Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 8 Feb 1945

Vol. 95 No. 18

Bás Teachta.

Fé mar is eol don Dáil cailleadh an Teachta Pádraig de Búrca go hobann in aice an Tighe seo aréir. Bhain an scéal sin corraighe as gach Teachta agus chuir sé brón agus méala orainn go léir. Beannacht Dé lena anam.

Toghadh Pádraig de Búrca ina Theachta Dála don chéad uair sa mbliain 1932, agus ba chomhalta den Dáil é ón uair sin go dtí inné, tráth bhí sé anseo inár mease ag comhlíonadh a dhualgas.

Bhí dlúth-bhaint aige leis an saol poiblí ina chontae dhúchais, Contae an Chláir, leis na blianta fada. Ba chomhalta éifeachtach é i mbun a dhualgas ar an gComhairle Chontae agus ar choistí eile a raibh feabhsú saol na ndaoine mar chuspóir acu. Fear ciúin stuama ba ea é a raibh meas ag an bpobal air agus iontaoibh acu as. Cé nach minic a labhraíodh sé sa Dáil, chomhlíon sé a dhualgais mar ionadaí poiblí go dúthrachtach díograiseach. An fheirmeoireacht ba shlí mhaireachtála dhó agus chaith sé an dícheall ba dhual dó le gach gné den ghairm beatha sin.

Iarraim ort, a Chinn Chomhairle, comhbhrón na Dála a chur in iúl dá mhnaoí agus dá mhuintir.

D'éirigh na Teachtaí ina seasamh.

Top
Share