Tairigim:
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £1,960 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1946, chun Tuarastail agus Costais i dtaobh Seirbhísí na Gaeltachta, ar a n-áirítear Deontais um Thógáil Tithe agus Bréidín Baile do cheannach agus do dhíol.
That a sum not exceeding £1,960 be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1946, for Salaries and Expenses in connection with Gaeltacht Services, including Housing Grants and the purchase and sale of Homespuns.
Sa mheastachán so tá £1,829 níos lú á iarraidh ná mar a hiarradh anuraidh. is lú de £45,946 an caiteachas iomlán agus is lú na fáltais de £44,117. Tá laghdú glan de £27,275 ar a soláthraítear d'abhair i gcóir na dTionnscal Tuaithe; laghdú de £14,079 ar a soláthraítear don Bhréidín Baile; agus laghdú de £5,316 ar a soláthraítear do na Tionnscail Mara. Tá laghdú dá réir sin ar na Leithreasaí-i-gCabhair.
Tá £1,916 breise á sholáthar i gcóir costais an Cheann-Ionaid. Is é fé ndear so ná duine breise do bheith ar an bhfoirinn, costas an bhónais bhreise agus na ngnáth-bhreisithe ar thuarastal a bheidh le n-íoc. Tá sa tsoláthar tuairim is £4,500 a bhaineann le hoifigigh atá ar iasacht ag Ranna eile Rialtais.
Ní méadú ach laghdú atá ar mhírcheann D 1, toisc gur soláthraíodh don Bhainisteoir Bréagán an bhliain seo fé mhírcheann F 1. Tá laghdú de £95 ar an soláthar fé mhírcheann D 2 toisc ná fuil á íoc anois ach tuarastal Teagascóra amháin. Tá méadú de £34 ar mhírcheann D 3. Baineann an méadú sin ar fad le costas an bhónais bhreise a bheidh le n-íoc leis an Teagascóir Tighis atá ar fhoirinn na Fó-Roinne. Is beag athrú atá ar na soláthair fé mhírcheann D 4 agus mírcheann D 5.
Is fé na mírchinn D 6, D 8 (1), D 9 agus D 11 a déantar soláthar do chúrsaí abhar le haghaidh na dTionnscal Tuaithe. Taspánann na mírchinn sin le chéile laghdú de £27,275. Baineann £10,000 den laghdú sin leis an soláthar fé D 8 (1) le haghaidh an Tionnscail Bhréagán agus laghdúde £17,275 leis na Tionnscail Fiteacháin. Ag féachaint don mhéid a caitheadh ar abhair anuraidh meastar gur leor na soláthair atá á ndéanamh don bhliain seo.
Tá méadú de £12,540 ar an soláthar fé mhírcheann D 9. Tá soláthar ann don dá mhuileann shníomhacháin a bheidh ag obair—an ceann atá ar léas againn le cúpla bliain anuas i Rinn na Scríne, Contae Chorcaighe, agus an ceann atá le hoibriú i gCill Chártha, Contae Dhún na nGall. Beidh an dá mhuileann sin ag obair chun abhras do chur ar fáil don tionnscal fíodóireachta a hoibrítear ón Ionad Tionnscail i gCill Chártha. Ní raibh maisíní nua ar fáil don mhuileann nua ach táthar ag brath air go mbeifear i ndon obair mhaith do dhénamh leis na maisíní leathchaite a ceannaíodh ina n-ionad. Beidh áiseanna chun olann agus gréasáin do dhathú ag gabháil leis an bplannda sníomhacháin i gCill Chártha agus cabhróidh sin go mór leis an obair.
