Tá, sílim. Tá an méid a bhaineas le meán-oideachas ann. Maidir leis na 1,900 oide a bhfuil páigh-bhreis dlite dóibh, íocann an scoil páirt dá dtuarastail agus íocann an Stát an pháirt eile. Íocann an scoil an bun-thuarastal—£200 ar a laghad le fear-oide agus £180 ar a laghad le banoide. Sé an Stát íocas an tuarastal páigh-bhreise. Do réir an tsean-scála do thuarastail fear-oidí, bhíodh 16 páigh-bhreiseanna ann, agus shroiseadh siad sin £210 de maximum; ach, anois, tá scálaí faoi leith ann d'fhir phósta agus scálaí faoi leith d'fhir gan phósadh. £410 an maximum d'fhear pósta agus £290 an maximum d'fhear singil. £120 an sean-maximum do mhnaoi, agus tá sé sin ardaithe go £260.
I dteannta na scálaí sin, íoctar £40 de pháigh-bhreis speisialta le hoidí a bhfuil céim ónórach Ollscoile acu. Tosnaíonn an pháigh-bhreis sin ag bun an scála anois; ach, roimhe seo ní híoctaí ach a leath nó go sroiseadh an t-oide an maximum. Táthar tar éis athruithe a dhéanamh ar bhása na páigh-bhreise speisialta ar son teagaise trí Ghaeilge agus, de thoradh na n-athrú sin, tá maximum na páigh-bhreise ardaithe ó £30 go £36. Roimhe seo, ní bhíodh páigh-bhreis iníoctha le hoidí nó go mbíodh siad cáilithe i gcóir deimhin-chláruithe tar éis trí bliana de sheirbhís teagaise a chríochnú. Anois ligtear dóibh dul ar scála na bpáigh-bhreis ar bheith cáilithe i gcóir cláruithe sealadaigh tar éis aon bhliain amháin seirbhíse.
In éineacht leis na scálaí nua sin, cinneadh go dtabharfaí liúntais chíosa d'fhear-oidí pósta agus do bhaintreacha a bhfuil clann ag brath orthu. Ach ní bhaineann na liúntais sin ach le hoidí ná fuil áit chónaithe curtha ar fáil dóibh ag na scoileanna. £10 an liúntas i gceantair tuaithe agus i sráidbhaile beaga; ach is aoirde ná sin é sna mór-bhailte, agus tá sé chómh hard le £40 i gCathair Bhaile Átha Cliath.
De thoradh na scálaí nua tuarastal d'Oidí Meán-scol, méadófar síntiúis na nOidí do Chiste na bPinsean, agus ba cheart go mbeadh suim na bhfáltas i gcothraime, beagnach, leis an gcaiteachas ar feadh roinnt bheag bhlian. Mar sin de, tá an Stát-deontas bliantúil á laghdú go dtí suim ná fuil inti ach comhartha.
Má tá líon dalta na mBun-scol dulta i laghad, tá síor-mhéadú, ós a chóir sin, ag teacht ar líon dalta na Meán-scol. I 1932, ní raibh ach 30,966 dalta ag freastal Meán-scol; ach, i mbliain a 1945, bhí 41,800 á bhfreastal—níos mó ná 800 de bhreis gach aith-bhliain. Maidir le 1946-47, tá 42,927 dalta ann—1,100 níos mó ná mar bhí anuraidh. Rud eile, ní raibh ach 306 Meán-scoileanna ann i mbliain a 1932, agus tá 393 ann anois.
Rinne mé trácht anuraidh ar an uireasa slí do bhí ar a lán Meán-scol. Ba bheag nárbh éigean stad ar fad d'obair foirgníochta in aimsir an chogaidh, agus níor bh'féidir na scoileanna d'fhairsingniú i gcóir an bhreislíon dalta do bhí ag teacht chucu. Mar sin de, tá an mhór-chuid díobh lán, agus tá roinnt díobh i bhfad ró-lán—sna cathracha agus sna mór-bhailte go háirithe. Ach, d'ainneoin ganntanas abhair foirgníochta, rinneadh réasúntacht fairsingithe ar roinnt scol thall agus i bhfus. In áiteanna áirithe, fuarthas foirgnimh bhreise dóibh agus in áiteanna eile, rinneadh na seanfhoirgnimh féin d'fhairsingiú.
