Tairgim:—
Go ndeonfar suim breise nach mó na £48,345 chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú Márta, 1947, chun Tuarastal agus Costas i dtaobh Seirbhísí na Gaeltachta, lena n-áirítear Deontais um Thógáil Tithe agus ceannach agus díol Bréidíní Baile.
That a supplementary sum not exceeding £48,345 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1947, for Salaries and Expenses in connection with Gaeltacht Services, including Housing Grants and the purchase and sale of Homespuns.
Tá dathad-a-hocht míle, trí chéad agus dathad-a-cúig punt ag teastáil faoin meastachán seo le haghaidh obair Fho-Roinne Seirbhísí na Gaeltachta don bhliain seo. Le fírinne, tá nóchahocht míle, céad agus seasca-cúig punt ar fad ag teastáil chun an méid a caithfear thar mar a bhí sa bhunmheastachán a shlánú, ach téann ina choinne sin dathad-a-cúig míle, sé chéad agus tríocha-cuig punt breise a baileofar agus ceithre mhíle, céad agus ochtó-cúig punt a sábhálfar ar mhírchinn áirithe den Vóta.
Baineann seasca míle, seacht gcéad agus caoga punt den chaiteachas ar fad le habhair do na tionscail fiteacháin agus bréagáin; fiche-haon míle agus cheithre chéad punt le hairgead bhreise le haghaidh bréidín baile a cheannach; sé mhíle seacht gcéad agus ochtó punt le costais a bhainfidh le tionscal nua na ndeilbhíní luaidhe; cúig mhíle, céad agus ochtó punt le hinnealra a thuitfidh le n-íoc as i mbliana; agus an chuid eile le cúrsaí taistil agus costais eile na Fo-Roinne.
Tá míle punt ag teastáil faoi mhírcheann D. 4 do Thaisteal. Tharla go raibh sé riachtanach ar mhaithe le cúrsaí táirgeachta i bhfad níos mó cuairteanna a thabhairt ar na hionaid tionscail ná a céad-mheasadh ba ghá.
Tá cúig mhíle, céad agus ochtó punt breise ag teastáil faoi mhírcheann D. 5. Is amhlaidh nár cuireadh sa bhunmheastachán ach soláthar comhartha don innealra shníomhacháin a bhí ar ordú don mhuileann i gCill Chártha toisc ná raibh aon eolas cinnte i dtaobh cathain a seachadfaí é. Meastar anois go dtiocfaidh cuid de le bheith iníoctha, ina leith, an bhliain seo, agus sin é is mó faoi ndear an soláthar atá dá dhéanamh.
Tá dathad-a-cúig míle punt breise ag teastáil faoi mhírcheann D. 6. le haghaidh abhar do na tionscail fiteacháin a ceannaíodh agus a thiocfaidh chun bheith íoctha astu an bhliain seo. Baineann an chuid is mó den mhéid sin le habhair a hordaíodh don tionscal bhréidín láimhfhite ach tharla gur cuireadh moill ar sheachadadh na n-abhar agus dá bhrí sin níor tháinig an méadú ar dhíolacháin agus ar fháltais airgid a rabhmar ag súil leis.
Tá cúig mhíle déag, seacht gcéad agus caoga punt breise ag teastáil faoi mhírcheann D. 8. le haghaidh abhar don tionscal bréagán. Meastar go mbeidh méadú dá réir ar na fáltais airgid a gheobhfar as an dtionscal seo.
Tá fiche-haon míle agus cheithre chéad punt breise ag teastáil faoi mhírcheann D. 10. le haghaidh bréidín baile a cheannach. Níor tharla an lagú ar an dtáirgeacht ná ar an éileamh a ceapadh a tharlódh agus an bun-mheas-tachán á ullmhú; sin é faoi ndear soláthar breise a bheith ag teastáil anseo. Meastar go mbeidh méadú dá réir ar na fáltais airgid.
Tá sé chéad agus caoga punt breise ag teastáil faoi mhírcheann D. 11. le haghaidh soláthairtí d'obair bréidín do dhathú agus do chríochnú i gCill Chártha.
Tá sé mhíle, seacht gcéad agus ochtó punt ag teastáil faoi mhírcheann nua, D. 12., le haghaidh an tionscail deilbhíní luaidhe atáimid tar éis a bhunú i gConamara. Níor tosnaíodh ar an dtionscal seo ach le déanaí agus tá sé ró-luath go fóill a rá conas a éireóidh leis.
Tá dhá mhíle, cheithre chéad agus cúig phunt breise ag teastáil faoi mhírcheann F. 3. le haghaidh iolchostas an Taise-Ionaid. Baineann an méid sin le habhair pacála, le costas iompair, le trucail nua a cheannach agus le costais taistil na foirne.
Ina gcoinne sin ar fad, meastar go mbeidh na méaduithe seo leanas ar na fáltais airgid a gheobhfar faoi mhírcheann I.—dathad-a-ceathair míle agus caoga-seacht punt as díolacháin na dtionscal tuaithe; míle agus naoi gcéad punt as díolacháin ceilpe agus feamaine, agus sé chéad punt, faoi fháltais ilghnéithe, as cúiteamh a fuarthas in abhair a loiteadh. Meastar go mbeidh easnamh de naoi gcéad agus fiche-dó punt ar a bhfaighfear as díolacháin cairrgín, agus fágann san gur dathad-a-cúig míle, sé chéad agus triocha-cúig punt breise a gheobhfar mar Leithreasa-i-gCabhair.
Meastar go mbeidh sábháltais de cheithre mhíle, céad agus ochtó-cúig púnt ar na mírchinn D. 9.—Sníomhachán agus H. 3.—Deontais faoi Achta na dTithe (Gaeltacht). Tar éis an méid sin agus na Leithreasa-i-gCabhair a bhaint den mhór-chaiteachas bhreise, fágtar gur dathad-a-hocht míle, trí chéad agus dathad-a-cúig punt atá ag teastáil anois.
Tuigfear ón meastachán seo go bhfuilimid ag déanamh gach beart is féidir chun abhair a choimeád leis na tionscail seo atá dá seoladh ar mhaithe le muintir na Gaeltachta.