Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 8 Nov 1944

Vol. 95 No. 5

Written Answers. - Gabháltais in Oileán Omeith.

D'fhiafraigh

den Aire Tailte an bhfuil a fhios aige chomh trí-na-chéile is tá gabháltais in Oileán Omeith, Dúiche Eyre, Uimh. S. 5761; gur socraíodh leath an oileáin agus go bhfuil na sean-ghiodáin talún fós ag cuid de na daoine a fuair áiteacha nua, agus go ndéanann sé sin an scéal níos measa ar chuid eile ná mar bhí sé sarar tosaíodh an obair athshocruithe; agus an bhféachfaidh sé chuige go dtiubharfar go luath faoi'n obair seo a chríochnú.

Tá scéala faighte ag Coimisiún na Talún nár mhór ath-shocrú a dhéanamh ar na gabháltais atá sa chuid sin d'Oileán Iomaidh atá i nDúiche Eyre, Co. na Gaillimhe, Breacachán Uimh. S. 5761. Tá rún ag Coimisiún na Talún féchaint ina dhiaidh sin chomh luath agus bheas deis acu ar é dhéanamh, ach, de bharr na héigean-dála, atá ann, tá ganntan foirne orthu agus ní féidir leo bheith dearfa cén uair a déanfar na gabháltais d'ath-shocrú.

Ba chuid de Dhúiche Bherridge an chuid d'Oileén Iomaidh atá ath-shocraithe cheana féin. Bord na gCeanntar Cumhang a cheannaigh an chuid sin agus, dá bhrí sin, deigh-leáladh leis as féin. Déanfar na gabháltuis eile go léir ar an oileán d'ath-shocrú chomh luath riamh agus is féidir.

Top
Share