Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Nov 1946

Vol. 103 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéalaíocht mar Mheán Teagaisc.

D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an feasach dó gurb í an scéalaíocht meán mhúinte agus fhoghluma na Gaeilge leis na cianta sa nGaeltact agus gurb í a thug don Ghaeilgeoir, ar a raibh deis scolaíochta ceilte, soilbhire chainte, deise labhartha agus saibhreas briathar a bheith aige is cúis iontais do lucht oideachais; agus an gcuirfidh sé dlús, d'fhonn an saibhreas teangan sin a choinneáil ar marthain, le meán teagaisc a dhéanamh den scéalaíocht trí na scéalaithe is fearr sa nGaeltacht a fhostú agus a chur ag scéalaíocht sna bun-scoileanna agus sna scoileanna gairm-oideachais is fearr a mbeadh toradh ar a saothar iontu, trí na scoláirí sna scoltacha sin a bhrostú agus a mhisniú le duaiseanna as an gcnuasacht scéalta is fearr a bheas foghlamtha acu ó na scéalaithe sin i ndeire na bliana.

Tuigeann an Roinn Oideachais go rí-mhaith feabhas agus fiúntas na scéalaíochta i gcúrsaí teangan agus i gcúrsaí oideachais. Tá an scéalaíocht luaite go speisialta ar Chlár na mBun-scol mar ghléas oiliúna i dteagasc na Gaeilge agus tá sé leagtha síos go mbudh cheart roinnt scéalta do bheith de ghlan-mheabhair ag na daltaí. Léirítear tábhacht na scéalaíochta, freisin, ins na Nótaí Oifigiúla ar mhúineadh na Gaeilge. Tá treorú ins na Nótaí sin faoi'n gcaoi a mbudh cheart feidhm a bhaint as an scéalaíocht agus moltar do na múinteoirí scéalta na Craobhruaidhe agus scéalta na bhFiann a chur i láthair na ndaltaí. Fágann sin uilig go bhfuil an scéalaíocht ina meán teagaisc cheana féin ins na Bunscoltacha. Baintear feidhm mhór, freisin, as an scéalaíocht mar ghléas teagaise ins na Ceárd-scoltacha agus ins na Meán-scoltacha agus is deimhin nach bhfuil scoil ar bith aca nach mbíonn scéalaíocht ar siúl innte mar chuid den teagasc ins na ranganna Gaeilge.

Bheadh sé an-deacair scéim oifigiúil fé mar atá molta ag an Teachta do chur i ngníomh ins na scoltacha. B'fhearr an teagasc uilig a fhágáil faoi'n múinteoir a bhfuil an teagasc sin de chúram agus de dhualgas air, agus le n-a chois sin dá dtugtaí scéalaidhe ón taobh amuigh isteach bheadh sé deacair do mhúinteoirí na scoile an t-am a bheadh leagtha amach don Ghaeilge a riaradh san tslí go bhfuigheadh gach brainnse den ábhar a sciar ceart féin den am sin.

Ar aon nós ní dócha go bhfuil aon ghá mór le scéim ar leith do cheapadh ná do chur i bhfeidhm, arae más mian le bainisteoir ar bith nós na seanscéalaithe áitiúla a chur ar eolas do na daltaí scoile tá cead aige socrú dá réir a dhéanamh.

An bhfuil a fhios ag an Aire nach dtugtar na sean-scéalaithe isteach sna scoltacha chur ar bith cé is móite de na hOllscoltacha agus an n-aontóidh sé nach féidir sean-nós na scéalaíochta a mhúnadh i gceart ghá n-oireasa agus an n-iarrfaidh sé ar an Roinn an cheist a chur dá scrúdú arís i ngheall ar a thábhachtaí atá sí.

Má chuireann an Teachta scéim faoi mo bhráid i leith ceantair eicín, scrúdófar í.

Top
Share