Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 14 May 1947

Vol. 106 No. 2

Committee on Finance. - Vote 45—Office of the Minister for Education.

Tairgim:—

Go ndeonfar suim nach mó ná £173,950 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfas chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1948 chun Tuarastal agus Costas Oifig an Aire Oideachais.

Isé £7,141,450 an lán-tsuim ghlan atá ag teastáil i gcóir na n-ocht Bhóta a bhfuil mise freagarthach iontu. Don tréimhse 1946-47 (agus na Meastacháin Bhreise san áireamh) séard do bhótáileadh £5,946,640. Mar sin de, tá na Meastacháin seo £1,194,810 (faoi thuairim 20%) níos mó ná Bhótaí na bliana atá caite.

Ag seo na príomh-dhifríochta atá idir Meastacháin 1947-48 agus Bhótaí 1946-47:—

Maidir le Bhóta 45—Oifig an Aire Oideachais—meastar £250,950 de lán-tsuim ghlan a bheith ag teastáil i gcóir an Bhóta seo i mbliana—suim atá £24,130 níos mó ná an méid a bhótáileadh anuraidh. Níor riachtanach ach fíor-bheagán den mhéadú sin, mura mbeadh gur cuireadh deireadh leis na Bónais Éigeandála agus Chostais Bheatha d'íochtaí le Stát-Sheirbhísigh agus gur cuireadh ina n-ionad sin scálaí nua de thuarastail chomh-dhlúithe. Ar 270 d'fhigiúir Chostais Bheatha is ea ghníthear na scálaí nua d'áireamh, agus to cuireadh i bhfeidhm iad do réir an tsocruithe a rinneadh le Cumann na Stát-Sheirbhíseach, tamall ó shoin. Is beag athrú atá ar líon na foirne, ach amháin ná fuil ach cúigear oifigeach ar iasacht ón Oifig seo ag Ranna eile anois agus go raibh ochtar ar iasacht anuraidh.

Maidir le Bhóta 46—Bun-Oideachas —Isé £5,159,400 an tsuim ghlan atáthar d'iarraidh don Bhóta seo anois, agus is ionann sin agus £882,330 níos mó ná an stuim ghlan a soláthraíodh anuraidh (£4,277,070).

Sa bpríomh-fhomhírcheann (C.I.) den Bhóta seo, tá £869,610 de mhéadú ghlan dá iarraidh i gcóir tuarastal, &c., d'Oidí Scol. Do réir na rátaí nua atá i bhfeidhm ón 31ú Deireadh Fómhair, 1946, beidh £1,000,700 ag teastáil i gcóir tuarastal (agus Bónais ar son cáilíochta speisialta a chur san áireamh) d'Oidí Gnáth-Bhunscol agus d'Oidí Modhscol, agus beidh £198,890 ag teastáil i gcóir deontaisí do Stiúrthóirí Scol Ceann-tsraithe—figiúirí is ionann agus £1,199,590 níos mó ná na suimeanna a soláthraíodh i 1946-47, do réir scálaí 1938. Faoi'n scéim nua, gheobhaidh Príomh-oidí agus Leasphríomhoidí liúntais bhliantúla in ionad na nDeontas Bliantúil (iarsmach) Ceann-tsraithe d'íoctaí leo roimhe seo, agus bhéarfar liúntais chíosa d'fhiroidí pósta agus do bhaintreacha a bhfuil a gclann ag brath orthu, agus meastar go gcosnóidh an chéad ní acu sin £160,500 agus go gcosnóidh an dara ní £23,000. I dteannta na n-athrú sin agus dá réir, beidh £2,600 ag teastáil i gcóir an Deontais Speisialta do na hOidí i scoileanna áirithe sa bhFíor-Ghaeltacht. Mar sin de, cosnóidh an scéim nua £1,385,690 níos mó ná mar bhí riachtanach do réir scálaí 1938.

Ós a chomhair sin, áfach, tá laghduithe áirithe le cur san áireamh. Soláthraíodh £454,700 anuraidh i gcóir na mBónas Éigeandála, ach stadadh d'íoc na mbónas sin nuair a thainig an scéim nua i bhfeidhm. An uair chéanna sin, cuireadh as feidhm an Deontas Bliantúil (iarsmach) Ceanntsraithe—deontas dár soláthraíodh £97,000 anuraidh—ach tá £59,000 dá iarraidh i mbliana i geóir an iarmhair d'éirigh iníoctha ó thosach Aibreáin go Deireadh Fómhair, 1946, agus fágfaidh sé sin £38,000 de laghdú ann. Rud eile, níl aon soláthar speisialta do Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair sa Mheastachán seo. Tá na scoileanna sin ag fáil deontas iomlán ó bhí tosach Aibreáin, 1946, ann agus tá soláthar lena n-aghaidh á dhéanamh faoi'n fho-mhírcheann oiriúnach. San am ina raibh Meastacháin 1946-47 á n-ullmhú, níorbh eol don Roinn cé acu gnáthíocaíocht nó íocaíocht cheann-tsraithe ba rogha leis na scoileanna seo agus, ar an abhar sin, rinneadh £28,600 de sholáthar speisialta dóibh; ach, mar adúirt mé cheana, níl sé sin dá iarraidh i mbliana. £521,300 suim iomlán na dtrí gceal atá luaite agam, agus laghdaíonn siad an £1,385,690 de bhreis-chostas go dtí £864,390.

