Bhí mé ag tagairt, nuair cuireadh an Dáil ar ath-ló aréir, dona scoltacha gairm-oideachais i rith an tseisiúin 1943-44. Bhí 30,000 dalta ag freastal ar ranganna oíche i rith an tseisiúin seo. A bhfurmhór sin is daoine iad a bhíos ag obair i rith an lae agus is lena thuille oiliúna a fháil ar a gceird a ghníos siad freastal ar na ranganna sin. Ar na ceirdeanna a bhíos ar siúl ag a leithéidí sin, tá luaidheadóireacht, meicníocht, meicníocht garáiste, siúinéireacht, aibhléis, ceimiceacht agus obair leic-mhiotail.
Gan trácht ar na gnáth-chúrsaí lae agus oíche chuir na coistí gairm-oideachais cúrsaí speisialta ar bun ó am go ham. Cúrsaí iad sin a d'fheil do thionnscail nua-bhunaithe. Is do réir na hoiliúna áithride a bhí de dhíth ar na hoibrithe sna ceanntair faoi leith a tugadh an ceanntair do gach ceann de na nua-thionnscail. I gcuid de na cásanna is i scoil ghairm-oideachais an cheanntair a tugadh an oiliúint, i gcásanna eile is sa monarchain nua, le cuidiú na mbainisteoirí, a tugadh í agus i roinnt eile cás is amhlaidh a toghadh na printíseachta nó na foghluimtheoirí as na mic léighinn a bhí ag freastal scoil ghairm-oideachais an cheanntair. Annsin cuireadh go hionad áithrid iad i gcóir oiliúna speisialta.
Cúrsaí oiliúna gearra ab' ea iad sin mar ní bhíodh aon oibritheoirí eile de dhíth ar an monarchain go ceann achair mhaith tar éis oiliúna na céadbhuíne. Sna cásanna a nglactar printíseachta isteach gach bliain agus a mbíonn oiliúint ar feadh tréimhse roinnt fada riachtanach tá scéimeanna seasmhacha ann ina gcóir. Siad na coistí gairm-oideachais agus coistí de chuid na gceárd ag cur comhairle ortha a rialaíos na scéimeanna sin.
Ni lia céird ná scéim. Rinne na coistí gairm-oideachais a seacht míle dícheall le freastal ar thionnscail agus ar ghnóthaí eile a bhí ag déanamh iarracht le blianta gairide anuas le oiliúint fheiliúnach a thabhairt dá gcuid printíseach. Níl cruthú is fearr ar sin ná a bhfuil de scéimeanna ann i gcóir na hócáide agus a sheasmhaí atá siad. Níl aon lá ó ritheadh an tAcht Gairm-Oideachais sa mbliain 1930 nach bhfuil an gairm-oideachas á leathnú faoi'n tuaith. Ón mbliain sin i leith tóigeadh 101 scoil sna sráidbhailte agus sna bailte móra sna ceanntair faoi'n tuaith. Na cúrsaí oiliúna a leagtar amach do ranganna lae agus do ranganna oíche na scol sin is cúrsaí iad a fheileas do dhaoine atá ag plé le talmhaíocht nó a bhfuil sé ar intinn acu a dhul ag plé leis an talmhaíocht. Tá garrdha ag dul le gach scoil ionnas gur féidir cleachtadh a fháil ar eolaíocht tuaithe ann. Níl aon bharr curaíochta nach féidir léargus a thabhairt ar gach ní a bhaineas leis sa ngarrdha sin. Rinneadh gach uile iarracht ar obair adhmaid, ar fhoirgníocht agus ar obair tighe a theagasc i gcaoi go mbeadh an t-eólas feiliúnach do mhuintir na tuaithe. Gan trácht ar an oiliúint a tugtar sa rang is mór an lán a rinneadh le aghaidh na bhfeilméaraí a tharraingt ar scoil an cheanntair agus le cuidiú a thabhairt dóibh ó thaobh oideachais agus ar bhealaigh nach é. Chuige sin bunaíodh scéimeanna le síolta a thástáil, scéimeanna maidir le gáirdíní tighe, buíeanta díospoireachta agus aroile. De thoradh comhdhála a bhí idir ionadaithe ó Chumann Gairm-oideachais na hÉireann, ionadaithe ón Roinn Talmhaíochta agus ionadaithe ón Roinn Oideachais cuireadh meamram os comhair na gCoistí Gairm-oideachais. Séard a bhí sa meamram san trácht ar an gcaoi a bhféadfadh na hoidí a theagascann tuaith-eolaíocht na scoltacha gairm-oideachais agus teagascthóirí na Roinne Talmhaíochta oibriú as lámha a chéile. Is mór an t-abhar dóchais an toradh a tháinig as an scéal sin.
