am go ham i nOifig an Armais. Mar sin de, tá £1,400 dhá iarraidh sa Meastachán Breise le haghaidh costais na ngriangraf sin.

Tá ó 250 go dtí 280 de mhéadú ar líon mheasta na gciontathóirí óga atá faoi choimeád i scoileanna ceartúcháin. Go páirteach, nó go hiomlán, b'fhéidir, tá an droch-scéal seo ina thoradh ag iarsmaí an chogaidh—go háirithe san iomad cás ina bhfuil an t-athair as baile agus an chlann in easbaidh a smachta. Na síntiúis a thugann tuismitheoirí no gáirdiain uatha, faoi órduithe cúirte, chun costais cloinne i scoileanna ceartúcháin agus saothair, roinntear anois iad idir an Stát agus na húdaráis áitiúla, do réir ailt 22 d'Acht na bPáistí, 1941; agus isé sin is fáth don laghdú ó £4,500 go dtí £3,860 sa suim atá leithreasuithe faoi'n mírcheann seo i bhfo-mhírcheann E den Vóta.

Isé an bónus éigeandála is fáth iomlán leis an méadú beag (£145) atá ar mheastachán Vóta 51—An Gailerí Náisiúnta.

Tá obair Institiúid Ard-léighinn Bhaile Atha Cliath tar éis teacht chó fada ar aghaidh agus go mbíonn toradh an tsaothair le cur i gcló agus le foillsiú, agus is é an costas sin is fáth leis an méadú sa Meastachán ó £16,460 go dtí £17,250.

Maidir leis an Vóta do Bhun-Oideachas, is truagh liom é bheith le rádh go fóill nach bhfuil an lucht freastail chó líonmhar agus ba mhian linn; ach, mar sin féin, tá cuma níos fearr ar an scéal ná mar bhí le tamall maith de bhlianta. O bhí bliain 1927 ann, bhí gnáth-líon na ndalta ag dul i ngainne; ach tháinig feabhas beag ar an bhfreastal i mbliain 1941-42. Gan páistí coigríche do chur san áireamh, bhí 456,750 ar na rollaí sa mbliain sin— 750 níos mó ná mar bhí i mbliain 1940-41. Cúis áthais an méid sin féin. ach dar ndóigh, is í an aimsir innseochas dúinn ciaca bhéas sé ina mhéadú buan nó nach mbeidh.

Ar feadh na ndeich mblian seo caithte, ba é an freastal a bhí ann, ó 82 per cent. go dtí 84 per cent. den méid dalta bhí ar na rollaí; agus don tréimhse sin go léir, bhí an meán-fhreastal ós cionn 83 per cent. Sa tréimhse céanna bhí an meán-fhreastal ó 84 per cent. go dtí 85 per cent. i gcás na ndalta a mbaineann an tAcht Freastail Scoile leo .i. páistí idir 6 bliana agus 14 bliana d'aois. Sa mbliain do críochnuíodh an 30adh Meitheamh seo chuaidh thart, bhí 84 per cent. de mheán-fhreastal ann; agus do réir na bhfigiúr oifigiúil, do tháinig méadú ar an bhfreastal scoile sa mór-chuid de na contaethe agus na contae-bhuirgí.

I gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath, Choreaighe agus Phort Láirge, mar a bhfuil na coistí scoil-fhreastail ina n-údaráis áitiúla, bíonn an freastal i gcomhnaidhe níos fearr ná mar bhíos sé sa gcuid eile den tír. Do rinneadh freastal chó hárd le 85 per cent. agus le 88 per cent. sna cathracha sin.

Sa mbliain do críochnuíodh an 30adh de Mheitheamh seo chuaidh thart, do rinneadh 88.2 per cent. de mheán-fhreastal i gCathair Choreaighe, 87.5 per cent. i gCathair Bhaile Atha Cliath agus 85.7 per cent. i gCathair Phort Láirge—i geás páistí idir 6 bliana agus 14 bliana d'aois. Maidir le páistí den aois chéanna sna ceanntair eile, do rinneadh 85 per cent. de mheán-fhreastal i gCo. Chorcaighe, i gCo. Chiarraighe, i gCo. Chill Choinnigh agus i gCo. an Chláir; ach bhí an meán-fhreastal faoi 82 per cent. i gcontaethe eile—Tír Chonaill, Muineachán, Cill Dara, Longphort, An Mhidhe, Cill Mhanntáin, Sligeach agus Liathdruim. I gceanntair mar iad sin, do bhí o 18 per cent. go 20 per cent. as láthair, gach lá, de na páistí a mbaineann an tAcht leo. Ní féidir a rádh gur scéal sásúil é sin.

Maidir le tógáil tithe scoile, do húdaruíodh sa mbliain airgeadais seo caithte £120,075 de dheontais do ghnáth-thithe scoile, agus do húdaruíodh £18,000 den mhéid sin le haghaidh deontas "Gábhach". Chun 21 de thithe nua scoile do thógáil, chun 4 cinn eile d'fhairsingiú, agus chun feabhsú do chur ar 178 eile seadh do deonuíodh an t-airgead seo atá luaidhte agam. Ina theannta sin, do deonuíodh £120,318 chun dhá cheann de mhór-scoileanna nua do dhéanamh —scoil bhuachaillí agus scoil chailíní agus naoidheanán, i gCabrach Thiar. Mar sin de, do deonuíodh £240,292 sa mbliain airgeadais 1942-43. Sa mbliain do eríochnuíodh an 31adh de Mhárta, 1943, do chaith Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe £240,900, agus bhí £422,885 de riaráiste ortha an ladh d'Aibreán, 1943.

Maidir leis an mbliain airgeadais atá ann fá láthar ag súil le bheith i ndon deontais den méid chéanna d'údarú do ghnáth-chásanna— taobh amuigh de nua-scoileanna a mbeadh riachtanas speisialta leo mar gheall ar imirce as ceanntair phloduithe chathrach. Acht tá luach na n-ábhar ag síor-mhéadú, agus is deacair ábhair áirithe d'fháil ar chor ar bith. Ó thárla sin amhlaidh, ní beifear i ndon oiread de thógáil tithe do dhéanamh agus d'fhéadfaí a dhéanamh ar an airgead céanna roimh airmsir an chogaidh—no i mbliain 1942-43 féin.

Ó bhí an t-athrú Riaghaltais ann, i mbliain a 1922, do rinneadh 538 de thithe nua scoile, agus do rinneadh feabhsú mór ar 828 do bhí ann cheana. Idir an ladh d'Aibreán 1922, agus an 31adh de Mhárta, 1932, do rinneadh 173 de thithe nua scoile agus do rinneadh feabhsú mór ar 210; agus idir an ladh d'Aibreán, 1932, agus an 31adh de Mhárta, 1942, do rinneadh 365 de thithe nua scoile agus do rinneadh feabhsú mór ar 618. Sa dá thréimhse chéanna, do rinneadh a lán mion-fheabhsú ar thithe scoile. On ladh d'Aibreán, 1922, go dtí an 31adh de Mhárta, 1932, do deonuíodh go hiomlán: Gnáthach—£672,967; Gábhach—£104,059; sé sin, £777,026. On ladh d'Aibreán, 1932, go dtí an 31adh de Mhárta, 1943, do deonuíodh go hiomlán: Gnáthach—£1,882,959; Gábhach—£324,104; sé sin, £2,207,063. ach, dá ainneoin sin go léir, teastuíonn go fóill uainn mórán eile den tsórt céanna oibre do dhéanamh. Séard a meastar go geaithfimíd tréimhse áirithe do leagan amach, 10 mbliana go dtí 15 bliana, abair, chun leanúint go dícheallach do dhéanamh tithe scoile, sa gcaoi nach mbeidh orainn, tar éis an tréimhse sin, ach an méid do theastódh go nádúrtha tré imeacht na haimsire. Chun a leithéid sin de phlean do chur i ngníomh, ceaptar go mba riachtanach ó 900 go dtí 1,000 de thithe nua scoile do dhéanamh, go gcaithfí feabhsú agus fairsingiú do dhéanamh ar 1,200 dá bhfuil ann cheana, agus go gcosnódh an obair go léir tuairim's £5,000,000.