Maidir leis na tuarastail a ndéanann oidí tinne a n-íoc le hionadaithe, ba mhian leis an Roinn an t-ualach sin d'éadromú, agus socraíodh go n-aisíocfadh an Roinn dhá dtrian dá leithéidí sin d'íocaíochta le hoidí do chaithfeadh a dtabhairt uathu. Rinneadh £10,000 de sholáthar lena aghaidh sin i 1946-47; ach, de thoradh na scálaí feabhsaithe, tháinig méadú ar na tuarastail a bheadh iníoctha le hionadaithe agus, ar an ábhar sin, ba riachtanach £16,000 de sholáthar d'iarraidh i mbliana. Ach, ó tharla £780 de laghdú costais ann mar gheall ar ítim eile, féadfaí a rá nach £6,000 ach £5,220 atá le cur leis an £864,390 úd— rud fhágas gur £869,610 atá ag teastáil faoi'n Fho-mhírcheann seo.

Tar éis Mealtacháin na bliana seo a bheith ullmhaithe, fógraíodh go ndearnadh mion-athruithe ar an scéim nua tuarastal maidir le híocaíochta d'Oidí i Scoileanna beaga agus maidir le Bónas ar son cáilíochta speisialta (Céimeanna Iolscol, &c.). Sa gcaoi inar tharla an scéal, níor bhféidir soláthar le haghaidh na n-athrú sin a bheith sa chóip de na Meastacháin atá á cur i láthair na Dála; ach meastar go gcosnóidh siad faoi thuairim £25,000.

Sna Coláistí Ullmhúcháin i 1946-47 bhí 486 dalta; ach beidh 500 iontu i 1947-48—méadú fhágfas £5,992 de bhreis-chostas ann. Sna Coláistí Oiliúna, i 1947-48, meastar go mbeidh 232 fhear agus 427 mná; sé sin 26 fir agus 4 mná níos mó ná mar bhí anuraidh ann, agus £6,992 de bhreischostas. I gcóir oiliúnt Oide, mar sin, tá soláthar á dhéanamh le haghaidh £12,984 ina iomlán de chostas breise.

An soláthar do théamh agus do ghlantóireacht Bun-scol, tá sé méadaithe ó £51,000 go £65,000, ionas go bhféadfar deontais níos mó do thabhairt i gcóir téacháin.

Tá £1,000 de bhreis á sholáthar do Scoláireachta Saoire sa nGaeltacht; £1,500 do soláthraíodh i 1946-47, agus tá £2,500 dhá sholáthar i mbliana.

Daoine óga ar coinníodh a n-oideachas ar gcúl, toisc gur scoir uimhir áirithe d'Oidí Bun-scol, i mBaile Átha Cliath de theagasc ar feadh tréimhse i 1946, tá ranga speisialta bunaithe chun teagasc a thabhairt dóibh i nGaeilge, i mBéarla agus in Uimhríocht, agus tá £5,000 á sholáthar i gcóir na rang sin.

Costas phinsin Oidí, meastar go mbeidh sé £17,800 níos lú ná mar bhí sé i 1946-47; £437,100 de bhí ag teastáil anuraidh, agus £419,300 atá á sholáthar i mbliana. Cinneadh go gceadófaí d'Oidí inphinsin fanúint sa Seirbhís nó go mbeadh aon bhliain amháin, ar a laghad, curtha isteach acu faoi na scálaí nua tuarastal, agus sin é an rud is cúis leis an laghdú costais. Is ionann an socrú sin agus ná beidh sé d'fhiachaibh ar Oide ar bith scor mar gheall ar aois roimh an 31ú de Mhí na Nollag, 1947.

Maidir le Bhóta 47—Meán-Oideachas —Isé £827,880 suim ghlan an tsoláthair, agus tá sí sin £133,120 níos mó ná an méid do bhótáileadh anuraidh.

Tá £91,800 de mhéadú ar an soláthar don Deontas i gcóir Páigh-bhreise. Do réir na sean-scálaí, maraon leis an mBónas Éigeandála, do soláthraíodh £319,000 i dtosach 1946-47, agus do soláthríodh £64,000 i mbreis-Mheastachán i gcóir íocaiocht na scálaí nua ón lú Meán Fómhair, 1946. Má fágtar an tsuim dheireannach sin as an áireamh, chífear go bhfuil £155,800 de mhéadú ag teastáil mar gheall ar na scálaí nua agus mar gheall ar an méid Oide a bhfuil páigh-bhreis iníochta leo a bheith dulta i líonmhaire. Ní eile, soláthraíodh £66,500 i gcóir Bónas Éigeandála anuraidh; ach chuir na scálaí nua an Bónas sin as feidhm—rud fhágas soláthar na bliana seo do bheith £222,300 níos mó ná costas na sean-scálaí taobh amuigh den Bhónas Éigeandála.

An Deontas Ceann-tsraithe (agus an Deontas i gcóir tuarastail Oidí san áireamh) cosnóidh sé £22,155 níos mó ná mar chosnuigh sé anuraidh. Tá deireadh curtha leis an laghdú (10%) agus déanfar íocaíocht feasta as ucht daltaí a mbeadh ó 70 go 99 gcinn d'fhreastail curtha isteach acu sa mbliain agus, ina theannta sin, tá líon iomlán na ndaltaí tar éis dul i méid. I scoil-bhliain a 1946-47, tá 42,730 ann; i 1945-46, bhí 41,793 ann, agus ní raibh ach 41,200 ann i 1944-45.