I rith na bliana 1942-43 cuireadh 1,260,255 uair an chloig isteach ag freastal ar na ranganna tighis. Is ar ranganna lán-aimsire nó ranganna lae páirt-aimsire a cuireadh furmhór an ama sin isteach. Tá cláir ceadaithe leagtha amach i gcoir na ranganna go léir, is cuma más ranganna lae nó ranganna oíche iad. Mar abhair teagaisc ar na cláir sin tá cócaireacht, obair shnáthaide agus níchán. Lena chur ar chumas na ndaltaí obair an tighe a dhéanamh a leagtar amach na cláir sin agus tugann cigirí agus scrúduitheoirí deágh-thuairisc faoi'n toradh a bhíos ar an obair.
I gcomórtas le habhair eile déantaí a lán teagaisc ar abhair tráchtála faoi na sean-cnoistí ceard-oideachais. Is léir ó na figiúrí atá ar fáil nach amhlaidh atá an scéal anois. On mbliain 1927 i leith tháinig ísliú ó 77 fán gcéad go dtí 30 fán gcéad ar an líon daltaí atá ag foghluim tráchtála sna scoltacha gairm-oideachais. I rith na gcúig mblian déag seo a chuaidh tharainn tháinig méadú do réir 100 fán gcéad ar líon na n-oídí a theascann abhair eile ach níor tháinig ach méadú do réir 42 fán gcéad ar líon na n-oidí tráchtála. Tháinig fás mór faoi theagasc tuaith - eolaíochta, faoi theagasc innealtóireachta, faoi theagasc tighis, faoi theagasc obair láimhe agus faoi theagasc abhair eile nach iad. Sén toradh atá air sin nach raibh ar an líon oidí a bhí ag teagasc ins na scoltacha gairm-oideachais sa mbliain 1944-45 ach 13 fán gcéad d'oidí tráchtala gí gur oidí tráchtála 25 fán gcéad den líon oidí a bhí ag teagasc ins na scoltacha sin sa mbliain 1928.
Nuair a thosaigh na coistí gairm-oideachais ar a gcuid oibre sa mbliain 1930 bhí an-ghanntan áite orthu i gcóir ranganna faoi'n tuaith. Bhí ganntas forgnimh orthu sna bailte móra féin agus bhí droch-bhail ar chuid aéu. Tá na coistí sin tar éis foirgnimh nua deágh-chórithe a chur ar fáil inar féidir na habhair atá ar an gelár léinn a theagase go héifeachtach iontu. Ní scoltacha móra a bhfuil leagan-amach árd-nósach orthu atá ionntu má cuirtear i geomporáid le ceárd-scoltacha i dtíortha eile iad.
Ní fánach an toradh atá tagtha ar chuid a cúig d'Acht an GhairmOideachais i gCorcaigh agus i Luimneach; an t-aon dá áit inar cuireadh i bhfeidhm é. Tuairim is 900 dalta a rinne freastal ar an gcúrsa i gCorcaigh agus tuairim is 600 dalta i Luimneach. I dteannta na ngnáth-abhar leanúnacha teagasctar obair adhmaid do na buachaillí agus tigheas do na cailíní. Ni déantar faillíar ghnóthaí cultúradha eile seachas obair na rang. Cleachtar cluichí, aclaíocht choirp, an claisceadal agus dramaíocnt.
Tá an scéal dá scrúdú faoi láthair féachaint an gcuirfí an chuid sin den Acht i bhfeidhm i gCathair Átha Cliath agus i gCathair Phort Láirge. I rith na bliana seo, tháinig méadú ar an tinnreamh sa dá ionad atá fá stiúradh Chomhairle le Leas Óige. I mBaile Átha Cliath is ar na ranganna in obair láimhe is mó atá tóir. Tá tosaithe ag an gComhairle ar chuidiú a thabhairt do chumainn i gcóir cailíní.
