Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 13 May 1947

Vol. 106 No. 1

Death of a Deputy.

A Chinn Chomhairle, is cúis mhór bróin dúinn go bhfuair an Teachta Micheál Ó Muirgheasa bás Dé Sathairn seo caite, beannacht Dé lena anam.

Fear cneasta lách ba ea é agus bhí meas agus cion ag gach éinne air.

Togadh ina Theachta Dála don chéad uair é i 1932, agus ba chomhalta den Dáil é ón uair sin go dtí gur cailleadh é.

Bhí an-tsuim aige i gcúis saoirse na tíre, agus nuair nach raibh sé ach ina aosánach bhí sé ag troid go calma mar shaighdiúir ar son na hÉireann.

Chomh maith le bheith ina Theachta Dála bhí dlúth-bhaint aige leis an saol poiblí ina Chontae féin. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an mBord Sláinte i gContae Phortláirge agus ina chomhalta de Chomhairle Bhaile Dhún Garbháin agus d'údaráis áitiúla eile.

Do chuir sé spéis i lúth-chleasa Gael agus do chabhraigh sé go mór leo i gcónaí.

Ón am a toghadh sa Dáil é do lean sé lena chuid dea-oibre ar son na tíre, agus cé nach minic a labhraíodh sé sa Dáil do chomhlíon sé a dhualgais go dúthrachtach díograiseach agus d'oibrigh sé go dílis ar mhaithe le muintir a Dháil-cheantair. Go gcúití Dia a shaothar leis.

Iarraim ort, a Chinn Chomhairle, comhbhrón na Dála a chur in iúl dá bhaintrigh agus dá chlainn.

Deputies rose in their places.

Top
Share