Tá £3,700 de mhéadú ar na Deontais i gcóir Saotharlanna, ar an abhar go bhfuil 65 sa bhreis de ranga Eolaíochta agus Tís ann, agus ar an abhar gur cuireadh deireadh leis an laghdú deontais a rinneadh in 1931-32.

An deontas i gcóir Scol Gaeilge agus Scol Dhá-theangach, tá se £5,890 níos mó ná mar bhí sé, óir tá méadú déanta ar na Deontaisí Ceann-tsraithe a ndéantar an deontas seo dá réir.

Tá £4,600 de sholáthar nua á dhéanamh i gcóir Deontaisí Speisialta ar son feabhais i labhairt na Gaeilge.

Tá £4,800 de mhéadú ar an tsuim a soláthraíodh sa Mheastachán Breise i gcóir Liúntais Chíosa ón lú Meán Fómhair, 1946, an lá a tháinig scéim nua na dTuarastal agus na liúntais i bhfeidhm.

Cosnóidh na Scrúdúcháin £365 níos mó ná mar chosnaigh siad anuraidh, agus beidh £150 níos mó de chostas ag gabháil le Scoláireachta agus le Duaiseanna.

Tá £800 sa mbreis á chur leis an Deontas chun Téacs-leabhra Gaeilge d'fhoilsiú, agus tá £300 á chur leis an Deontas i geóir Cúrsaí Gaeilge.

Maidir leis an geaiteachas bliantúil mar gheall ar phinsin agus aiscí d'athbhaill de Scéim Phinsin na n-Oide Meán-Scol, meastar go mbeidh sé £10 níos mó ná na fáltais i mbliana.

Maidir le Bhóta 48—Ceárd-Oideachas —Isé £572,770 an tsuim ghlan atá ag teastáil, agus tá sí sin £110,810 níos mó ná an méid a bhí ag teastáil anuraidh. An lán-tsuim atá le soláthar i gcóir deontas bliantúil do na Coistí, tá sí £105,405 níos mó ná suim na bliana atá caite. £39,212 den mhéid sin, tá sé ag teastáil toisc gurbh éigean Bónas an Chostais Mhaireachtála a chur in oiriúint don fhigiúir chomarthaíos an costas sin faoi láthair—270. Ní eile, is riachtanach £26,000 sa mbreis a sholáthar in aghaidh chostas na hoiriúna céanna ón lú Samhain, 1946, go dtí an 31ú Márta, 1947, óir ní raibh soláthar ar bith ina aghaidh sin i Bhóta 1946/47.

Maidir leis na Stát-dheontais atá ag brath ar mhéid na sintiús áitiúil ós cionn an mhinimum, beidh £39,636 níos mó ag teastáil ná mar bhí anuraidh.

Mar gheall ar phinsin nua bheas iníoctha i mbliana, tá £6,025 de mhéadú ar an soláthar i gcóir an chaiteachais a bhaineas le pinsin agus aiscí.

Ina theannta sin, tá scéim nua scrúdúchán á bunú i gcóir lá-dhaltaí i Scoileanna Gairm-oideachais, agus tá £1,000 sa mbreis dhá sholáthar ina cóir.

Maidir le Bhóta 49—Eolaíocht agus Ealaín—Isé £8,080 an lán-mhéadú glan atá sa Mheastachán seo. Tá £6,995 de mhéadú ar an soláthar do thuarastail, &c., na bhfoireann. Go príomhach, tá an méadú sin ag teastáil mar gheall ar árduithe tuarastal a rinneadh de thoradh na scéimeanna nua tuarastal a cuireadh i bhfeidhm do réir mar socraíodh, tamall ó shoin, leis na cumainn Stát-Sheirbhíseach. Ach tá cuid de ag teastáil toisc posta nua d'annálaí sa Leabharlainn Náisiúnta a bheith curtha ar bun, agus tá cuid eile ag teastáil i gcóir mion-phostaí do fágadh folamh sna foirne ar feadh mór-thréimhse den Éigeandáil.

Níl aon athrú á dhéanamh ar an deontas (£1,500) don Mhuseum Náisiúnta chun samplaí do cheannach. Tá an deontas don Leabharlainn Náisiúnta á mhéadú £900 go £3,500 mar gheall ar a chostasaí atá ceannach leabhar, agus chun a chur i geumas na Leabharlainne seilbh d'fháil ar sheanláimhscríbhne bhaineas le hÉirinn— nithe atá ag dul i líonmhaireacht sa mhargadh ó stadadh den chogadh san Eoraip.

An soláthar d'Fhoilseacháin i nGaeilge, táthar á laghdú ó £11,705 go £9,500. Níor fritheadh ach fíor-bheagán ó na tithe cló-dóireachta anuraidh, agus is dócha go mbeidh an scéal mar an gcéanna i mbliana.

Tá £1,255 de lán-mhéadú á dhéanamh ar na deontaisí do na cumainn chuireas drámaí Gaeilge ar an stáitse agus, amhail mar rinneadh anuraidh, tá £6,250 á dheonú don Choimisiún Béaloidis, agus £8,000 do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

Costas ullmuithe Stair na MórGhorta (atá idir lámha ag Cumann Gaelach na nEalaíon Stairiúil) bhí sé roinnt mhaith ní ba lú ná mar measadh a bheadh sé anuraidh agus, ar an abhar sin, tá £1,000 á sholáthar anois, i dteannta an £100 de dheontas bhliantúil ionas go mbeifear i ndon caiteachas na bliana seo d'íoc.