Is truagh nach mbeifear ábalta obair dá leithéid sin a dhéanamh le linn na héigeandála. Is é a dtig leis an Roinn a dhéanamh san am i láthair cuidiú a thabhairt le scoileanna nua a thógáil i gcásanna a bhfuil géarriachtanas lena leithéid agus foirgneamh ar bith atá dona go leor a fheabhsú ar dhóigh go seasódh sé go cionn tamaill eile de bhlianta.

Maidir le téidheamh agus glanadh na mbun-scol, is maith liom é a bheith agam le rádh go gcuideoidh méadú an deontais le haghaidh téidheamh leis na bainisteoirí a raibh a sáith le déanamh aca sa cheist seo. Rinneadh socrú go mbeadh árdú sealadach de 50 per cent. ins na deontais seo i gcóir na bliana dar chríoch an 31adh de Mhárta, 1943, agus leanfar de sin a fhad is bhéas luach an ábhair teineadh chó hárd is atá sé. An tsuim de £41,000 a cuireadh i leataoibh ins na meastacháin i gcóir na bliana dar chríoch an 31adh de Mhárta, 1943, do théidheamh agus do ghlanadh na mbun-scol, rinneadh méadú air sin go £45,000 ins na meastacháin don bhliain a chríochnuíos ar an 31adh de Mhárta, 1944. Cuirfear amach ciorcallán ina thaobh seo chuig bainisteoirí na mbun-scol gan mhoill.

Maidir le cúrsaí oideachais, an príomh-athrú is mó baineann sé le scrúdú an bhun-teastais.

Nuair a bhí mé ag cur meastacháin na bliana 1942-43 ós cóir na Dála, dubhairt mé go rabhthas ag cuimhneamh ar scéim nua scrúdúcháin a chur ar bun, ó thárla nár chuir níos mó ná 25 per cent. den lucht tinnrimh isteach ar an scrúdú. Tá socrú déanta ó shoin go dtiocfaidh an scéim nua i bhfeidhm i mbliana. Beidh an scrúdú ann Dia Máirt, an ladh de Mheitheamh, agus gach dalta atá cláruithe i Rang VI agus a rinne freastal céad lá ar a laghad, caithfe sé an scrúdú sin a sheasamh.

Níl sé riachtanach ar dhaltaí ar bith dá bhfuil ins na hárd-ranga an scrúdú seo a sheasamh i mbliana, murar mian leo féin é, ach tá súil agam go mbeidh a lán de na daltaí atá i Ranga VII agus VIII ag cur isteach ar an mbunteastas anois—iad sin nach bhfuair caoi go dtí seo an scrúdú a dhéanamh.

Sa bhliain 1944 agus as sin amach is é an rún atá ann go geaithfidh na daltaí go léir i Rang VI agus ins na hárd-ranga agus nach ndeachaidh faoi scrúdú an bhun-teastais an scrúdú sin a sheasamh, má tá an freastal atá riachtanach déanta aca agus muna bhfuil leithscéal réasúnta aca a bheith as láthair.

Bhéarfaidh an scéim nua caoi chun tástáil a dhéanamh i dtrí hábhair scoile. Gaedhilg, Béarla agus Aireamh na trí hábhair sin, le cois tástáil speisialta in áireamh de ghlanmheabhair, agus beidh an scrúdú thart i lá amháin. Cuirfidh bainisteoirí na scol in iúl cá háit ar mian leo ionaid scrúduithe a bheith, ach toil na Roinne a fháil i gcóir na n-ionad sin. Tig leis na bainisteoirí sin maoirseacht a dhéanamh ar an scrúdú, nó tig leo an mhaoirseacht sin a thabhairt d'oidí nó do dhaoine feiliúnacha eile. Ach beidh gach socrú aca seo ag brath ar aontú d'fháil ón Roinn, agus ag brath ar an gcoinníoll nach mbeidh cead ag aon oide bheith ina mhaor ar an scrúdú ná bheith páirteach i maoirseacht an scrúduithe ina scoil féin, muna mbeidh scoláirí eile ag dul faoi scrúdú i dteannta a chuid scoláirí féin. Chun postas agus mion-chostais eile d'íoc, bhéarfar deontas beag d'oidí scoile a bhéas ina maoir ar an scrúdú. Do gach cigire-cheanntar, toghfar oidí chun na páipéir scrúdúcháin do mharcáil faoi threoir chigire an cheanntair. Daltaí a n-éireoidh an scrúdú leo, bronnfar an teastas ortha, agus deimhneoidh an teastas gur éirigh leo sna trí thástáil úd, agus, ina theannta sin, cuirfear i scribhinn ar an teastas cad iad na hábhair eile de chlár Rang VI a bhfuair an dalta teagasc ionnta sa scoil-bhliain chéanna. Caithfear 40 per cent. de na marcanna do ghnóthú i ngach ábhar faoi leith chun pas d'fháil; ach, sa nGaeltacht, glacfar le 30 per cent. de na marcanna ar son Béarla.

Is dóigh liom go rachaidh idir 40,000 agus 50,000 dalta faoi'n scrúdú seo i mbliana. Is mór an beartú é, agus táim ag súil nach dualgas lom ach dícheall a dhéanfaidh na bainisteoirí agus na hoidí lena chur in éifeacht. Is minic adubhrathas go hoifigiúil go mba chóir caoi chothrom chun an teastas seo do ghnóthú bheith ag gach dalta ionscrúduithe dá bhfuil sa tír. Tá an chaoi cothrom sin dá cur ar fáil anois, agus táim cinnte go mbeidh fáilte roimpi ag na tuismitheoirí go léir a bhfuil an tsuim cheart aca in oideachas a geloinne.

Tá sé de dhóchas agam go n-éireoidh na teastais seo níos luachmhaire do réir a chéile. Nuair a rachas an saol chun socrachta, ba chóir go mb'fhéidir a n-úsáid mar phasanna isteach chun oideachais níos airde, chun ceárda, chun printíseacht, agus chun a lán gnó eile. Ar an mbealach sin do beifí ag tnúth leo, mar gheall ar a dtairbhe saolta chó maith lena dtairbhe oideachais.

Maidir leis an meán-oideachas, tá líon na ndalta ag méadú ó bhliain go bliain. I mbliana, tá 39,000 dalta ag freastal meán-scol—uimhir atá 300 ós cionn líon na bliana seo caithte. Ó 1929-30 go dtí 1941-42, d'éirigh an uimhir ó 27,645 go dtí 39,500, rud is ionann agus beagnach 1,000 dalta de mhéadú ós cóir gach bliana. Mar sin de, tá ráta an mhéaduithe níos lugha i mbliana; ach ní bheadh a leithéid de laghdú ann mura mbeadh iarsmaí na héigeandála. Ní hé amháin go bhfuil busanna agus traenacha gann, ach is deacair rothair d'fháil, agus tá siad sin an-áisiúil ag daltaí a bhfuil comhnaidhe ortha sna ceanntair tuaithe.