Maidir leis an deontas-i-gcabhair atá á chur ar fáil do Choiste Ealaíon Stairiúil na hEireann fá fhó-mhír B 6 de bhótha i gcóir Eolaíochta is Ealaíon ba mhaith liom a mhiniú go bhfuil an Coiste seo ag teisclimie Stair faoi'n nGorta Mór a ullmhú agus a fhoillsiú. Bhí seo ar cheann de na nithe ba tábhachtaí dár tharla i nEirinn san 19ú céad ach níor foillsíodh aon chuntas iomlán saire faoi fós.
Tá rún ag an gCoiste cuntas iomlán ar an nGorta a fhoillsiú; an t-údar a bhí leis agus an toradh a bhí air ó thaobh an Gheilleagair agus ó thaobh na poilitíochta. Beidh beirt chomheagarthóirí air—an tOllamh R. Dudley Edwards agus an tOllamh T.W. Moody. Beidh buíon fionntóirí a toghfar go speisialta i geóir na hoibre ag gabháil do na coda áithride den obair. Beidh bliain eile ann ar a laghad sul a mbí an obair seo ullamh agus níl aon tsúil go dtárlóidh aon chostas i ngeall air i rith na bliana airgeadais seo. Ní foláir, áfach, le cead na Dála, suim airgid a chur ar fáil i gcóir an deontais a bhéarfar don Choiste i gcóir na bliana airgid seo chugainn. Beidh sin ag teastáil le híoc as an gcostas a thárlóidh má bhíonn an saothar ullamh i gcóir a fhoillsithe an tiáth sin. Meastar gur £1,500 an costas iomlán a bhainfeas leis an saothar.
Cuireadh os cóir na dála i Mí Feabhra seo a chuaidh tharainn an obair a bhí ar intinn a dhéanamh ar chuntais stairiúla a bhaineas le hÉirinn agus atá ar fáil i scríbhni thar lear. Tá sé ar intinn iad sin a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh. Ionnas go mb'fheidir an obair thábhachtach seo a dhéanamh, cuireadh £600 ar fáil an tráth sin, fán meastachán breise i gcóir mo Roinne-se. Mar is eol do na teachtaí, i gcionn na gCuntas ar Éirinn atá ar fáil i gCaipéisí Náisiúnta na Spáinne, i Simancas atáthar ag dul i dtosach. Táthar tar éis beirt scoláirí móra—An tAthair Caineach Ó Maonaigh agus an Caiptín G. Ó hEaluighthe a chur don Spáinn ar son na Leabharlainne Náisiúnta. Déanfaidh siad scrúdú generálta ar na sean-scríbhní sin agus nuair is gá é déanfaidh siad socrú le cóipeanna a dhéanamh dhíobh. Ar scannáin a dhéanfas siad furmhór na gcóipeanna. Beidh £2,000 ag teastáil i gcóir na hoibre an bhliain airgeadais seo.
Seirbhís nua is ea an deontas i gcabhair atá á chur ar fáil do Institiúid Náisiúnta Scannán na hÉireann agus níl aon duine nach n-amhdóidh gur seirbhís an-tábhachtach í. De thoradh na moltaí a rinne coiste eadar-rannach a bhunaigh mé tamall ó shoin atá an tairgead seo á chur ar fáil. Sén fáth ar bhunaigh mé an coiste seo le scrúdú a dhéanamh ar cheist na scannán oideachais agus ar cheist scannán teangaidh Ghaeilge. Cuirfear leabharlann de scannáin fheilí iúnach ar fáil agus orthu sin beidh scannáin Ghaeilge. Is ina chóir sin an deontas-i-gcabhair. Tá ainm-sholáthar á dhéanamh freisin ins na meastacháin le híoc as costas a soláthruithe. Is fá stiúrú Institiúid na Scannán a cuirfear ar fáil iad ar son ranna Rialtais. Ceann de na coinníollacha a theigheas leis an deontas-i-gcabhair go mbeadh sé de cheart ag an Rialtas ionadaithe a ainmniú cur ar an gcoiste den Institiúid lena mbainfí na cúrsaí.