Táthar ag leanúint go maith don obair shásúil a bhítheas a dhéanamh maidir le teagasc trí Ghaeilge. I nGaeilge is ea ghníthear an teagasc go léir i 102 scol, agus sí an Ghaeilge úsáidtear i gcóir páirt den teagasc i 116 scoileanna eile. An dá shaghas scol sin le chéile, is ar a gcuid rolla atá 59 per cent. d'iomlán na ndalta Méan-scol. Is eagal liom, áfach, ná fuil a chomhmhaith sin de dhul-ar-aghaidh á dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chomhrá taobh amuigh de na scoileanna; agus is léir go bhféadfaí a thuille a dhéanamh, le linn an Chúrsa Meán-Oideachais, chun a chur in áirithe go mbeadh na daltaí i ndon an Ghaeilge a labhairt go cruinn, líofa, réidh tar éis dóibh an scoil d'fhágaint. Mar shúil go bhfeabhsófaí an scéal táthar tar éis tosnú ar scéim nua faoina gcuirfear deontaisí speisialta ar fáil do scoileanna go sroisfidh na daltaí iontu ard-chaighdeán feabhais i labhairt na Gaeilge. Féadann na scoileanna go léir bheith páirteach sa scéim seo, óir tá a gcion féin de dheontaisí leagtha amach do gach saghas díobh. Táthar tar éis tosnú ar scrúdú na ndalta, agus áireofar na deontaisí do bheith in éifeacht ó Lá Lúnasa, 1946. Maidir le híocaíocht na ndeontas, tá £4,600 de sholáthar speisialta á dhéanamh di i bhfo-mhírcheann nua (A.4) den Mheastachán.
An bhliain seo thart, chuaidh 12,540 dalta faoin scrúdú i gcóir Teastas— 3,717 i gcóir an Ard-Teastais agus 8,823 i gcóir an Mheán-Teastais. Bhíteas sásta le caighdeán na bhfreagraí agus d'éirigh le breis agus 81 per cent. de na hiarrthóirí pas d'fháil. Ní eile, bhí a n-aghaidh ag tuairim's 550 iarrthóirí bhreise ar dheimhinchuspóirí .i. iontráil i gColáistí Oiliúna, nó Scoláireachta Ollscoile a ghnóthachtáil.
I scoil-bhliain a 1946-47, bhí scoláireachta i Meán-scoileanna aitheanta ag 1,693 dalta—uimhir is ionann agus 3.9 per cent. den iomlán i Meán-scoileanna, agus is beagnach ionann agus scoláireacht a bheith ag dalta as gach 25. Ina dteannta sin, féadtar trácht anseo ar 241 de lucht scoláireacht atá in áiteanna eile—cuid i Scoileanna Gairm-oideachais, cuid i gColáistí Oiliúna agus cuid i MeánBharraí sna Bun-scoileanna. Arna gcur sin leis an méid lucht scoláireacht atá sna Meán-scoileanna (agus gan baint do lucht na n-Ollscol ar chor ar bith) chífear go bhfuil 1,934 daltaí iar-bhunscoile ann ag a bhfuil scoláireachta in institiúidí aitheanta oideachais.
Ceárd-Oideachas.—Maidir leis na Cúrsaí Gairm-oideachais agus Ceárd-oideachais atá faoi stiúradh na gCoistí, is áthas liom a bheith le rá agam go raibh ní ba mhó daltaí ar na rollaí i 1945-46 ná mar bhí ariamh roimhe. I 1944-45 bhí 75,282 díobh ann (uimhir mhór) ach bhí 76,838 ann i 1945-46. Gidh ná fuil deireadh fós féin, leis na deacrachtaí taistil, agus mar sin, do tharla ann le linn na hÉigeandála, thainig méadú (ó 13,958 go 14,274) ar líon daltaí na gcúrsaí lán-aimsire lae, agus tháinig méadú (ó 4,701 go 4,889) ar líon daltaí na rang páirt-aimsire lae. Agus is mó ná sin féin an méadú do tháinig ar líon daltaí na gcúrsaí oíche —ó 35,025 go 36,917.