Maidir leis an gelár agus leis na scrúdúcháin, tá athrú amháin tábhachtach le n-innsint agam, agus is é sin an t-athrú atá á dhéanamh ar an gcaighdeán le haghaidh onórach.

Is minic adubhrathas go dian gur róíseal an caighdeán do bhí againn le haghaidh onórach sna scrúdúcháin teastas agus i ngach ábhar faoi leith, agus go raibh an iomarca dalta ag gnóthú an teastais le honóracha. Tá machtnamh cúramach déanta agam ar an scéal, agus táim ag brath athrú áirithe do dhéanamh, i mbliana, ar na rialacha bhaineas le bronnadh na dTeastas seo. Chun meán-teastas le honóracha do ghnóthú, beidh sé ar na coinníollacha go gcaithfidh an t-iarrthóir onórach 60 per cent. d'fháil i dtrí hábhair, nó onóracha i dhá n-ábhar agus 50 per cent. i dhá n-ábhar eile. I gcás an lán-teastais, táthar ag brath caighdeán na n-onórach d'árdú ó 50 per cent. go dtí 60 per cent.; agus i gcás pas ar pháipéar na n-onórach, táthar ag brath an caighdeán d'árdú ó 30 per cent. go dtí 40 per cent.

Maidir leis an gclár léighinn, tá cúrsaí in eólaidheacht talmhaíochta da n-eagrú faoi láthair, agus táim ag súil lena gcur ar chlár na meán-scol le haghaidh na scoil-bhliana seo chugainn. Go príomhach tá na cúrsaí seo á mbunú do scoileanna a bhfuil feirmeacha aca féin, nó a bhfuil talamh le fáil aca go comhgarach. Séard a bhéas ionnta, teagasc teóireach agus obair saotharlainne, maraon le hobair láimhe agus teagase sa ngort agus sa ngáirdín.

Fiú amháin sna scoileanna móra ina dteagasctar an clár iomlán d'ábhair liteardha, is féidir mórán do dhéanamh maidir le tréineáil talmhaíochta, agus is ri-mhaith atáthar ghá chruthú sin i gceann de na meán-scoileanna is mó dhá bhfuil againn. Sa scoil seo, atá buidhean buachaillí a bhfuil an tsuim aca i bhfeirmeóireacht, agus cé's moite de roinnt chonganta fostuithe déanann siad féin gach uile obair dá mbaineann le tógáil eallaigh agus mue agus éanlaithe, le caomhnú glaisfhéir agus triosca, le brúghadh coirce, le planntáil chrann, etc., etc.

I ngach slighe is an-suimiúil an toradh atá ar an tréineáil seo. Ní hé amhain go bhfuil breis agus dá fhichid acra talmhan dá saothrú i mbliana, ach tá na buachaillí tar éis tosnú ar mhairtfheoil agus caoirfheoil an choláiste do sholáthar, agus tosnóidh siad ar an muicfheoil do sholáthar, freisin, nuair a gheobhfar a chead sin ó Bhord Bagúin Bhaile Atha Cliath. Is óna gcuid eallaigh féin a fhághann siad bainne le haghaidh an Choláiste agus soláthruíonn siad dóthain an choláiste agus na feirme de bhiadh ón talamh ina theannta sin.

Maraon, leis an deagh-obair sin go léir, tá nidh eile an-tsásúil le tabhairt faoi deara. Ní beag an feabhas atá tar éis teacht ar thoradh na scoile seo sna scrúdúcháin phoiblí agus is léir gur mhaith an congnamh chuige sin na buachaillí do bheith níos fuinneamhaighe agus níos dícheallaighe ó chuaidh siad i mbun na hoibre atá luaidhte agam.

Is fiú, freisin, a thabhairt faoi deara nach bhfuil congnamh ar bith airgid dá fháil ón gcoláiste ag an bhfeirm. Is amhlaidh do fuarthas iasacht on mbanc lena haghaidh ar dtús.

Díoltar toradh na feirme leis an gcoláiste do réir reacht an mhargaidh, agus mar gheall ar na proifidí do rinneadh air sin, do bhí sé i gcumas na feirme, ó bhliain go bliain, a thuilleadh stuic do cheannach agus a thuilleadh oirnéise le haghaidh na hoibre. Maidir leis sin, is cóir a chuimhniú nach bhfuil ach fir-bheagán de thalamh churaíochta ag, an gcoláiste féin agus gurbh éigean talamh ar cíos d'fháil sa gcomhursanacht, do réir mar bhí an obair ag dul i méid.

Nidh eile atá suimiúil, creideann udaráis na scoile seo gurb í an obair láimhe is fáth leis an spéis mhóir atá ag na buachaillí i saothrú na feirme. Gach obair dá ndéanann na mic léighinn taobh amuigh d'uaireanna scoile, déanann siad í dá ndeoin féin dar ndóigh. Taithníonn sí go mór leo, agus ní hé amháin go dtáinig feabhas ar a n-obair scoile lena linn, ach do tháinig feabhas ortha maidir le sláinte agus sástacht intinne.

Ní leagtar amach an cúrsa talmhaíochta ina chúrsa fá leith agus gan aon bhaint aige le am-chlár na coda eile den choláiste. Déanann na buachaillí atá ina n-abhar feilméaraí cúrsa iomlán na meán-teistiméarachta, agus ina theannta sin bíonn am aca le cluichí a imirt gan aon chosúlacht a bheith ortha iad bheith tuirseach. Ní dóibh siúd amháin ar b'eol a bheith fútha dul le feilméireacht a ceaptar obair feilme. Bíonn fáilte roimh bhuachaill ar bith ar mian leis dul ag obair ar an bhfeilm.

Ní gádh dhom a rádh nach sompla é seo de na meán-scoltacha go léir atá againn. Níl ann ach sompla den rud is féidir a dhéanamh i scoil mhóir a mhúineas líon iomlán na n-ábhar eile. Is maith liom é bheith le rádh agam san am chéanna go bhfuil coláisti eile ann a bhfuil tosach déanta aca leis an gcineál seo oibre agus tá súil agam go ndéanfaidh coláistí eile fós iarracht seo a dhéanamh freisin.

Sula gcuiridh mé deire le ceist seo an mheán-oideachais ba mhaith liom a rádh go bhfuiltear tar éis tuilleadh a dhéanamh lena chur in áirithe nach mbeidh aon difríocht mhór idir an cineál scrúduithe a bheas le déanamh ag na scoláirí san Árd-ghrád sa mheánscoil agus ins na scrúduithe máithreánacha san Ollscoil Náisiúnta.

Rinne mé tagairt anuiridh do na socruithe a rinneadh le cóiriú a dhéanamh ar na cúrsaí a bhí ann don Ard-Teistiméaracht agus do scrúdú máithreánach na hOllscoile Náisiúnta. Chun an cóiriú sin a chur i lán-fheidhm ta socair i mbliana scrúduitheoirí comhairleacha eachtrannacha cheapadh i gcóir scrúdú na hárd-teistiméarachta. Is ó Ollamhna agus ó Leigheachtaithe na hOllscoile atá lán-cháilithe leis an obair seo dhéanamh tríd an nGaedhilg ceapfar na scrúduitheoirí seo. Cuideoidh coistí beaga de na cigirí leis na scrúduitheoirí seo nuair a bheas na páipéirí á leagan amach aca. Maidir leis an socrú seo ba mhaith liom a chur in iúl go soiléar gur agam-sa, an tAire Oideachais, a bhéas an lánúdarás chun an scrúdú do dhéanamh agus gur orm-sa a bhéas an lán-fhreagarthacht chuige sin.