San am ina raibh na Meastacháin seo á n-ullmhú, bhíthear tar éis an soláthar d'Oireachtas na Gaeilge a mhéadú ó £750 go £1,000. Ach, ón am sin i leith, tá Coiste an Oireachtais ag dian-iarraidh £1,500 de dheontas speisialta chun a chur ina gcumas an caogadú bliain de shaol an Oireachtais a chomóradh go cuí. Mar gheall ar an gcás nea-ghnáthach sin, cinneadh ar an mbreis-deontas a thabhairt dóibh i mbliana, agus beidh an soláthar lena aghaidh á iarraidh i riocht Meastacháin Bhreise.

Tá £2,000 á sholáthar arís d'Institiúid Náisiúnta na Scannán, agus tá £2,500 á sholáthar i gcóir chostais scannáin ina mbeidh teagasc tábhachtach i dtaobh prátaí.

As seo amach, bhéarfar deontaisí do Choláistí Gaeilge as ucht daltaí idir 14 agus 18 mbliana d'aois. (Ní raibh deontas ar bith lena n-aghaidh sin go dtí seo) agus, dá réir sin, tá £1,500 de mhéadú ar an soláthar i gcóir deontaisí do na Coláistí.

Maidir le Cuimhne Céad Blian Thomáis Dáibhis agus Gluaiseacht ua n-Éireannach Óg, tá £1,000 á sholáthar chun go gcuirfear i gcrích beartuithe áirithe bhaineas léi.

Maidir le Bhóta 50—Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair—Isé £169,190 an glan-soláthar atáthar ag iarraidh, agus tá sé sin £22,170 níos mó ná an méid a bhótáileadh anuraidh.

Tá £26,302 de mhéadú sa tsoláthar do Dheontaisí i gcóir Foirgníochta agus Trealaimh. Tá na Bráithre Críostúla chun Scoil nua Saothair a bhunú in aice Bhaile Átha Cliath, agus tá soláthar déanta lena haghaidh sin. I gcomhardadh scéime a tháinig i bhfeidhm anuraidh, tá soláthar á dhéanamh le haghaidh deontais is ionann agus an méid d'íocfaí, ar feadh lán-bhliana do réir 1/- sa tseachtain an duine den líon ógraí atá faoi choimeád i Scoileanna Saothair. De thoradh na scéime sin, laghdaíodh, ó 7/6 go 7/- sa tseachtain, an gnáth-dheontas ceann-tsraithe; agus, ó thárla ina theannta sin ná fuil oiread ógraí faoi choimeád anois, tá £6,200 de laghdú ar an soláthar don Deontas Ceann-tsraithe.

Maidir le Bhóta 51—An Dánlann Náisiúnta—Isé £6,500 a soláthraíodh anuraidh, agus tá £8,010 á sholáthar i mbliana—£1,510 de mhéadú.

Chonnacthas, le himeacht aimsire, nár leor an méid do bhítheas á dheonadh i gcóir ceannach agus deisiúchán pictiúirí, agus tá suim an deontais árdaithe ó £2,000 go £3,000.

Sí an scéim nua túarastal do Stát-Sheirbhísigh is cúis leis an £510 de mhéadú sa tsoláthar i gcóir tuarastal agus páighe.

Maidir le Bhóta 28—Institiúid ÁrdLéinn Bhaile Átha Cliath—Isé £53,810 suim an tsoláthair seo—£12,660 níos mó ná soláthar na bliana atá caite.

Táthar tar éis comh-scoil nua a bhunú .i. Scoil na Fisice Cosmaí, agus tá soláthar á dhéanamh do scoil eile .i. Scoil Stair-thaighdeacháin.

Maidir le Bun-Oideachas i mbliain a 1946-47, agus mé ag tabhairt isteach Meastacháin na Roinne Oideachais, bhí stailc na n-Oide ar siúl i mBaile Átha Cliath. B'olc an scéal a leithéid a bheith amhlaidh; ach stadach den staile, an 31ú Deireadh Fómhair seo thart, agus ní rún dom anois aon trácht mór a dhéanamh uirthi. Na hoidí bhí ar stailc agus na daltaí a bhí gan teagase le linn na stailce, tá siad tar éis cromadh go sásúil ar obair na scol arís, agus is áthas liom an méid sin. Bhítheas faoi imní go mb'an-docharach do na daltaí bheith saor ó obair agus ó riail na scol; ach táthar tar éis a dheimhniú dom ná fuil an dochar chomh trom ar fad agus bhítheas do thuar dó. Mar sin féin, choinnigh an stailc cúl mór ar oideachas na ndaltaí, agus tá socruithe áirithe déanta chun oiread agus is féidir den chailliúint oideachais sin a chomhlíonadh do dhaltaí na rang sinsearach. Chinneas, ina gcóir sin, go gceadóinn ranga speisialta tráthnóna a chur ar bun. Tá na ranga sin oscailte do dhaltaí, nó d'ath-dhaltaí, do bhí ar scoileanna Náisiúnta i limistéar Bhaile Átha Cliath, an 19ú Márta, 1946, nó tar éis sin—ach na daltaí sin a bheith anois ós cionn 14 mblian d'aois agus iad a bheith fostaithe nó ag iarraidh fostaíochta. Aon scoil ina bhfuil ran díobh sin, is ag Bainisteoir na scoile atá ceapadh oidí i gcóir an teagaise. Maireann gach rang ar feadh dhá uair a chloig, gach oíche de thrí hoícheanna sa tseachtain, agus leanfar don scéim go dtí Dia hAoine, an 27ú de Mheitheamh. Faoi láthair, tá ranga bunaithe i dtrí cinn déag de scoileanna Chathair Bhaile Átha Cliath.

