den Aire Oideachais an mbreithneoidh sé cás na ndaoine ba thimthirí agus múinteoirí Gaeilge le linn ré Rialtais Shasana anseo, sar ar ceapadh chun poist inphinsin iad i seirbhís ár Stáit féin, d'fhonn an tseirbhís mar thimthirí agus múinteoirí a áireamh chun críocha pinsin.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Timthirí agus Múinteoirí Gaeilge.
Is dócha gurb iad atá i gceist annseo, daoine a bhí ina dtimirí nó ina múinteoirí Gaeilge, agus a ceapadh ó shoin i bpostanna inphinsin mar oidí, de bhrí gur postanna den tsort sin amháin atá faoi mo chúramsa. Rinneadh breithniú ar chás na ndaoine seo tamall ó shoin, agus socraíodh, maidir le daoine a thug cúig bliana, ar a laghad, de sheirbhís lán-aimsireach mar thimirí nó mar mhúinteoirí Gaeilge, taréis dóibh bliain agus fiche d'aois a shlánú, agus roimh an 31ú lá de Mhí Iúil, 1924, go bhféadfaí an tseirbhís sin d'áireamh chun críocha pinsin i gcás go gceapfaí mar mheán-mhúinteoirí, nó mar mhúinteoirí gairm-oideachais iad; rinneadh réiteach speisialta, freisin, i gcás duine amháin a ceapadh i bpost inphinsin mar Oide Scol Náisiúnta.