Tá tosnú déanta againn i gcóir an chéad scrúduithe eile agus chuige sin ceapadh scrúduitheoirí den tsórt sin do na príomh-abhair agus beidh ainmneacha na scrúduitheoirí sin ar na páipéiri scrúdúcháin.

Máidir leis an ngairm-oideachas, tá orm a chur in iúl nach raibh ar an rolla sa mbliain 1941-42 ach 63,975 scoláire, cé go raibh 65,618 ar an rolla sa mbliain 1940-41. Fá'n dtuaith is mo a thárla an chuid is mó den laghdú seo, óir níorbh fhéidir, cheal gléas iompair, an oiread céanna cúrsa chur ar bun ins na háiteacha a bhí i bhfad ó bhaile. Sheas an tinnreamh go maith i rith na bliana ins na ceanntracha buirge agus ins na baile-cheanntracha, ach ins na bailte beaga agus ins na scoltacha tuatha thuit an tinnreamh go mór i ngeall ar theora a bheith le gléas taistil phuiblí agus i ngeall ar ghanntanas buinn do na rothair. Do thuit an tinnreamh ins na scoltacha tuatha freisin san earrach i ngeall ar an nglaoch mhór a bhí ar lucht oibre don churadóireacht agus do bhaint agus do shábháil na móna. In áiteacha bhí ar na scoláirí bheith tréimhsí fada as láthair agus in áiteacha eile b'éigean dóibh bheith as láthair an t-am go léir. Ba bhliain an-chruaidh í do scoil leanúna ar bith a ndéanann scoláirí freastal uirthe dá ndeoin féin. Agus an scéal do mheas ina iomlán níl aon chúis casaoide againn fá'n toradh seo. Maidir leis an obair a rinneadh ins na scoltacha is áthas liom a rádh go bhfuil sí ag dul ar aghaidh go maith. Rinneadh scrúdú speisialta le trí bliana anuas ar obair gach oide lán-ama agus obair go leor de na hoidí páirt-ama a bhí ag múineadh ins na gairm-scoltacha. Tá na tuarasgbhála go maith chó fada is bhaineas le teagasc na n-ábhar fá leith. Tá cuspóirí áirithe ag na hoidí agus leanann siad dóibh ag obair leo do réir scéimeanna a hathruítear Ó scoil go scoil ach atá feiliúnach go generálta don chuspóir atá rómpa aca.

Go sonnrach tá teagasc na gcleachtabhar go maith tríd an tír. Tá na ceárd-sheomraí leagtha amach go maith agus na cistiní cóirithe go maith agus an t-iomlán faoi dheis mhaith agus in úsáid i rith na seachtaine. Tá na hoidí sár-oilte ar a gcuid ceárd agus na scoláirí a láimhsíonn giúirléidí nó gléasanna cistinighe den chéad uair ní fada go mbíonn siad oilte ar iad d'úsáid agus foghluimeann siad an chaoi lena n-úsáid go tapaidh agus obair mhaith a dhéanamh leo.

Sé an rud is mó a bhíonn le déanamh ag na hoidí ceangal a dhéanamh idir an teagasc a tugtar do na scoláirí ins na hábhair go léir i dtreo gur fearrde ar an mbealach sin an t-oideachas generálta a tugtar dóibh. Is fíor seo go mór mhór i geás na gcúrsaí lae lán-ama, mar ba cheart go bhfuigheadh daoine óga cothrom maith den oideachas ghenerálta i dteannta na ceárd-oiliúna a tugtar dóibh. Cé go bhfuil na hoidí na hoidí cáilithe ina gcuid ábhar féin cliseann ortha leorsmaoineadh a dhéanamh ar an gcaoi lena gcuid ábhar féin a cheangal leis na habhair eile atá ar an gcúrsa. Ní thuigeann na hordí i gceart nach leor bheith ag smaoineadh i gcomhnaidhe ar chaighdeán áirithe a bhaint amach don rang in ábhar fá leith, ach gur ceart breathnú freisin ar an scéal ó thaobh an oideachais níos leithne ba cheart thabhairt don ghlúin óig seo go háirithe ó thaobh oideachais sóisialta.

Tá feabhas do réir a chéile ag teacht ar éifeachtúlacht an teagaisc a tugtar sa tuath-eolaíocht. Deich mbliana ó shoin ní raibh aon trácht ar na cóábhair a thagas fá'n il-theideal seo, mar ní raibh oidí, ná garraithe scol ná nós ann. Bhí ar na fir óga a tháinig díreach ó na coláistí a mbealach a dhéanamh ón ngarraí féir go dtí an garraí scoile, agus ón seomra scoile go dtí an tsaotharlann eolaíochta. Bhí ortha, san am chéanna, intinn na ndaoine óga agus intinn a naithreacha agus a máithreacha a dhíriú ar an gcuspóir nua. Rámhaiocht in aghaidh an tsrotha a bhí ann dóibh, agus theastuigh misneach agus iarracht speisialta uatha. Tá obair sár-mhaith déanta ag cuid de na hoidí agus bhain siad cáil amach dóibh féin agus dá gcuid scoil i measc muintir na tuatha. Cé's moite de roint oidí tá obair-mhaith a dhéanamh ag an gcuid eile agus tá siad ag dul ar aghaidh ó bhliain go bliain.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh annseo don obair mhaith a rinne oidí tuath-eolaíochta an geimhreadh seo ag tástáil síol arbhair do na feilméaraí. D'iarr an tAire Talmhaidheachta ortha an obair seo a dhéanamh le laghdú a dhéanamh ar an gcruadhóig oibre a bhi ar phríomh-stáisiún tástála an tsíl. Rinneadh an obair ar fud na tíre agus socruíodh an nós oibre ag roinnt cruinniú a tionóladh in áiteacha thall agus i bhfus ar fud na tíre. Cuidíonn an ghairm-scoil le feilméaraí an cheanntair in aisce. Baineadh feidhm mhór as an socrú seo agus tástáladh 5,722 sampla ins na scoltacha go dtí Mí Feabhra. Tá áthas orm é bheith le rádh agam gur thug na scoltacha seirbhís luachmhar den chineál seo in am na práinne.

Chó fada is bhaineas leis an bpolasaí generálta Oideachais atá againn ba cheart feasta, creidim, ceangal níos dlúithe a bheith idir an dul chun cinn atá déanta ag eolas na heolaíochta agus oiliúint na heolaíochta. Sa saol atá ann indiu ní féidir mórán dul chun cinn a dhéanamh ar an bhfeilm, sa gceárd-sheomra, san oifig agus sa gcistinigh, gan cabhair ón eolaíocht. Má tá faoi dhaoine ar bith dul ar aghaidh sa saol caithfe siad feidhm a bhaint as an eolaíocht. Ní mór an teagase seo a chur abhaile ins na scoltacha. Mara ndéantar seo beidh thiar ar an Eireannach sa gcoimhlint ghéar a bheas ann de dheascaibh an droch-bhail atá ar chúrsaí gnótha indiu.

