Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 May 1945

Vol. 97 No. 4

Bás Teachta.

Ó scuir an Dáil an ceathrú lá den mhí seo do cailleadh an Teachta Feardorcha Ó Cruadhlaoich. I bhFlaithis Dé go raibh a anam. Do toghadh ina Theachta Dála don chéad uair é sa mbliain 1927 agus níor chaill sé an gradam sin go lá a bháis. Bhí sé ina Stiúrthóir ar Chumann Lucht Cuarda ar feadh roinnt bhlianta agus ina chomhalta de Choiste Riartha Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Do ghaibh sé go hóg le saol poiblí Chiarraighe, mar do toghadh é ina chomhalta de Chomhairle na Contae sin sa mbliain 1917 agus i ngach toghchán don Údarás Áitiúil sin ó shoin i leith.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar an mBord Sláinte i gCiarraighe tráth agus ar Choiste Ospidéal an Mheabhair-Ghalair sa gContae sin.

Fear dúthrachtach, dícheallach ba ea é agus i dteannta an méid cúraim a chuir a dhualgaisí poilitíochta air do chuir sé suim mhór i bhfeabhsú na tíre i gcoiteann agus go háirithe i saol na ndaoine i gCiarraighe, ar a raibh tuigsint doimhin aige. Saighdiúir calma ba ea é a rinne a chion go maith ar son saoirse na hÉireann. Ba gheal, cneasta, fíor-lághach an duine é nár labhair an focal searbh riamh, agus bhí meas agus cion ag gach éinne air.

Iarraim ort, a Chinn Chomhairle, comhbhrón na Dála a chur in iúl dá mhnaoi agus dá mhuintir.

D'éirigh na Teachtaí ina seasamh.

Top
Share