Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 27 Nov 1946

Vol. 103 No. 11

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Costaisí Múinteóirí Gaeilge.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an eol dó go bhfuil baicle de Ghaeil óga —sé dhuine dhéag acu—ag cúrsa atá ar siúl i mBaile Átha Cliath faoi láthair do mhúinteoirí Gaeilge, agus nach bhfuil acu i gcóir lóistín, costaisí taistil agus mion-chostaisí eile ach £2 10s. 0d. sa tseachtain; go bhfuil an Roinn sásta £3 0s. 0d. sa tseachtain a thabhairt do dhaoine atá á n-oiliúint mar mhúinteoirí miotail agus adhmadóireachta; agus cad chuige nach dtabharfadh sé scoláireacht níos fiúntaí do na Gaeil seo, ábhar múinteoirí Gaeilge, a fhágfadh saor ó imní agus buaireamh intinne iad le linn dóibh a bheith i gceann an chúrsa seo, ar dhóigh go dtíocfaidh leo a n-ire iomlán a dhíriú ar a gcuid oibre.

Sé atá' sna scoláireachtaí seo na liúntaisí cothuithe a díoltar le daoine a bhíonn a n-oiliúin ag an Roinn le bheith in a múinteoirí fé Scéimeanna Gairm-Oideachais. Socruítear méid an liúntais do ghach chúrsa do réir na gCosdas lóisdín a bhíonn i bhfeidhm de thuras na h-uaire.

I gcás na gcúrsaí do mhúinteoirí obair adhmaid agus múinteoirí obair mhiotail ní mór oiliúnaí d'fháil a mbíonn in a gceárdaithe oilte cheana féin, agus toisc go mbíonn siad san ag obair agus ag tuilleamh airgid mhaith de ghnáth, ní mór liúntas sáthach árd do thairiscint chum daoine oiriúnacha do mhealladh. Níl sin riachtanach i gcás an chúrsa eile, agus sé mo thuairim go bhfuil an t-allúntas atá dá fháil ag na mic-léinn réasúnta nuair a cuirtear san áireamh an caoi a thugann an cúrsa dóibh ar fhostaíocht níos fearr do bhaint amach.

Top
Share