Is áthas liom a rádh maidir le leathnú a dhéanamh ar oideachas leanúna ins na scoltacha gairmoideachais go bhfuil ag eirghe go rímhaith ó thaobh an oideachais leis an socrú a rinneadh i gCathair Chorcaighe le haghaidh tinnrimh éigeanta ó dhaoine óga ar scoil nó cúrsa oideachais de chineál eicínt go dtí go mbeadh siad sé bliana déag d'aois. Fá'n socrú seo tá sé d'fhiachaibh ar suas le míle duine den aos óg freastal ar chúrsa deagh-cheaptha staidéir ins an scoil oideachais leanúna. Marach sin ní thiocfaidís fá thionchur oideachais d'aon chineál an tráth dá saol is so-mhúnluithe iad. Is iomdha áis thairis sin a cuirtear ar fáil i bhfuirm léigheachtaí, cuirmeacha ceoil, teasbántaisí oideachais, aclaíocht cuirp, lúithchleasa, agus claisceadail dóibh seo atá ag freastal na "cúrsaí éigeantacha". Is mór an tsuim a cuirtear ins na nithe sin. Tréis chó hionmholta is atáan socrú tá aon locht amháin air, sé sin, gur minic nach mbíonn obair le fáil dá lán de na buachaillí agus na cailíní ar chríochnú a gcúrsa dhóibh. Tá lucht ceannais na scol thréis búreau fostaíochta a bhunú ach ní go maith a d'éirigh leis go nuige seo. Dar ndóigh is rud andeacair obair fháil d'aos óg na geathracha agus is ceist í ó thaobh na códhaonnachta dhe a caithfear a scrúdú go cúramach chó luath agus is féidir é.

Maidir le iallach a chur ar dhaoine óga i gceanntracha eile freastal ar chúrsaí den chineál céanna cuireadh i bhfeidhm le Ordú i gCathair Luimnigh ar an gcéad lá de Dheire Fómhair seo a chuaidh tharainn na forálacha de chuid a cúig d'Acht an Oideachais Ghairme Beatha fána bhfuil na cúrsaí éigeantacha seo ag obair i gCathair Chorcaighe. Fritheadh Árus feiliúnach i gcóir na hoibre agus fá Mhí na Nodlag bhí 330 duine ar an rolla. Tuairim is 500 den aos óg atáthar ag súil a thiocfas fán Ordú nuair a bhéas sé fá lán-scód.

Táthar ag smaoineadh an socrú céanna a chur i bhfeidhm i gCathair Phort Láirge. I láthair na huaire táthar ag dul i gcionn ceist seo an aosa óig ar bhealach eile i mBaile Átha Cliath. Ins an mbliain airgeadais seo caithte tugadh £5,000 de dheontas do Choiste Oideachais Ghairme Beatha Chathrach Átha Cliath le ionaid oiliúna i gcóir an aosa óig a bhunú le cúrsai feiliúnacha a chur ar fáil d'aos óg na cathrach nach bhfuil ag obair. Tá an deontas dá fháil acu arís sa mbliain airgeadais seo. Is ar fhochoiste speisialta a toghadh de barr suim fá leith a bheith acu in obair códhaonnachais agus de bharr cleachtadh fá leith a bheith acu urithi atá cúram an deontais. Tá dhá ionad oiliúna bunuithe cheana, ceann ar an taobh thuaidh den chathair agus ceann ar an taobh theas. Tá sé ar intinn péire eile a bhunú. Tá oideachas feiliúnach agus caitheamh aimsire feiliúnach le fáil ins na hionaid sin do dhaoine óga idir cheithre bliana déag agus ocht mbliana déag d'aois. Is mó de ghnéithe an chlub ná de ghnéithe an tighe scoile atá ag baint leis na hionaid sin. Meastar gur nidh an-tábhachtach é tionchur chinnirí an aosa óig a fuair oiliúint fá leith i gcóir na hoibre agus a chuidíos leis na daoine óga ar bhealach cháirdiúil, rud nach bhféadfadh an gnáth-oide a dhéanamh. Is iomdha sin caoi a cuidítear le clubanna agus le cumainn aosa óig eile na cathrach; cuir i gcás, cuirtear teagascóirí oilte chuca nó tugtar uirlisí oibre ar iasacht dóibh. Tháinic tuairm is £2,000 ar fad fá'n scéim i rith na céadbhliana agus tá an-bhaochas tuillte ag an bhfo-choiste as ucht ceann maith a chur ar an obair.

Maidir leis an gceárd-oideachas féin, tá áthas orm go dtig liom a rádh go bhfuil dul chun cinn dhá dhéanamh i gcomhnaidhe, go háithrid maidir leis na scéimeanna éagsúla atá ann le printíseacha céirde a oiliúint. Sé an scéim a bunuíodh fá chóir phrintíseacha Bhord Sholáthar an Leictreachais an ceann is sásúla orra sin. Is de thoradh scrúduithe trí scríbhinn, trí chómhrádh agus in obair láimhe a leigtear printísigh isteach. Ar feadh trí mhí i ngach bliain den téarma printíseachta, déanann an printíseach freastal ar chúrsa speisialta ceárdúil i gCéard-Scoil Shráid Chaoimhghein. I rith na coda eile den bhliain nuair a fhilleas na printísigh ar a ngnáthobair ar fud na tíre, leantar den oiliúint neamh-cheárdúil tríd an bposta. Ioctar bónuis le printísigh a n-éirigheann leo i scrúduithe teicneolaíochta na Roinne.

Scéim an-tsásúil eile i gcóir oiliúint printíseach is eadh an scéim atá ag an Roinn Cosanta do phrintísigh mheicníochta ins an Aer-Chór. Is ins na ceárd-scoltaca éagsúla a tugtar an oiliúint réimh-phrintíseach agus is i scoil speisialta na Roinne i mBaile Domhnaill a tugtar an chuid eile den oiliúint. Scéimeanna eile atá fé stiúrú Choistí Printíseachta, más fé reacht nó go deontach a bunuíodh iad, agus a bhfuil obair an-tsásúil á dhéanamh acu is eadh na scéimeanna atá ann i mBaile Atha Cliath i gcóir printíseach clódóireachta, pluméarachta, bríceadóireachta, déanamh troscáin, déanamh uaireadóirí, bácaerachta agus obair tighthe peictiúirí. An printíseach atá ag dul le haon cheann de na céirdeanna sin is éigin dó freastal ar an gceárd-scoil le linn a théarma printíseachta nó roimhe sin. Tá lucht na céirde agus an scoil ag obair as lámha a chéile agus bíonn deagh-thora dá réir ar a gcuid oibre. Sé caingean na Roinne an cóoibreachas sin a chur ar fáil i ngach céird inar féidir é, ach níl sé éasga sin a dhéanamh ach amháin ins na céirdeanna a bhfuil cumainn láidre aca.

Cuireadh scéim ar bun an fómhar seo caithte le printísigh a oiliúint chun bheith ina gcaidí i gcabhlach tráchtála na hEireann. Thairg Irish Shipping Limited (Comhlucht Loingseoireachta Eireann, Teo.), agus roinnt de na coistí oideachais gairme beatha scoláireachta i scoil mhuiríochta sóisearach a fuair moladh ón Roinn. Tá lucht buaite na scoláireachta ag freastal a gcúrsa i gceárd-scoil na Gaillimhe. Chuir an scoil sin múinteóir sár-oilte agus fearais den chéadscoth ar fáil i gcóir na hoibre. Tréis doibh oiliúint bhliana i muiríocht agus in abhair gaolmhar leis d'fháil bhéarfar caoi dhóibh a dhul chun fairrge i longa Irish Shipping. Le bail-chríoch a chur ar a gcuid oiliúna le bheith ina gcéad nó ina ndara máta, ina gcaiptín nó aroile déanann siad freastal ar feadh tréimhsí anois agus arís ar scoil de mhacasamhail Scoil Muiríochta na hEireann.