Tá laghdú de £14,079 ar an soláthar fé D 10 le haghaidh Ceannach an Bhréidín Baile. Ceannaíonn Gaeltarra Éireann an brédín sin fé Ordú Cumhachta Práinne (Bréidín Baile), 1943, a rinne an tAire Soláthairtí. Nuair a bhí an meastachán so á ullmhú thárla go raibh sé deacair go maith margadh d'fháil don bhrédín baile ach d'aontaigh an tAire Soláthairtí in a dhiaidh sin maolú do dhéanamh ar an méid cúpón a bheadh le tabhairt suas ag daoine i leith brédín baile agus, de bharr an fhaoisimh sin, do thosnaíomar ar an gceannachán arís. Táimid ag iarraidh scéim a cheapadh trína mbeifí i ndon teora do chur le déanamh an bhréidín do réir riachtanaisí an mhargaidh. Sa bhliain roimhe seo do ceannaíodh luach £70.630 den bhréidín cé ná raibh de sholáthar sa mheastán in a chóir ach £53,250.
Tá mírcheann nua, D 11, sa mheastachán le haghaidh an Phlannda Snasála atá á bhunú i gCill Chártha, Contae Dhún na nGall. Táthar ag brath air go geabhróidh an plannda sin go mór le tionnscal an bhréidín.
Tá méadú beag ar an soláthar fé mhírcheann E l, méadú a bhaineann le costas an bhónais bhreise a híocfar leis an bhfoirinn a bheidh i bhfeighil na dTionnscal Mara fén dtuaith. Do cuireadh laghdú beag i bhfeidhm maidir leis an soláthar fé mhírcheann E 2 do chostais taistil na fóirne sin.
Tá laghdú de £1,550 ar an soláthar fé mhírcheann E 3 le haghaidh an Tionnscail Cheilpe agus Feamna ach tabharfar fé ndeara gur leis na costaisí iompair, etc., a bhaineann an laghdú ar fad. Sa bhliain roimhe seo do ceannaíodh 1,335 thonna ceilpe; 722 thonna slata mara; agus 944 thonna feamna. Siad na méideanna dár soláthraíodh an bhliain sin ná 1,000 tonna ceilpe; 2,000 tonna slata mara; agus 600 tonna feamna. Táthar ag leanúint i mbliana arís den rialra a cuireadh i bhfeidhm maidir le ceannach na ceilpe d'fhonn an cheilp is fearr is féidir do bheith ar fáil mar abhar leasacháin. Tá abhar leasacháin dá fháil don tír seo in ionad na feamna a dhíolaimid thar lear. Beidh £10 an tonna mar bharr-phraghas arís ar an gceilp a ceannófar i mbliana.
Tá laghdú de £3,715 ar an soláthar fé mhírcheann E 4 le haghaidh Tionnscail an Chairrgín. Ní bhaineann an soláthar ach leis an gcairrgín a chuireann an Fhó-Roinn ar an margadh mar abhar bídh. Is beag glaoch a bhí ar an gcairrgín sin le tamall anuas agus sin fé ndear gan ach soláthar beag do bheith á dhéanamh i mbliana. Ní rómhaith an margadh atá, ann fé láthair don ghnáth-chairrgín ach oiread. Dá bhrí sin, níl ar aigne praghsanna do réir grádála do choimeád ach leanfar den rialra a cuireadh i bhfeidhm ar shilte eile d'fhonn gan ligean d'ísliú caighdáin do theacht ar chairrgín na tíre seo.
Tá méadú de £1.328 ar an soláthar fé mhírcheann F 1 le haghaidh tuarastal an Taisc-Ionaid. Sé fé ndear san ná soláthar bheith ann d'Ofigeach Sinnsearach Fóirne agus Fó-Oifigeach Fóirne de bhreis ar a raibh ann an bhliain roimhe agus costas an bhónais bhreise a bheidh le n-íoc i mbliana. Gníomhaíonn an tOifigeach Sinnsearach Fóirne mar Bhainisteoir Brégán chomh maith le féachaint i ndiaidh a ghnáth-dhualgas sa TaiscIonad. Baineann an Fó-Oifigeach Fóirne breise atá ar an bhfoirinn le hoifigeach atá ar iasacht ag Roinn eile Rialtais. Tá soláthar breise á dhéanamh an bhliain seo d'Fhógránacht fé mhírcheann F 2. Tá laghdu ar an soláthar atá á dhéanamh fé mhírcheann F 3 d'Iolchostais an Taisc-Ionaid. Baineann an laghdú le costais iompair agus abhair phacála.