Scéal an-shuimiúil is ea an t-éileamh sa mbreis a bhí ar iontráil sna ranga sóisearacha Ceárd-oideachais de na cúrsaí lán-aimsire lae—go háirithe sna Contae-bhuirgí agus sna mór-bhailte. Ina lán de na háiteanna sin, b'éigean roinnt mhaith daoine do chur ar "liostaí feithimh". Ní hé amháin go bhfuil fiúdas tréineála gcúrsaí sin á thuiscint níos fearr do réir a chéile, ach is léir go bhfuil an tuairim ag éirí coiteann i mease fostaitheoirí gur riachtanach a leithéid de thréineáil a bheith fachta ag daoine óga roimh a bhfostú. I mBaile Átha Cliath, faoi Cháisc, bhí formhór mór na ndaltaí glactha isteach mar phrintísígh ag Córas Iompair Éireann agus ag comhluchta céimiúla eile.
I gcoitinne, tháinig breis daltaí chun na nGairm-scol tuaithe; ach níor mhéadaigh a líon mar mhéadaigh líon na ndaltaí i nGairm-scoileanna na mór-bhailte, óir bhí éileamh mór fós ar ógraí le haghaidh obair na talún. Laghdaigh an freastal go mór ins an Earrach nuair do bhí géar-ghá le hobair ar na feirmeacha agus ar na portaigh.
Sna contae-bhuirgí agus sna mór-bhailte, tá an t-éileamh ar Chúrsaí Tís chomh mór agus bhí sé ariamh. I gCathair Luimnighe (an áit is fearr ina n-éiríonn leis na cúrsaí seo) bhí 240 cailín ag freastal go buan. Rud do na chéillí dóibh, chinn a lán monarcha éadaí agus gnó-chómhluchta go dtabharfadh siad tosach fostuithe do chailíní a raibh freastal déanta acu ar an gcúrsa, agus níor bheag an cúnamh é sin chun líon na ndaltaí do mhéadú. Tá saghas drogaill roimh a leithéidí seo de chúrsaí i gceantair tuaithe go fóill, ach, mar sin féin, táthar ag tuiscint a dtábhacht i gcuid de na ceantair sin. I gContae na Gaillimhe, d'iontráil 276 cailín i Lá-chúrsaí Tís i Siosón 1945-46.
Táthar tar éis obair na scol-gharrdha d'eagrú go maith sna ceantair tuaithe. Tá soláthar maith glasraí agus tortha á bhfáil ó na garraithe sin ar feadh an tséasúir, agus fágann sé sin lón maith chun úsáide sna Ranga Tís. Sa mhór-chuid de na háiteanna seo, baintear triaileacha as modhanna éagsúla curadóireachta, agus cuireann feirmeoirí na gcomharsanacht suim sna triaileacha sin.
I mórán contae, táthar tar éis grúpaí díospóireachta do chur ar bun leis na feirmeoirí a mhealladh chun suim a chur in obair na nGairm-scol, agus tá ag éirí go maith leo sin—go mór-mhór i gCo. an Chláir, igCo. Chorcaighe, i gCo. Chill Dara, i gCo. Liathdroma, i gCo. Luimnighe, i gCo. Lughbhaidh agus i gCo. Shligigh. Cloiseann na grúpaí seo léachtaí luachmhara agus ina theannta sin, cuireann siad féin ar bun comórtais treafa, taispeántais talmhaíochta, agus mar sin.
Do réir mar d'iarr an tAire Talmhaíochta, leanadh do thástáil síolta sna Gairm-scoileanna tuaithe. Tástáileadh 7,963 somplaí sa tSiosón roimh ré, ach, ó tharla gur ceannaíodh breis síolta ó dhíoltóirí iontaofa i 1945/46, níor tástáileadh ach 5,026 samplaí sa tsiosón sin. Mar sin féin, ba léir go raibh gá leis an tástáil, óir níor shrois cuid de na samplaí an caighdeán is ísle ar bith de ghiniúin. Dá thoradh sin, sábháileadh na feirmeoirí ar chur síolta nár bh'féidir dóibh bheith réasúnta torthúil féin.