Na scálaí nua tuarastal agus liúntaisí i gcóir Múinteoirí Náisiúnta, tháinig siad i bhfeidhm, an 31ú Deireadh Fómhair, 1946—an lá d'fhill na Múinteoirí a bhí tar éis bheith ag coinneáil a seirbhíse ó na scoileanna. Tá go leor d'fhaisnéis phoiblí déanta ar an scéim cheana féin, agus ní dóigh liom gur gá dom mion-fhaisnéis ina taobh a thabhairt uaim anois. Tamall tar éis don stailc a bheith thart, bhí comhrá idir mé féin agus ionadaithe Chumann na Múinteoirí Náisiúnta, agus thoiligh mé ó shoin go n-athrófaí an scéim i slíte áirithe a ndúrathas liom cuid díobh a bheith géar-riachtanach de thoradh na stailce féin. Le coinníollacha seirbhíse bhaineas siad sin.

Do réir na scéime mar foilsíodh é, d'fheadfaí £210 (.i. an minimum de scála na mban-oidí tréineáilte) d'íoc mar thuarastal le hoidí tréineáilte a bheadh ag tosnú i scoileanna ina mbeadh ó 10 go 19 ndaltaí; ach £290 an maximum a bhí ann i gcóir oidí a measfaí bheith "Éifeachtach", agus £310 an maximum i gcóir oidí a measfaí bheith "An - Éifeachtach". Múinteoirí i scoileanna ina mbeadh ní ba lú ná 10 ndaltaí, gheobhadh siad £180 de thuarastal socair ón Roinn, agus caithfí £30 in a theannta sin a chur ar fáil go háitiúil leis an tuarastal a mhéadú go dtí £210—ach amháin i gcásanna ná measfaí sin a bheith riachtanach ina gcóir. Ach, do réir mar fógraíodh le gairid, tá athrú déanta ar rátaí tuarastal an dá aicme sin. I gcás na scol ina mbeidh ó 10 go 19 ndaltaí agus, fós, i gcás na scol ina mbeidh níos lú ná 10 ndaltaí, isteach íocfar le múinteoirí tréineáilte do réir lán-scála na mban-oide tréineáilte (.i. ó £210 go dtí £350 ar son seirbhíse éifeachtaí, agus suas go dtí £386 ar son seirbhíse an-éifeachtaí), agus beidh deireadh leis an síntiús áitiúil i gcóir oidí na scol ina mbeidh líon na ndalta níos lú ná 10. Fo-mháistreása a dtugtar aithint eisceachtúil dóibh i scoileanna measctha ná bíonn a meán-fhreastal sáthach mór i gcóir fo-mháistreása, gheobhaidh siad íocaíocht do réir mhinimum an scála i gcóir fo-mháistreása gan tréineáil—£160, agus tá deireadh le riachtanas an £10 de shíntiús áitiúil a cuirtí leis an £150 de thuarastal a bhí iníoctha ag an Roinn faoi'n scéim bhunaidh. Maidir le Príomh-oidí na scoil ina mbíonn ó 10 go 19 ndaltaí, tá liúntaisí príomh-oidí iníoctha anois leo, bíodh siad tréineáilte nó gan tréineáil.

Táthar tar éis scor den difríocht a bhíodh idir rátaí na mbónas d'íoctaí, ar son cáilíochta speisialta, le fearoidí agus na rátaí d'íoctaí le banoidí. Mar sin de, tá an ráta i gcóir na mban-oidí ar chomh-chéim leis an ráta i gcóir na bhfear-oidí anois.