Níl aon difríocht sa tsoláthar fé Mhírcheann G do Sheirbhísí Ilghnéitheacha. Táobh amuigh de mhionroinn (5) a bhaineann leis an Seirbhís Bháid idir Oileán Chléire agus Dún na Séad i gCo. Chorcaighe, níl sna soláthair ach comharthaí.
Tá méadú beag ar an soláthar fé mhírcheann H 1 le haghaidh tuarastal na fóirne tuaithe teach-sholáthair. Baineann an méadú nach mór ar fad le costas an bhónais bhreise a bheidh le n-íoc i mbliana. Tá laghduithe ar na soláthair fé mhírcheann H 2 do chostais taistil na fóirne sin; fé mhírcheann H 3 do dheontais teach-sholáthair fé Achta na dTithe (Gaeltacht); agus fé mhírcheann H 4 do chostais chothabhála agus deisiúcháin i leith na dtithe cómhnaithe a ligtear ar cíos do Mhúinteoirí sa bhFíor-Ghaeltacht.
Bunaítear mór-mhéid na Leithreasaí-I-gCabhair fé na mionranna (1) go dtí (4) den mhírcheann I ar an soláthar a rinneadh sa mheastachán so do chaiteachas maidir le habhair agus ceannacháin. Meastar, dá réir sin, go mbeidh laghdú de £35,750 ar an teachtisteach ó na Tionnscail Tuaithe. In a choinne sin, áfach, meastar ná beidh ach laghdú de £7,940 air idir páigh na n-oibrithe agus coimisiún díolacháin— rud a fhágann gur laghdú de £27,810 a taspántar i nglan-mhéid na bhFáltas sin. Meastar gur tuairim is £57,000 a híocfar an bhliain seo mar pháigh oibre. Bhí an meastachán de £63,825 ró-árd anuraidh, ós rud é nár híocadh an bhliain sin ach tuairim is £51,711. Tá an pháigh oibre ag dul i méid gach bliain ó 1935 anuas. Sa bhliain sin do híocadh £9,802. Do híocadh £18,766 sa bhliain 1938 agus £26,391 an bhliain dá éis sin.
Chomh maith leis sin tháinig méadú ar na díolacháin ó bhliain go chéile. Sa bhliain 1935 díoladh luach £34,432; sa bhliain 1938, £46,183; agus sa bhliain dá éis sin, £84,543. Dob é méid na ndíolachán anuraidh ná tuairim is £196,800, gan ar díoladh de bhréidín baile do chur san áireamh.
Do díoladh luach £37,718 de bhréidín baile sa cheithre mhí ón uair a tosnaíodh ar é dhíol um Nollaig, 1943, agus do díoladh luach tuairim is £70,630 de anuraidh.
Tá laghdú de £1,507 ar a meastar a bheidh le fáil as Ceilp agus Feamain do dhíol ach baineann an laghdú sin ar fad le laghdú ar na costais iompair a bheidh le n-aisíoc.
Tá laghdú de £4,765 ar a meastar a bheidh le fáil as Cairrgín Bídh do dhíol. Níl glaoch ró-mhaith ar an gcairrgín seo le tamall anuas, agus ní bhfuarathas anuraidh ach tuairim is an méid atá á sholáthar anois.
Is beag an difríocht a bhaineann leis na soláthair fé na mionranna eile den mhírcheann do Leithreasaí-i-gCabhair. Bainid le hAisíoca i leith Iasachtaí, le Cíosa ar Thithe Comhnaíthe do Mhúinteoirí sa bhFíor-Ghaeltacht agus le Fáltais Ilghnéitheacha.
Cé go bhfuil laghdú ar mhéid an mheastacháin i mbliana, ní mór a thuigsint ná fuil aon lagú ar an obair atáthar ag iarraidh a dhéanamh ar mhaithe le muintir na Gaeltachta.