Tá foráis tábhachtacha tar éis teacht ar Cheárd-oideachas sna Contaebhuirgí. In Ard-scoil na Tráchtála, Rath Maonas, Baile Átha Cliath, tosnaíodh ar chúrsaí speisialta teagaisc i dtaobh deisiúchán siopaí bialóin agus siopaí éadaí agus a gcuid fuinneog, agus tháinig chun na gcúrsaí sin suas le 200 daltaí do bhí fostaithe sna saghsanna úd siopaí roimh ré. Sa scoil chéanna tugadh seacht léachtaí i dtaobh stiúradh foirne agus, ag gach léacht díobh sin, bhí tuairim's 150 daoine fásta, idir stiúrthóirí, bainisteoirí, cinn foirne agus cúntóirí. I gCorcaigh, de thoradh comhair idir na húdaráis ollscoile agus an Coiste Gairm-oideachais, tosnaíodh, sa Scoil Tráchtála, ar chúrsa teagaisc i gcóir Ard-teastas Ollscoile i dTráchtáil. I bPort Láirge, bunaíodh rang speisialta in ard-chúntasaíocht do dhaltaí atá ag ullmhú chun cáilíochta sa gcúntasaíocht a ghnóthachtáil.
Bunaíodh trí chúrsa chun comhoibriú le Cumann Cuardaigh na hÉireann chun foirne tréineáilte tithe ósta a chur ar fáil. I gColáiste Tís Mhuire, Baile Átha Cliath bhí cúrsa do chócairí tithe ósta agus, dá thoradh sin, ghnóthaigh 17 ndaltaí na teastais atá riachtanach. Roimh dheireadh an tsiosóin féin, bhí 14 díobh fostaithe. Coiste Gairm-oideachais Chontae Loch gCarman do chuir an dara cúrsa ar bun—cúrsa tréineála do chailíní cistineach agus do bhan-fhreastalaithe, agus mar sin. Fuarthas úsáid Courtown House ón gCumann Cuardaigh mar áras don chúrsa, agus tháinig 39 gcailíní chuige. Den mhéid do chríochnaigh an cúrsa, ní raibh aon chailín ná fuair tairiscint d'fhostú i dteachósta faoi'n mBórd Cuardaigh. Coiste Gairm-oideachais Chontae Shligigh do bhunaigh an tríú cúrsa—ceann den tsaghas chéanna do bhí i gCourtown House. Fuarthas fostú do gach cailín den 12 do rinne é sin d'fhreastal.
I rith an tseisiúin, bhí forás maith ag teacht ar Scéimeanna Printíseachta. I mBaile Átha Cliath, bunaíodh cúrsaí do phrintísigh i gclódóireacht, i mbáicéireacht, i ngruaig-dheisiúchán, i ndéantóireacht bróg, i ndéantóireacht troscáin, i ndéantóireacht uaireadóir, i dtáilliúireacht, i bhfoirgníocht agus i gcócaireacht tithe Ósta. I nGaillimh, leanadh don chúrsa tréineála i gcóir daltaí sa loingeas tráchtála, agus leanadh, mar an gcéanna, don chúrsa innealtóireachta i gCorcaigh.
Ag an tríú scrúdú chun printísigh a chlárú faoi Chumann Éireannach na dTrádádaí Gluaisteán, Teoranta, do cáilíodh 270. Tá socruithe déanta ina lán áiteanna chun teagasc páirt-aimsire lae, sna Gairm-scoileanna áitiúla, a chur ar fáil do na printísigh seo, agus tá na fostaitheoirí ag tabhairt saoirse ón obair do na printísigh chun go bhfreastalóidh siad na ranga—dhá uair an chluig in áiteanna, agus oiread le sé huaire in áiteanna eile. Chun cabhrú leis na scoileanna, chuir an Roinn amach meamran speisialta ina raibh cnámh-chlár den chúrsa d'oirfeadh do na printísigh agus, ina theannta sin, mion-ealos i dtaobh an mhinimum de threallamh ba riachtanach.