B'éigean don Rialtas a chinneadh ná tabharfaí aon chreidiúint le haghaidh breiseanna tuarastail ná le haghaidh pinsin ar son tréimhse na stailce do na hoidí a choinnigh a seirbhís ó na scoileanna sa tréimhse sin. Ach táthar tar éis a chur in áirithe ná cuirfidh an stailc isteach go docharach ar mhéid na scol-fhoireann, ná ar na haiscí a bheadh iníoctha faoi Scéim Phinsin na Múinteoirí. Séard a cinneadh, maidir le limistéar Bhaile Átha Cliath, go ligfí as feidhm go sealadach cuid de na gnáth-rialacha bhaineas le ceapadh agus coimeád múinteoirí, agus le comhnascadh scol. Mar sin de, leanfar d'aithint oidí i scoileanna tuata Bhaile Átha Cliath, d'ainneoin gur tharla, in aon ráithe de bhliain a 1946 ná raibh an meán-fhreastal ann a bheadh riachtanach i gcóir a gcoimeádta. Agus, ina theannta sin, tá sé socraithe le Clochar-scoileanna agus Mainistirscoileanna Bhaile Átha Cliath go gcoimeádfar a gcúntóirí tuata, fiú amháin sna cásanna ina raibh meán-fhreastal 1946, chomh beag agus go bhfágfadh sé uimhir sa bhreis de chúntóirí tuata do bheith ann i mbliana. Rud eile, ní cuirfear meán-fhreastal 1946 san áireamh maidir le chomh-nascadh scol i mBaile Átha Cliath a bheith éigeantach do réir Riail 34. Séard is toradh do na socraithe seo nach féidir aon mhúinteoir i mBaile Átha Cliath a chur ar an bPainéal agus ná déanfar aon chomh-nascadh ar scoileanna i mBaile Átha Cliath roimh an lú Eanair, 1948, ar an gceann is luaithe. Maidir le tairiscintí chun múinteoiri nua a cheapadh, breathnaítear gach cás do réir a nádúire féin; agus, gidh go bhféachtar don laghdú agus don mhéadú is dócha do theacht ar an riachtanas, ní hannamh a ceadaítear ceapacháin d'ainneoin na coinníollacha i dtaobh meán-fhreastail a bheith gan comhlíonadh. Sa mhéid bhaineas le cur-ar-aghaidh daltaí do bhí as láthair na scoile ó Mhárta go Samhain, 1946, cuireadh i bhfios do Bhainisteoirí agus do Mhuinteoirí go gceadófaí réiteach ar bith réasúnta dá ndéan fadh an Príomh-oide mar mhaite leis na daltaí féin.

Amach anseo, cuirfear i láthair an Oireachtais feabhsú atáthar ag ullmhú do Scéim na bPinsean, ionas go n-íocfar pósadh-aiscí agus bás-aiscí a bheadh iníoctha roimhe seo, mura mbeadh an stailc. Ina theannta sin, táthar ag brath athrú a dhéanamh ar na rialacha bhaineas le háireamh pin-sean. Faoi láthair, séard áirítear pinsin do réir meán-tuarastail bhliantúil na dtrí mblian ar deireadh dóibh an 31ú Márta deireannach roimh scor den tseirbhís. Ach, de thoradh an fheabhsuithe déanfaí an t-áireamh do réir na dtrí mblian ar deireadh dóibh an lá deireannach den ráithe roimh scor. D'fhágfadh sin go mbeadh buntáiste éigin sa bhreis de phinsean le fáil, mar gheall ar na scálaí mua, ag múinteoirí a bhfuil an aois scoir i bhfogus dóibh anois. Agus, mar gheall ar an gcuspóir céanna, tá mé tar éis toiliú go ligfear cead seirbhíse, go dtí an 31/12/47, le múinteoirí éifeachtacha do shroisfeadh an ghnáth-aois scoir idir an 31/12/46 agus an 30/9/47, agus an dá dháta sin d'áireamh. Mar sin de, ní bheidh sé d'fhiachaibh ar mhúinteoirí éifeachtacha scor den tseirbhís nó go mbí siad tar éis tuarastal do réir na scálaí nua d'fháil ar feadh 14 mí, ar a laghad.

Obair an fhómhair, i mbliain a 1946, bhí sí chomh do-dhéanta agus gurbh éigean do mhórán daltaí fanúint ó na scoileanna ina cóir. I dtaobh figiúirí meán-fhreastal a leithéidí sin de scoileanna i ráithe Mheán Fómhair agus i ráithe na Nollag de bhliain a 1946, cinneadh go ligfí, ar choinníollacha áirithe, do na Bainisteoirí figiúirí na ráithí céanna de bhliain a 1945 a chur ina n-ionad. De thoradh an tsocruithe sin, ní bainfear aithint de mhúinteoirí agus ní déanfar comhnascadh ar scoileanna in aon chás ina bhfanfadh an meán-fhreastal mar bhí sé roimh ré, dá mbeadh gnáth-aimsir fhómhair ann. Rud eile, sna cásanna inar laghdaigh an droch-fhómhar an meán-fhreastal, ceadóidh an socrú céanna sin múinteoir nua a cheapadh in ionad aon mhúinteora dá n-imeoidh, fé mar déanfaí de ghnáth faoi na Rialacha.

Maidir leis an ní a dtugtar an "modh rátála" air, thoiligh mé go ndéanfainn agallamh ina thaobh leis na múinteoirí, agus aithníonn siad sin go mba chóir ionadaithe ó aicmí eile a mbaineann an scéal leo do bheith i láthair ag a leithéid d'agallamh.

Cé hiad na haicmí eile?

Lucht na heaglaise, na bainisteoirí agus bfhéidir aicmí eile.

Ach cé hiad na haicmí eile sin?

Na bainisteóirí ar aon chuma, agus na hEasbaig, bfhéidir. Mar is cuimhin le cách, dhearbhaigh na múinteoirí, roimh an staile agus lena linn, go raibh an "modh rátála" ar na príomh-abhair casaoide do bhí acu. Is maith an scéal é, mar sin, go dtabharfaidh an t-agallamh seo deis dóibh a gcás a phlé go hiomlán oscailte i láthair comhthionóil ina mbeidh ionadaithe ag aicmí eile a mbaineann an scéal leo, mar aon le hionadaithe na Roinne Oideachais.