Táthar ag súil go gcuirfear scéim nua i bhfeidhm an seisiún seo chugainn le innealtóirí mara a ghlacadh isteach agus a oiliúint. Fén scéim seo beidh ar phrintísigh trí bliana chaitheamh i gceárd-scoil mholta. Airmheofar an tréimhse sin mar dhá bhliain phrintíseachta agus ní mór na trí bliana eile a chaitheamh i scoil mholta innealtóireachta. Thárlódh go gcuideofaí leis an scéim le scoláireachtaí.

Tá laghdú mór go maith tréis tigheacht ar fud na tíre ar an uimhir atá ag freastal ar ranganna innealtóireachta gluaisteáin, ach níl neart air sin. Sé an laghdú atá tagtha ar an gcinéal sin oibre de bharr an chogaidh is ciontach leis. Tá Cumann Ceannaithe Gluaisteáin na hEireann i gcomhairle leis an Roinn tréis scéim a cheapadh le printísigh a ghlacadh isteach agus a oiliúint agus ba chóir go gcuideodh sin go mór le riaradh ar an mbreis oibre ceárdúla a bhéas le déanamh ag an gcumman sin tréis deire an chogaidh. O na ceárd-scoltacha lae de thoradh scrúduithe a toghfar na printísigh i ngach garáiste a bhfuil a bhainisteoir ina bhall den Chumann. Nímór dóibh éirghe leo i scrúdú sóisearach céirde na Roinne ins an triú bliain dá bprintíseacht agus ins an scrúdú sinnsearach céirde roimh dheire a dtéarma. Tig leis an bprintíseach diplóma speisialta a bhronn an cumann a bhaint amach má éiríonn leis i scrúduithe speisialta de bhreis ortha sin. Tá leagan amach na scéime go han-mhaith agus d'fhéadfadh árdtoradh a thigheacht as. Tiocfa sé i bhfeidhm go luath.

Gan trácht ar na scéimeanna móra sin tá scéimeanna eile nach bhfuil cho mór ach atá an-tábhachtach ann. Ceann acu sin an scéim a chuir stiúrthóirí Monarchan Bróg Halliday-Clarke ar bun i nDún Deálgan le gairid. Fán scéim sin tugtar cead don lucht oibre óg freastal trí lá sa tseachtain ó 4 p.m. go dtí 6 p.m. ar ranganna sa gCeárd-scoil. Is mó is cosúil le hoildeachas leanúnach ná le ceárd-oideachas an teagase a fhághas siad. Tugtar aire fá leith d'oiliúint in obair láimhe do na buachaillí agus in obair tighe do na cailiní. Iocann na stiúrthóirí £200 den chostas bliantúil a bhíos ar Choiste Oideachais Gairmhe Beatha Co. Lughbhaidh de bharr na scéime.

Ba mhian liom gearr-thagairt a dhéanamh d'obair Choláiste Naomh Muire um Ealadhain Tighis, atá fé threoir Chómhaltais Chathair Atha Cliath, agus a chríochnuigh obair a céad-sheisiúin i Mí an Mheithimh seo caithte. Tá baochas tuillte ag an gComhaltas de bharr na mór-bhuntáistí atá ar fáil sa Choláiste sin. Do b'é tinnreamh iomlán ag na cúrsaí sa ló ar feadh an tseisiúin ná 335 agus ag, na cúrsaí tráthnóna 812, gan corr-léigheachtaí speisialta d'áireamh. Do haistríodh oiliúint na n-oidí o Chill Mac Coda mar a ndéantaí é i Scoil na Roinne, go dtí an nua-Choláiste seo, agus táthar sásta len a thoradh san. Tá a lán cúrsaí suimiúla aidhmeannacha ar fáil sa Choláiste, go róspeisialta i gcócaireachta institiút, agus i gceannaireacht institiút, do dhaoine a bhéadh fé oiliúint i gcóir oibre in otharlanna, i scoileanna agus i mbonndaireachta eile dá sórt. Dar liom, fóghnann an nua-Choláiste seo do riachtanas ró-léir, agus beidh sé in a mhór-áis don chathair.

Do tugadh mór-chabhair, arís, ar fuaid na tíre, don scéim i gcóir léigheachtaí breise do chóruigh Cumann Ríoga Atha Cliath i gcomhar leis na Comhaltais Ghairme Beatha. Cuireann an scéim sin i gcumas na gceanntar is iar-gcúlaighe tairbhe léigheachta ó árd-údair d'fháil. Bhí tinnreamh maith ag na léigheachtaí, go mór mór aca-sa a bhain le cúrsaí talún agus cuireadóireachta.

Borrfar, chó maith, oideachas daoine fásta le teasbántasaí pictiúirí ó Ghaedheal-ealadhantóirí. Tá an Róinn ag soláthar na dteasbántas san i gcóoibriú leis na Cómhaltais Ghairme Beatha. Samplaí coranntuiseacha d'obair na nEaladhantóirí is eadh a bheidh ins na pictiúirí, agus de ghnáth, is iad na hEaladhantóirí féin a thugann ar iasacht don Roinn iad chuige sin. Táthar ag súil go spriocfaidh na teasbántasaí so a déanfar in a lán scoil tuatha suim in ealadhain tarraiceóireachta, agus go mborrfaid múinteóireacht ealadhan i gcoitiann.

Tá socrú déanta ins na meastacháin i gcóir cúrsa speisialta chun múinteóirí Gaedhilge d'oiliúint. Do bhunuigh an Roinn cúrsa den tsórt san sa bhliain naoi gcéad déag a ceathracha, agus a ceatharacha a haon agus tá sár-obair déanta ag na múinteóirí a hoileadh sa chúrsa so, i gceanntair tuatha. Bunófar an cúrsa nua in Ath Cliath agus beidh sé fé threóir Ard-Oifigigh de Chigirí na Roinne.

Tá spré bheag á chur i leataoibh ins na Meastacháin i gcóir cúrsaí athnuachainte sa tSamhradh so do mhúinteóirí. Beidh trí cúrsaí den tsórt san fé threóir—bainfidh ceann aca le déanamh agus coimeád cogalaighe gaoithe agus slite eile i gcóir soluis agus comhachta i mbaill tuatha; bainfidh ceann eile le leagan agus suidheamh foirgintí feirme; agus cúrsa in ealadhain biadaireachta is eadh an tríomhadh ceann.

Maidir le múinteóireacht na n-ábhar eile tríd an nGaedhilg, do deineadh mór-chuid plé ar an scéal san Oireachtas le deireannaighe. Uime sin, ní mian liom aire an Tighe do tharrac ach chun a rá gur dóigh gun cóir dúinn aghaidh a thabhairt ar an scéal go díreach, mar, má theastuíonn an Ghaedhilg d'aithbheochaint, ní féidir san a dhéanamh ar a mhalairt de shlí ach le múinteóireacht tríd an nGaedhilg, agus gurb é atá i gceist agus fé dhíospóireacht ná an aidhm iomlán atá againn chun aithbheóchana na Gaedhilge, agus méad an duaidh is gá chuige sin, agus nach é modh a dhéanta ar chor ar bith.

Muna bhfuil d'aidhm againn ach díreach an Ghaedhilg do choimeád beo, ina dara teangain órnáidigh gur cheart í do bheith ar eolus, a bheag nó a mhór, ag gach Eireannach, amhail agus a bhíodh eolus ar Laidin agus ar Fhrainneis ag daoine leigheanta san naoú aois déag—féadfaimíd an aidhm sin do shroisint ach an Ghaedhilg do mhúineadh ar feadh aon uair an chluig amháin sa ló i ngach scoil—agus an chuid eile den obair, nó a furmhór, do dhéanamh trí Bhéarla.