I limisteár Bhaile Átha Cliath, faoi láthair, tá printísigh Chórais Iompair Éireann ag fáil teagaisc pháirt-aimsire i gCeárd-Scoileanna Shráid Bholton, aon lá amháin gach seachtain. Tá cúrsaí faoi leith á gcur ar fáil i gcóir (a) printísigh innealtóireachta meiceannaí, (b) printísigh i gceardaíocht gluaisteán, (c) printísigh i ndéantóireacht cóistí agus (d) printísigh i bpéinteoireacht agus i luaidheadóireacht. Tá cúrsaí de na saghsanna céanna sin ar bun i gCorcaigh agus i Luimhnigh, freisin.
Ar achaint Chomhlucht Siúicre Éireann, tugadh dian-chúrsaí gearra do phrintísigh siúicre-bhiatais sna Gairm-scoileanna i gCeatharlach agus i nDúrlas, le linn samhradh 1946.
An Siosón seo thart, rinneadh aithbheochaint mhaith ar Scéim na Scoláireacht Ceirde tar éis í bheith ligthe ar lár in aimsir na hÉigeandála. Tairgeadh scoláireachta i gcúrsa speisialta tréineála i gcóir fir óga a raibh trí bliana, ar a laghad, críochnaithe acu i mbun Gabhnachta. Cuireadh isteach 83 iarratas ar na scoláireachta, gidh ná raibh ar fáil ach 16 díobh. Bhí an comórtas an-ghéar; bhí scrúdú oibre ann ag deireadh an chúrsa agus chruthaigh an scrúdú sin go raibh saothar luachmhar déanta.
Rinneadh dea-obair arís sa chúrsa oblagáideach i gCoreaigh mar a raibh 952 dalta ag freastal na gcúrsaí speisialta, agus i Luimnigh, mar a raibh 588 á bhfreastal. Tá cúrsaí oblagáideacha i bhfeidhm i bPort Láirge, freisin, ó bhí Mí Eanáir ann, agus tá 185 daltaí ar na rollaí faoi láthair. Is maith bheith i ndon a innsint go bhfuil na fostaitheoirí agus na ceárd-chumainn ag comh-chabrú leis na cúrsaí seo sa gcaoi chéanna inar chomh-chabhraigh siad i gCorcaigh agus i Luimnigh.
Do réir tuairiscí na gcigirí, tá teagasc na Gaeilge ag dul ar aghaidh go fónta sna scoileanna lán-aimsire lae. Tá teagasc trí Ghaeilge ag leathnú go mall taobh amuigh den Ghaeltacht. I gCorcaigh, i Luimnigh, i Mhuigheo agus i gcontaethe eile, tá a lan scoileanna ina ndéantar roinnt mhór den obair trí Ghaeilge. In áiteanna eile, ghníthear ranga faoi leith do dhaltaí a bhfuil eolas maith ar an nGaeilge acu, agus sí an Ghaeilge úsáidtear chun abhar amháin, ar a ladghad, do theagasc dóibh sin. Fuarthas tuairiscí ó mhórán ceantar gur mhéadaigh líon daltaí na rang oíche go mhaith. Ar a dtosach sin tá ceantar Chorcaighe, mar a raibh 2,700 ar na rollaí. Ach bhí níos mó ná 1,000 ar na rollaí i nGaillimh, agus bhí tuairim's an uimhir chéanna orthu i gCill Chainnigh agus i Luimnigh, freisin. An freastal is buaine dá ndéantar ar na ranga, séard a ghníthear é sna scoileanna ina mbíonn comh-cheangal idir obair na rang agus comh-chaidrímh Ghaeilge. Tá obair fhónta á dheanamh sa gcaoi sin, sna scoileanna ina bhfuil Cumainn Ghaelacha. I gCo. Chorcaighe agus i gCo. Dhún na nGall, tháinig uimhir mhaith daltaí chun cúrsaí samhraidh den tsaghas a bhí i nGaillimh le roinnt bhlian—cúrsaí i nGaelige maraon le hobair phraiticiúil.
