Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 7 Mar 1945

Vol. 96 No. 9

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deis Iompair le haghaidh Páistí Scoile.

D'fhiathraigh

den Aire Oideachais an bhfuil fhios aige go bhfuil suas le fiche páiste i scoil-cheanntar Bhéal an Átha Fada, Conamara, a bhfuil comhnaí orthu idir cheithre mhíle agus sé mhíle ón teach scoile agus nach bhfuil ag fáil scolaieachta ar bith nuair nach féidir leo an t-aistear a shiúl, agus an bhféachfaidh sé le deis iompair a chur ar fáil dóibh.

Do réir na faisnéise a tugadh dom tar éis fiosrú do dhéanamh, tá dáréag páistí idir sé bliana agus ceithre bliana déag d'aois i gceanntair Imleach Mór, Baile na hInse agus Barr na nOrán, a bhfuil comhnaí orthu idir 3¼ míle agus 7 míle ó aon Scoil Náisiúnta. Tá mé ag féachaint le deontas a chur ar fáil chun deis iompair a sholáthar do na páistí seo, agus tá súil agam go mbeidh mé i ndon breith a thabhairt go luath.

D'fhiathraigh

den Aire Oideachais an bhfuil fhios aige go bhfuil deichniúr páistí in Árd Coille, i scoil-cheanntar Mhagháird, Conamara, atá os cionn cheithre mhíle ón teach scoil, agus an bhféachfaidh sé le deis iompair a chur ar fáil dóibh.

Ní heol dom an scéal a bheith mar a luaitear sa chéad chuid de cheist an Teachta, ach déanfaidh mé fiosrú féachaint an bhfuil líon na bpáistí i gceanntar Árd Coille, a bhfuil comhnaí orthu i bhfad ó scoil, sáthach mór le go bhféadfaí deontas a thabhairt chun deis iompair do chur ar fáil dóibh.

Top
Share