Tairgim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £2,900 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1946, le haghaidh Cúitimh agus Iocaíocht eile alos Díobhála Pearsanta arna ndéanamh do dhaoine, i gcáil seachas mar bhaill de Sheirbhísí Stáit dóibh, de dheascaibh bombaí do scaoileadh anuas ó aer-árthaí coigríche agus teagmhais den tsamhail chéanna le linn an Stát do bheith gan bheith páirteach i gcogadh.