Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Jul 1946

Vol. 102 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - “Obair Thaistealach.”

D'fhiafraígh

den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil míréiteach idir mhúinteoirí Gairm-Oideachais agus na Coistí Gairm-Oideachais i dtaobh an téarma "obair thaistealach"; agus an míneoidh sé go cruinn baileach an brí oifigiúil atá leis an téarma sin.

Go bhfios dom níl míréiteach idir múinteoirí gairm-oideachais agus na coistí gairm-oideachais i gcoitinne i dtaobh an téarma "obair thaistealach". Sé an chiall atá le "obair thaistealach" fé choistí gairm-oideachais ná cúrsaí gairide teagaisc a mhaireann ar feadh ceithre nó sé seachtaine sa turas in ionaid ar leith. Tuigim, ámh, go bhfuil míthuiscint ar roinnt mhúinteoirí atá ag obair fé choiste ghairm-oideachais Chontae na Gaillimhe faoi bhrí an téarma seo. "Obair sheisiúnach" agus ní "obair thaistealach" atá ar siúl ag na múinteoirí sin. Sé an chiall atá le "obair sheisiúnach" ná cúrsaí teagaisc a cuirtear ar bun le leanúint i rith an tseisiúin ar fad nó ar feadh an chuid is mó den tseisiúin.

Top
Share