Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 22 Feb 1944

Vol. 92 No. 11

Committee on Finance. - Vote 49—Science and Art.

Tairgim:—

Go ndeontar suim breise ná raghaidh thar £1,000 chun íoctha an Mhuirír a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh Márta, 1944, chun Tuarastail agus Costaisí na bhFundúireacht Eolaíochta agus Ealadhan agus chun Seirbhísí Oideachais Ilghnéitheacha áirithe agus Ildeontaisí-i-gCabhair.

That a supplementary sum not exceeding £1,000 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1944, for the Salaries and Expenses of the Institutions of Science and Art and for certain Miscellaneous Educational Services and sundry Grants-in-Aid.

Cúig céad púnt atá ag teastáil fén Mír-cheann seo. I gcóir cnuasacht de láimhscríbhní Gaedhilge agus laimhscríbhiní Béarla de leabhra agus láimhscríbhiní Gaedhilge atá an-ghann, agus de cheól Ghaedhealach atá gann chó maith, atá an t-airgead dá sholáthar. Duine chuaidh ar shlí na fírinne le gairid agus a chaith 40 bliain ag gabháil don obair a rinne an tiomsú.

£600 a thug lucht ceannais na Leabharlainne Náisiúnta ar an genuasacht. Cuireadh £100 den tsuim sin ar fáil as an deontais-i-gcabhair atá ann fá láthair fén Mír-cheann.

Láimhscríbhní Gaedhilge ina bhfuil trácht ar abhair éagsúla atá i gcuid den chnuasacht; cúig cinn déag agus ceithre fichid acu sin atá ann. Tá Laoi Oisín agus Phádraic i roinnt acu agus tá cuid d'Fhorus Feasa an Chéitinnigh sa gcnuasacht chó maith. Earra an-ghann sean-láimhscríbhní Gaedhilge agus tá sin amhlaidh le blianta fada. Gan trácht ar na láimhscríbhní sin tá leabhra nótaí de chuid Sheósaimh Laoide a fuair bás roinnt bhlian ó shoin agus de chuid Phádraic Uí Bhriain, an foillsitheóir, sa mbailiuchán. Le tuairim agus 1860 a bhaineas na leabhra sin.

Leabhra cló-bhuailte, paimphléidí &c. atá i gcuid cile den chnuasacht. Níl cur síos ar bith ar a dtábhacht sin don té bhéas ag déanamh stuidéir ar an nGaedhilg, ar Ghéaga Geinealaigh no a leitheide. Níl leabhar ná páipéar ina mease nach bhfuil a bheag nó a mhór de bhaint acu leis na habhair sin, agus tá go leor eolais ionta nach bhfuil le fáil i mórán áiteacha, nó a bhfuil sé deacair a thigheacht air.

Láimhscríbhní Béarla is mó atá sa tríú cuid den chnuasacht, abhar anspéisiúil go deo atá ionta seo. Tá trácht ar ghéaga geinealaigh i roinnt acu agus tá cúpla láimhscríbhinn ann ina bhfuil sean-stair. Ina theannta sin tá carn mór de nótaí agus de pháipéir ann—abhar a bhfuil an-tábhacht ann ó thaobh leabhar-eolais. Tá roinnt abhair ann, freisin. Ceaptar go bhfuil tábhacht ag baint freisin le leabhair agus peictiúirí a bhaineas le píobairí Eireannacha agus le ceol na bpíob.

Mar gheall ar B.9., Comhdháil Náisiúnta na Gaedhilge, ta beartuithe ag an Riaghaltas deontas-i-gcabhair nach rachaidh thar £2,000 a chur ar fáil do Chomhdháil Náisiúnta na Gaedhilge sa mbliain airgeadais 1944-45 chun cabhruithe le cuspóirí bunuithe na Comhdhála a chur i gcrích. Thairis sin, tá beartuithe sa Mheastachán Bhreise seo i leith Eolaíochta agus Ealadhan deontas £500 (ag áireamh £200 de le haghaidh troscáin agus fearais oifige) a chur ar fáil don Chomhdháil as ucht na bliana reatha. Iocfar an deontas leis an gComhdháil do réir coinníollacha a cheapfaidh an tAire Oideachais le haontú an Aire Airgeadais.

Do bunuíodh Comdháil Náisiúnta na Gaedhilge i Mí Deire Fómhair, 1943, le toil agus có-oibriú na ndreama Gaedhealacha uile. Ní cumann nua atá ann ach gléas oibre, agus déanfar eagraíocht na Comhdhála a chur taobh thiar de na Cumainn agus de na gluaiseachtaí atá ag obair cheana ar son na Gaedhilge. Beidh fuireann oifige i mBaile Átha Cliath, treoraithe, teicniceóirí, etc., ag obair fá stiúradh Coiste na Comhdhála i dtreo go mbeidh caoi ann chun teacht ar an tír uile tré propaganda agus timireacht. Déanfaidh an Chomhdháil freastal ar gach gné de cheist na teangan, beag agus mór, ar fud na tíre.

Cé gheobhaidh na leabhair seo a ceannófar?

An Leabharlann Náisiúnta.

Gach leabhar aca?

Seadh Tá siad ins an Leabharlainn fé láthair.

Agus na paimphléidí?

Beidh siad uile sa genuasacht náisiúnta.

Vote put and agreed to.
Top
Share