Tairgim:—
Go gceapfar Coiste ar Nós-Imeachta agus Príbhléidí a bheidh có-dhéanta den Cheann Comhairle mar Chathaoirleach agus de chúig Theachta dhéag eile a ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta; go dtabharfar comhacht don Choiste chun breithniú do dhéanamh ar chúrsaí nós imeachta i gcoitinne agus chun aon bhreiseanna no leasuithe ar na Buan-Orduithe atá ann cheana a tuigtear a bheith riachtanach do mholadh, agus fós chun breithniú agus tuairisciú do dhéanamh fé mar agus nuair a hiarrfar san i dtaobh príbhléidí Teachtaí;
Gur seachtar a bheidh mar quorum don Choiste.