De thoradh múinteóireachta den tsórt san, is dóigh go mbainfeadh miondaireacht de lucht gríosattha i ngach glúin, feidhm as an nGaedhilg in a teangain labhartha, ach do dhearmadfadh furmhór mór na daoine i, iar bhfágaint na scoile dhóibh— díreach mar a dearmadtaí an Laidean agus an Fhrainncis—agus bheadh Eire mar cheann de na náisiúin a labhras Béarla, fé dheoidh agus ar deire, gan súil a casta choíche.

Is eagal liom gurb é seo an staid atá ar aigne a glactha ag cuid aca so a chuíreann i gcoinnibh múinteóireachta na n-ábhar uile tríd an nGaedhilg. Níl mise sásta glacadh leis agus ní dóigh liom go bhfuil an Rialtas ach oiread.

Ach tá mór-chuid daoine gur mian leo an Ghaedhilg do bheith arís ina fíor-theangain ar fuaid Eireann, agus fóraoir, ní thuigid gur obair fhathaigh i an Ghaedhilg do aithbheóchaint ina teangain labhartha d'iomlán muinntir na hEireann, agus ní hamháin ina dara teangain do bhraisle de lucht gríosattha, ná fós ina teasbántas múséum, go mór i gcoinnibh na díleann so de Bhéarla lena bhfuil ár saol tuilte fé láthair, i dtreo ná slánódh múinteóireacht uaire an chluig sa ló ar scoil, faid do múinfí an leanbh ar feadh na n-uair an chluig eile go léir, trí Bhéarla, an teanga Ghaedhilge, ná an cultúr a ghabhann léi. Is deacair liom a thuigsint cionnus a shamhluíonn na daoine seo atá ar aon aidhm linn gur féidir cúig uair déag de shaol leinbh ina dhúiseacht, caithte trí Bhéarla, do chur ar neamh-ní le haon uair an chluig amháin a caithtear trí Ghaedhilg. Nách leor an méid sin a rá, dar liom, chun go dtuigfí a léiramaideacht.

Is é lán-fhírinne an scéil ná; dá múintí na hábhair uile gach lá don ghnáth-leanbh, go mbeadh mór-bhreis nirt fós ar thaobh an Bhéarla, mar tá deich n-uaire a' chluig eile, nó dhá uair déag, le caitheamh ag an leanbh taobh amuich den scoil, agus níl ach cúigear as an gcéad d'ár leanbhaí nách gcaitheann na huaireanna san i measc cómhluadair a labhrann Béarla, ionnus go mbfhéidir nách n-eireódh linn an teanga do shlánú le lánchomhacht ná modh atá i bhfeidhm againn fé láthair, toisc an treis do bheith chómh héachtach láidir sin ina coinnibh ag an mBéarla. Ach níl ach "sin mar atá toisc gur mian liom é" d'aoinne bheith á shamhlú go ndéanfar teanga bheo imease na ndaoine go léir den Ghaedhilg ach í mhúineadh ar feadh uair a' chluig sa ló, agus nach gá iarracht níos treise ná sin do dhéanamh.

Ní dócha go dtuigeann an dream so a labhrann inár gcoinnibh an fhírinne seo—fírinne a caithfear a thuigsint más mian linn an fhadhb do réiteach go macánta—nach féidir linn an Ghaedhilg do shlánú gan sár-iarracht do dhéanamh i gcoinnibh Béarla, agus uaireanta i gcoinnibh an nádúir dhaonna féin, i dtreó go mairfeadh an teanga. Ní féidir cogadh mí-chuíbheasach teangan den tsórt san do choimeád ar siúl gan íbirt, agus gan iarrachtaí diana, buan-tseasmhacha—agus níl a mhalairt sin de rogha againn muna mian linn leigint don Ghaedhilg bás d'fháil mar theangain labhartha.

Is ana-dheacair a chreidiúint go leigfeadh clanna Gaedheal don Ghaedhilg bás d'fháil. Tá cruthú in ár stair go huile gur thuig ár ndaoine nách i gcóir a ré féin amháin a mhaireadar, agus ná fuil i nglúin aonair de náisiún ar bith ach cuid bheag den mhór-iomlán, agus nuair a gheibheann náisiún an oighreacht is riachtanach ón ré caithte, nách foláir di an oighreacht san d'uadhachtú don ré atá le teacht. Do léirigh clanna Gaedheal i ngach aois go rabhdar féin toilteannach chun bás d'fháil ionnus go mairféadh an náisiún. Agus a leithéid sin de thuigsint phaisiúnta ar náisiúntacht againn, nách bhfuil sé do-chreite go mbeimís toilteannach an oighreacht náisiúnta is mó agus is tábhachtaighe againn san nglúin seo do leigint uainn, tré gan glacadh leis an aon-mhodh amháin trén ar féidir í choimeád?

Has the Minister absolutely nothing to say in the language which most of us understand?

There is a translation available and the Deputy can be supplied with it.

On Deputy Mulcahy's behalf, I wish to move: "That the Estimate be referred back for reconsideration." I should like, as usual, to start off by thanking the Minister for his courtesy in providing me with a translation of his speech. I do not intend to discuss in detail the speech of the Minister. There are two matters, however, which I should like to mention. They are of general interest, being matters affecting general policy. One is the position of Irish and the other is the proposal, made public, I understand, at the beginning of this year, to have the leaving certificate examination in the primary schools compulsory as from 1st June of this year.

I fully agree with the Minister that the effort to restore Irish as a language is not merely exceedingly ambitious, but I wonder whether I would be wrong in saying that it is almost unparalleled. It is an effort of extreme difficulty and I wonder, judging from the Minister's peroration— and I may say I intend to discuss this problem without the slightest heat or the slightest thetoric—whether he realises that one of the principal difficulties those who are anxious to make Irish a living language, a real language for the people, have to face is either the hostility of large masses of the people or their complete indifference. His experience may be very different from mine, when I was Minister for Education. He knows that I did start this particular system in the hope that we might make Irish, and that we should make Irish, a living language. But I never deluded myself that I had the enthusiastic support of the great bulk of the people of this country, and I hope the Minister is not deluding himself in that way.

I do not suppose that any education is popular. I never thought this form of education was popular, but for a number of reasons I considered it sound national policy and, consequently, I took the responsibility for it. I had a number of aims. I was hoping to realise them all; I was hoping that they all might be realised. I wonder whether, in the last 20 years, we have made any reasonable advance —I shall not say considerable advance —towards the satisfaction of any of these aims. When I speak of making Irish a living language—and I think I expressed the view before in this House—I have not in view making it a language like French or German, making it the language of people who never really think in these language. I always regard that kind of knowledge of a language as simply another form of thinking in English, with a different set of symbols. I wanted Irish to be a language, and I hoped gradually it might, with English, be a language, in which the people of this country could think, because language helps you to think; that when you spoke you were not continually, even if you had, in one sense, fluent Irish, under the necessity of, so to speak, translating from the English. That was the aim.

I thought if the responsible Government of this country took in hand the promotion of a policy of that kind, a certain number of things which I considered valuable might be achieved; that Irish might become a real language in which the people would think as they think in English—I mean with the same facility. In that sense, having two languages, I hoped that without any diminution of standard of education, certainly without that sacrifice spread over a number of years, we might have the minds of the people quickened. I happen myself to have a command of two languages, though I learned a number. I think I derived considerable advantage from the fact that I had to learn German as an ordinary vernacular language—I never learned it at school—and I found it useful. I think the command of two languages in that way would be useful.

