Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Jul 1945

Vol. 97 No. 20

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Tuarastal Oidí.

D'fhiafraí

den Aire Oideachais an bhfuil an Rialtas ar aigne scéal tuarastal oidí scol náisiúnta d'athbhreithniú agus, má tá, cathain is dóigh leis a bheas toradh an athbhreithnithe sin againn.

Tá an cheist seo faoi scálaí tuarastail do na múinteoirí san am atá le teacht dá h-infhiúchadh i láthair na h-uaire. Seárd atá ar inntinn go gcuirfí na scálaí sin i bhfeidhm nuair a bhéas an Éigeandáil thart. D'fhonn an aidhm sin a oibriú, tá mé ag brath ar chomhchainnt a bheith agam leis na múinteoirí faoi cheann cúpla mí.

Top
Share