Tá Brainse na bhFoillseachán, nó "an Gúm" mar tugtar de gnáth air, bunaithe le 18 mbliana. I rith an achair sin, tá 844 leabhar Gaeilge foillithe ann. Bun-leabhra i nGaeilge 369 leabhar acu sin. Aistriúcháin 355 acu, leatháin nó leabhar ceoil 112 acu, is leabhar ar théarmaí teicniúla 8 gcinn acu. Téacs-leabhra i gcóir na meán-scol is ea 104 leabhar den iomlán agus ní mór nach bhfuil leabhra de gach uile chineál den litríocht ghenerálta mease na coda eile.
Tá ceann curtha ar an scéim dár thagair mé anuraidh, sé sin, téacs-leabhra i gcóir na hIolscoile a chur ar fáil. De thoradh comhdhála a bhí ann le gairid idir ionadaithe ón Roinn agus de chuid na hIolscoile, táthar ag súil gur gearr go mbeidh eagráin de roinnt téacsleabhar Gréigise agus de roinnt téacsleabhar Laidne, mar aon le téacs-leabhra. Staire, ullmhaithe. Díoladh go nuige seo 600,000 cóip de leabhra an "Ghúim".
Maidir leis na scoltacha saothair, níl aon easba slí i scoltacha na gcailíní. Mar le scoltacha na mbuachaillí níor tháining athrú orthy ón taobh sin den scéal i rith na bliana seo a chuaidh tharainn. Rinneadh fiosrúchán maidir lé roinnt buachaillí a dtáinig feabhas ar an saol dá dtuismitheoirí agus de thoradh an fhiosrúcháin sin leígeadh amach tuairim is 50 buachaill. Mhaolaigh sin beagán ar an gcruadhóg. Tá iarracht á dhéanamh, freisin, ar scoil eile do bhuachaillí a chur ar fáil in aice Bhaile Átha Cliath. Tá an t-arm thar éis scoil saothair na gCealla Beaga a fhágáil agus tá an cheist á scrúdú féachaint an mbainfí leas aisti arís mar scoil saothair.
Ceadaíodh íoc ar gach malrach dá bhfuil sna scoltacha saothair ón gcéad lá d'Iúl, 1944, ach gan a dhul thar an uimhir atá údraithe do gach scoil. On dáta sin amach, hárdaíodh ó 5/- go dtí 7/6 an tsuim a bheadh iníoctha ar gach malrach faoil sé bliana d'aois. Roimh an dáta sin ní déantaí íocaíocht ach ar son an líon malrach a bhí ceadaithe don scoil. Méadaíodh dá réir ón gcéad lá de Mhéan Fómhair, 1944, an deontas a bhí iníoctha ag na hudaráis aitiúla ar mhalraigh faoi sé bliana a bheadh sna scoltacha saothair.
I rith na bliana 1944, leigeadh a bhaile ar saoire suas le 2,100 duine de na malraigh a bhí sna scoltacha saothair. Tá an Roinn sásta nár diúltaíodh aon duine a leigean abhaile ar saoire nuair ab'fhéidir é nó nuair ba ionmholta é dhéanamh. Cuireadh turasannna ar fáil agus leigeadh amach ag déanamh aceir go leor de na malraigh nach ndeschaidh abhaile ar saoire.
Nuair a bhí an Meastachán Breise i gcóir Scoltacha Ceartúcháin agus Scoltacha Saothair os comhair na Dála anuraidh, mhínigh mé dhíbh gurb é an rud a bhí ar intinn a dhéanamh maidir leis an scoil cheartúcháin i gcóir cailíní a bhitheas tar éis a oscailt go gairid roimhe sin i gCill Mochoda, deontas caipitíochta a íoc ar shamhail-uimhir de 20 duine an chéad bhíain. I ngeall ar a laghad cailíní a bhí intí a cinneadh air sin. Ní mórán cailíní atá sa scoil seo fós—níl inti faoi láthair ach naonbhar—ach tá roinnt mhaith costais ag baint lena leithéid de scoil a choinneál ag imeacht agus ar an abhar sin b'éigin leanacht den socrú sin a luaídh mé agus an tsamhail uimhir ar a níocfar deontas caipitíochta a árdú go dtí 40. Ní mór roinnt leasuithe a dhéanamh ar an dlí ionnas gur féidir leas a bhaint as an scoil ceartúcháin seo i gcóir an chineál cailíiní a bhfuil an scoil ann dóibh. Tá súil agam moltaí ina chóir sin a chur os comhair na Dála go gairid.