Finally, I believe, if I may quote the actual words of one great enthusiast for the Irish language and its restoration, "that by restoring the Irish language we might strengthen the national fibre of the people". I think these were legitimate aims. The difficulties were great, and I am sorry to say that they have turned out to be much greater than I supposed at the time. I was not convinced, when this effort was inaugurated, that it was impossible, without damaging the minds of the children, to teach them through the medium of a language like Irish which they did not know. Children, as I know, have an extraordinary facility for picking up languages, a much greater facility than grown-up people have.

What I am perturbed about is this, that I am not at all convinced that we have made genuine progress towards the realisation of any of these three aims. I have quoted the words of a man who, unfortunately, is no longer with us. I have quoted his phrase because it always stuck in my mind as a summing-up of at least one portion of the aim for the restoration of Irish, "the strengthening of the national fibre". Yet, I remember, that one day in my office he came to me—there were others present—and he expressed this doubt—I do not know that there was any man keener on the particular programme that we were then adopting than he was—"I wonder," he said, "whether with this language drive we are doing as much for the promotion of national feeling as we hope." It struck me, coming from him, as an extraordinary doubt. He went on to say: "It strikes me that in my youth the ordinary young man was much more interested in the history of Ireland"—possibly it might not be very accurate history: I must say my friend was not so much perturbed about that as about the knowledge or sympathy with Irish history that, for instance, one gets from "The Story of Ireland"—"than the youth in our schools at the present day."

I was still in office at the time. I wonder, looking at many young people to-day, whether a real national spirit is as strong as it used to be. Now, there may be an explanation for that. I am not for the moment blaming the Irish language for that. That is not my argument. All that I am going to say is, that I do not think we have advanced in that direction very much. It may be natural, of course, that the feeling of nationalism would be more keen and more assertive in people who are trying to achieve national liberty than it could be expected to be when that national liberty has been achieved. That may be the explanation, but I cannot, much as I should like to do it, rid myself of the feeling that in that respect the country has possibly retrograded. I should be very slow to think so—at least it would be altogether against the grain to think so—and, yet, I find evidences that I must say perturbed me in that particular way.

Two years ago I raised this matter in the Dáil. As a rule I refrain from discussing the general policy of the Department of Education, but two years ago I thought the time had come when some kind of an impartial investigation should be made into a number of things, not merely as to whether we want to restore the Irish language, because I take it for granted that we do, but whether we are really restoring it. It is no good getting thoroughly cloquent and saying how attached the Irish people, as a whole, are to the Irish language; that they would rather die than give up such hope. The question is: are we doing it? I do not think anybody can answer that question, or that anybody ought to be rash enough to say "yes, we are advancing." I do not think the reality of the advance can be measured, or even roughly assessed. That is one of the reasons why, two years ago, I advocated the appointment of a commission composed, as far as possible, of people who believe in the restoration of the Irish language, but who are not necessarily wedded to any particular method by which the Irish language might be restored.

Possibly, the minds of some Deputies may not go back to the time, many years ago, when we did make this attempt—to give a strong impetus to the restoration of Irish by teaching through the medium of Irish. The attempt, as I say, was unparalleled. We on our part believed that it could be done. We thought that even sound educational theory might back us up. Possibly, the wish was very much father to that particular thought, but we did convince ourselves that it could be done.

Now it has been tried for a number of years, and what reason is there for refusing an inquiry of the kind to which I have referred to see what advance we have made: whether we are making a real genuine advance, whether the methods employed are the proper methods, or whether any improvement is possible? It may, of course, be questioned that the whole experiment is unsound, that it is a mistake to attempt to restore a language that is dead so far as the great bulk of the population is concerned. I am not discussing that. I am assuming that it is our policy to restore the language, and I am pointing out to the House that grave doubts in that respect—as to the progress we are making, and as to the fruitfulness of the methods that we are employing—have been put up to me. I have heard them expressed again and again by ardent friends of the language, by men who can speak the language quite as fluently as I speak English, by men of my own generation, by young people of a later generation who know the language, by men who identified themselves with the promotion of Irish not as a museum subject, not as a mere dead, learned language, but as a living language, by people who saw to it that their children were taught that language, and were fluent in it. Those are the people who have expressed grave doubts to me on the subject. Am I, who have no command of the language, whose only work for it was to secure, when there was no compulsion about it, that my children should be taught the language— am I justified in saying that those people do not know what they are talking about, or that they are less sincere in their advocacy of the Irish language than I was when I was Minister? Have I the right to sneer at them and say that they are nincompoops? I do not feel that I have that right, nor do I feel that anybody else has, even by implication, that right.

I am putting aside those who hold that the whole experiment was fundamentally a mistake. I am, in discussing this subject, on common ground with the Minister in his desire to restore the language. Why has the Minister thought fit to ignore the document published by the national teachers? See the difficulties which he will encounter. The task is immense. The language is to be restored through the schools. The Minister has stressed, in the speech which he has just delivered, the great difficulties that confront the language. Even though pupils be in the atmosphere of the language during school hours, the moment the bulk of them leave school they hear only the English language.

That is true in the greater portion of Ireland. Once pupils leave the national school at the age of 14 years, the great majority of them do not attend any school. The difficulties are, therefore, immense. What has been the result of the present method, according to a committee appointed by the national teachers? Again, you may not accept their verdict. You may disagree with it. I cannot quarrel with the Minister for having his own opinion on that matter, but it is doing no service to the language to treat that report practically with contempt. That committee examined a number of people who were familiar with this problem, who were capable, according to the document published, of carrying out the programme, and who were certified by the Department as being so capable. This was their deliberate opinion. That opinion may be wrong, but is the language served by ignoring it? I do not think that it is. Their opinion was that not merely was violence being done by the present system to the young mind, but that damage was being done to the cause of the language. Surely, coming from a body of that kind, that is a matter which deserves the closest possible public examination.

I never deluded myself, and the Minister should not delude himself, by the belief that there was such enthusiasm for the restoration of the language on the part of the great bulk of the people that obstacles of that kind could be ignored. They cannot. While there is still time, I would earnestly appeal to the Minister to hold investigation into this matter. I suppose I am wasting my breath. For two years running, I have urged that course. I think that I can claim to speak with a little authority on this subject, and I bear in mind, too, that what I am asking the Minister to do is to subject to examination a system, experiment or method which I inaugurated myself. Before the cause of the language is lost, I ask the Minister to undertake that investigation. I do not want to exaggerate the importance of, or to pass judgment on, this report, formally put forward by the national teachers. It seems to be a remarkably well-documented pronouncement. It professes— I do not throw any doubt upon it when I use the word "professes"; I am merely refraining from passing judgment upon it—to be based upon evidence which was received and examined.

I find in that document the same doubts which were expressed by men whose enthusiasm for the language is beyond question. It is almost presumptuous for me to speak of that enthusiasm because mine is but a pale light in comparison with it. They have the same doubts not as to the desirability of the end to be achieved but as to the methods by which it is to be achieved. The Minister and others are wrong if they think that agreement on the general policy necessarily means that those who agree with the policy agree with the methods to be adopted for achieving the common aim. I avoid exaggeration, as I have always done in debates on this Estimate. I find that, when people get on to this subject, they have an irresistible impulse to indulge in exaggeration on one side or the other. That would be one of the difficulties the Minister would have to face in appointing a committee for this purpose. But surely the intellectual calibre of the State has not fallen so low under the aegis of the past or present Minister for Education that we cannot find half a dozen men objectively to examine a matter of this kind. If that be the case, I am afraid that there is little to be said for the value of the educational system or the high lights which it produces.

I move to report progress.

Progress reported; Committee to sit again.
The Dáil adjourned at 9.30 p.m. until 3 p.m. on Thursday, 6th May.