Bhí scol-fhreastal na ndaltaí go réasúnta sásúil, an bhliain seo thart. Mar gheall ar an sos fada i mBaile Átha Cliath, ní féidir teacht ar áireamh intaofa don limistéar sin, agus cuireann an uireasa isteach ar áireamh don tír i gcoitinne. Ach tá cunntas cruinn le fáil ó thriocha limistéar, idir buirgí agus contaethe. I gcúig cinn fhichead díobh sin, bhí breis agus 80% de mheán-fhreastal ag an meán-uimhir do bhí ar na rollaí. An freastal ba mhó den iomlán, bhi sé i gCo. Mhuineacháin, mar a ndearnadh 88.8%. Ar na háiteanna eile ina raibh meán-fhreastal mór, tá Cathair Chorcaighe—86.7%, Co. Chorcaighe—84.6%, Cathair Luimníghe—84.6% agus Co. Chiarraighe— 84.3%. Agus ní dearnadh ní ba lú ná 78% in aon limistéar den triocha limistear a bhfuil a n-áireamh ar fáil.

An ganntanas d'abhair foirgníochta a bhí ann le linn na hÉigeandála, chuir sé cúl mór ar dhéanamh tithe nua scoile agus ar fheabhsú agus fairsingiú tithe scoile a bhí ann cheana féin. Mar sin de, ní foláir an-chuid d'obair riaráiste a dhéanamh chun go mbí caighdeán sásúil sroiste ag an scolchóiríocht.

Chun dlús a chur leis an gcóirfheabhsú, ceadaíodh, do bhliain airgeadais 1946/47, roinnt deontaisí a bhí tuairim's 100 per cent. ní ba mhó ná mar hiarradh i mblianta eile. Roimhe sin, deontaí tuairim's £250,000 de shuim bhliantúil; ach, i mbliain a 1946/47, húdaraíodh go gcuirfí £500,000 ar fáil i gcóir deontaisí. £350,000 den méid sin, séard do cuireadh é i leath-taoibh d'fhoirgníocht tithe scol sna mór-bhailte agus sna ceantair tuaithe; maidir leis an £150,000 eile, séard do coimeádadh é i gcóir tithe nua scol a bhí ag teastáil de thoradh réiteach na gceantar ainriochtach i mBaile Átha Cliath agus i gcathracha eile. Den £350,000 do na mór-bhailte agus na ceantair tuaithe, tugadh údarás don Roinn i gcóir deontaisí a mbeadh a suim £63,500 ní ba mhó ná suim ra ngnáth-dheontaisí théann do réir dhá dtrian den chostas.

Na deontaisí a cheadaigh an Roinn sa bhliain ar dheireadh dí an 31ú Márta, 1947, séard a rinneadh iad chun 58 de scol-tithe nua a dhéanamh, chun 6 scol-tithe d'fhairsingiú agus chun 231 d'fheabhsú; ina dteannta sin, rinneadh deontaisí foirlíontacha mar gheall ar oibreacha a raibh cuid díobh críochnaithe agus cuid le críochnú. Na hoibreacha go léir a ndearnadh na deontaisí sin ina gcóir, measadh go gcosnódh siad £451,434. Tá an tsuim sin £79,400 níos mó ná suim na ndeontaisí féin (£372,034), agus is ionann an £79,000 agus suim na síntiús a bhí le soláthar go háitiúil.

Mar gheall ar réiteach na gceantar ainriochtach i mBaile Átha Cliath, táthar ag brath 6 scol-tithe nua a dhéanamh; ach níl ceadaithe go fóill ach deontas d'aon cheann amháin díobh sin. Bhítheas ag súil go mbeadh an deontas in-cheadaithe do chuid eile díobh, taobh istigh den bhliain; ach ní raibh, toisc na réamh-scéimeanna do bheith gan críochnú nuair a tháinig an 31ú Márta. Baineann an-chuid saothair le pleanáil na mór-scol nua seo agus teastaíonn, ó chuid de na pleananna sin, spás ama i bhfad níos mó ná mar meastar dóibh i dtosach.

Le tamall de bhlianta, tá sé de chuspóir speisialta ag foirgneamhphleananna na Roinne go ndéanfaí scol-tithe nua in ionad na dtithe atá i bhfíor-ainriocht, agus go gcuirfí bail ar thithe ná teastódh deis ró-mhór uathu lena ndéanamh inúsáide go dtí go bhfaghfaí tithe nua do chur ina n-ionad, amach anseo. Táthar ag déanamh oiread agus is féidir ionas go luathófar an t-am ina mbeidh scol-tithe na tíre go léir chomh maith agus ba cheart dóibh bheith.

I mbliain a 1946, chuaidh 27,888 iarrthóirí faoi'n scrúdú i gcóir teastas na mBun-scol, agus d'éirigh le 20,851 díobh sin—uimhir is ionann agus níos mó ná 74% den iomlán. I gCathair Bhaile Átha Cliath, dar ndóigh, bhí an staile ina cúis le laghdú do theacht ar líon na n-iarrthóirí. I mbliain a 1944, bhí 5,928 iarrthóirí ann; bhí 5,743 ann i 1945, agus ní raibh ach 4,357 ann i 1946. Sa chéad bhliain díobh sin, d'éirigh le 67% de na hiarrthóirí; sa dara bliain, d'éirigh le 70.4%, agus, sa tríú bliain, d'éirigh le 66.5%.

