Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 29 Nov 1944

Vol. 95 No. 8

Written Answers. - Fataí in Ariann.

D'fhiafraigh

den Aire Tailte an bhfuil fhios aige go bhfuil cuid de na fataí in Árainn dubh i mbliana agus go hbfuil-tear ag leagan an mhilleáin ar an talamh a bheith spíonta; agus an bhfuil fhios aige go bhfuil feilm i gCill Einde (Dúiche Guinness) a tugadh do dheich dtionóntaí fiche bliain ó shoin ach nach féidir leo í chur cheal roinnte agus sconnsaí; agus an bhféachfaidh sé chuige go ndéanfar an obair seo roimh an earrach seo chugainn i riocht is go mbeidh a ndóthain ag na daoine bochta seo.

Níl aon eolas agam faoi'n gcaoi atá ar na fataí in Árainn, ach féachfaidh mé chuige go gcuirfear dlús go luath leis an bhfo-roinnt a hiar-radh ar Choimisiún na Talún a dhéanamh ar Rinn bhFiadh (feilim i gCill Éinde (Dúiche Guinness).

Top
Share