Tairgim:
Go gceapfar Coiste ar Nós Imeachta agus Príbhléidí a bheidh có-dhéanta den Cheann Comhairle mar Chathaoirleach agus d'aon Teachta déag eile a ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta; go dtabharfar comhacht don Choiste chun breithniú do dhéanamh ar chúrsaí nós imeachta i gcoitinne agus chun aon bhreiseanna no leasuithe ar na Buan-Orduithe atá ann cheana a tuigtear a bheith riachtanach do mholadh agus fós chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh fé mar agus nuair a hiarrfar san i dtaobh príbhléidí Teachtaí.
Gur cúigear a bheidh mar quorum don Choiste.