Níl aon uimhir mhór Múinteoirí Náisiúnta gan fostú anois. Níl uimhir ar bith sa bhreis ann de bhan-oidí tréineáilte, agus is fíor-bheag an méid fear-oidí tréineáilte ná fuil ina n-ionadaithe aitheanta. An beagán sin féin, níor chóir a mheas ná fuil obair sheasamhach acu óir bíonn buanéileamh ar oidí cáilithe do dhéanfadh ionaid oidí breoite, nó ionaid oidí ar mian leo dul i mbun cúrsaí Ollscoile, etc.

Maidir le líon daltaí na gColáistí Oiliúna, táthar á choimeád sa gcaoi ná tréineáilfear níos mó ná mar bheas riachtanach, agus meastar, dá thoradh sin, ná fágfar gan fostú aon uimhir mhór d'oidí tréineáilte san am atá romhainn.

An bhliain seo thart, bhí mé i ndon scaoileadh eile do dhéanamh ar an riail a chuireadh d'fhiachaibh ar bhan-oidí scor den tseirbhís nuair a bheidís 60 blian d'aois. Ban-oidí chomhlionas na rialacha eile agus a tháinig in aois a 60 blian tar éis an 31ú Nollaig, 1944, nó ban-oidí chomhlíonas na rialacha eile agus ná raibh 35 bliana de sheirbhís inphinsin críochnaithe acu ar an 31ú Nollaig, 1944, féadfar, anois, a gcoinneáil sa tseirbhís go dtí an lá deireannach den ráithe ina sroiseann siad 63 bliana d'aois, nó go dtí an lá deireannach den ráithe ina gcríochnaíonn siad 38 bliana de sheirbhís inphinsin—cibé dáta den dá dháta sin is moille.

Ag tabhairt isteach na Meastachán dom anuraidh, dúirt mé go raibh mé tar éis Roinn-Choiste a bhunú, ionas go scrúdófaí na fadhbanna bhainfeadh le hoideachas éigeantach iar-bhunscoile. Má tá, níorbh é amháin nár bhféidir baill an Choiste do ligean saor ar fad óna ngnáth-dhualgais, ach ba rídheacair iad a ligint faoi réir ar feadh corr-thamaill bhig féin. Chuir sin cúl mór ar an obair, agus chuir líonmhaireacht agus do-scarúntacht na bhfadhb a thuilleadh cúil uirthi. Mar sin féin, tá lucht an Choiste tar éis an scrúdú a chríochnú, agus tá tuaras cáil á chur le chéile acu faoi láthair. As an tuarascáil sin, agus as thuarascáil an Choimisiúin um Fhostú an Aosa Óig, ba chóir go bhfaghfaí eolas agus treoir luachmhar i dtaobh an treo ina bhféadfaí dul i mbun na gcúrsaí do réiteach go héifeachtúil. Ba mhaith liom anois a rá go deimhin leis an Dáil gurb amhlaidh atá an scéal go bhfuil léir-scrúdú á dhéanamh ar gach gné dí féin agus ar gach gné de na ceisteanna bhaineas léi.

Ó tharla ag trácht ar an gceist seo mé, ba mhaith liom a rá ná fuil oideachas iar-bhunscoile chomh héagoiteanta sa tír seo agus measfaí é bheith, dá gcreidtí ráitis áirithe cloistear mar gheall air. Sa Dáil seo, agus taobh amuigh den Dáil, dearbhaíodh go minic ná faghann suas le 90% den aos óg aon oideachas ach an méid a gheibheann siad sna Bunscoileanna sul a mbíonn siad 14 bliana d'aois. Barúil an-earráideach í sin, dar ndóigh. Is féidir gurb amhlaidh baintear í as comórtas idir líon daltaí na mBun-scol agus líon daltaí na Meán-scol agus na nGairm-scol. Ach ní féidir tuairim fhírinneach a bhaint as a leithéid sin de chomórtas. Maireann cúrsa na mBun-scol ar feadh ocht nó naoi mblian; ach ní mhaireann cúrsa na Meán-scol ach ar feadh ceathair nó cúig bhliana, agus ní mhaireann cúrsa na gCeárd-scol ach ar feadh dhá bhliain nó trí. Mar sin de, dá dtéadh iomlán daltaí na mBun-scol ar aghaidh chun Meán-scol nó Gairm-scol, ba dícheall do lán-líon daltaí na scol sin bheith leath chomn líonmhar le daltaí na mBun-schol féin.

Le linn bheith ag breithniú an scéilseo, caithfear gan a dhearmad go leanann roinnt mhaith daltaí de fhreastal na mBun-scol tar éis dóibh bheith 14 bliana d'aois. Do réir an áirimh is deireannaí dá bhfuarthas, bhí suas le 20,000 díobh sin ann agus iad idir 14 agus 16 bliana d'aois. San am chéanna sin, bhí breis agus 16,000 den aois úd ar Meán-scoileanna, agus bhí breis agus 7,000 ar Gairm-scoileanna (cúrsaí lán-aimsire lae)—rud is ionann agus tuairim's 43,000 idir 14 agus 16 bliana d'aois a bheith ag fáil saghas éigin oideachais iar-bhunscoile. Sa tír go léir, tá tuairim's 107,000 daoine atá idir 14 agus 16 bliana d'aois, agus is léir uaidh sin agus ó na figiúirí atá luaite agam nach 10% ach breis agus 40% díobh atá ag fáil oideachais is aoirde ná gnáth-oideachas na mBun-scol.

Progress reported. Committee to sit again.
The Dáil adjourned at 10.30 p.m. until Tuesday, 20th May, 1947, at 3 p.m.
Top
Share