I siosón 1945-46, bhí éileamh thar barr ag fostaitheoirí ar dhaltaí na gcúrsa lán-aimsire lae. Ina lán áiteanna bhí oiread de na daltaí fostaithe faoi Cháisc agus gurb éigean scor, an uair sin, de ranga na dara bliana agus de ranga na tríú bliana sna cúrsaí sóisearacha. Fostaíodh tuairim's 600 de na daltaí bhí ar scoileanna Bhaile Átha Cliath: fostaíodh 260 i gCorcaigh; fostaíodh breis agus 160 i Luimnigh; fostaíodh breis agus 80 i bPort Láirge; fostaiodh breis agus 50 i nGaillimh; fostaíodh 60 i mBrí Cualann agus 45 i dTráigh Lí.
Mar an gcéanna sin, bhí éileamh mór ag fostaitheoirí ar dhaltaí na gContae-scéim, go háirithe i gContae an Chláir, i gContae Chiarraighe, i gContae Liathdroma, i gContae Mhuineacháin, i gContae na Gaillimhe, i gContae na hlar-Mhidhe agus i gContae Shligigh. Fostaíodh 137 i gContae na hIar-Mhidhe agus, gidh gurb é Contae Liathdroma is ísle ar an liosta sin, fostaíodh 45 de na daltaí ann.
Thríd agus thríd, is léir, dar liom, go bhféadfar bheith sásta leis an obair a rinneadh sna Gairm-scoileanna anuraidh. Bhí méadú réasúnta ar an bhfreastal; cuireadh breis cúrsaí úsáideacha ar fáil, agus bhí sé de thoradh ar na cúrsaí go bhfuarthas fostaíocht fiúntach d'uimhir sa bhreis de na daltaí.
Eolaíocht agus Ealaín.—Tá £6,955 de mhór-ítaim breis-chaiteachais sa Mheastachán seo agus tá sé sin ann mar gheall ar athchóirú liúntaisí tuarastail na Stát-sheirbhíseach i gcoitinne agus mar gheall ar líonadh folúntais sna foirne. Tá £2,490 de mhéadú sa tsoláthar chun scannáin a tháirgeadh i leith Roinne Rialtais; sé sin an costas atá measta do tháirgeadh scannáin i dtaobh prátaí a bhfuiltear lena dhéanamh i leith na Roinne Talmhaíochta.
An deontas-i-gcabhair don Leabharlainn Náisiúnta chun leabhra do cheannach, tá méadú eile á dhéanamh air i mbliana. Measadh é do bheith indéanta, toisc leabhra agus tréimhseacháin do bheith roinnt mhaith níos costasaí ná mar bhíodh siad, agus toisc tuilleadh mór díobh a bheith ar fáil ó stad an cogadh. Ina theannta sin, tá a lán cnuasach láimhscríbhní bhaineas leis an tír seo á gcur ar an margadh le gairid, agus níor mhór don náisiún seilbh d'fháil ar a leithéidí.
Tá £2,000 de sholáthar á dhéanamh i mbliana arís i gcóir chostas na hoibre bhaineas le suirbhéireacht agus le macsamhlú na stair-scríbhne Éireannach atá i dtíortha thar lear. Rinneadh cuardach sa British Museum, sa Bodleian Library agus i Simancas. Tá an tsuirbhéireacht agus an micróscannánú ag dul ar aghaidh i Simancas faoi láthair.
Laghdaíodh an Meastachán i gcóir foilseacháin i nGaeilge, agus níl de chúis leis sin ach an chaoi ina bhfuil cúrsaí clódóireachta. Tá moill agus bac á gcur ar obair an Ghúim, toisc an neafhonn atá ar chlódóirí dul i mbun nuaoibre nó críoch a chur ar obair atá glactha ar láimh acu.
Tá roinnt mhaith oibre déanta maidir le Stair na Mór-ghorta. Tugadh £500 de pháirt-íocaíocht do Choiste na Staireolaíochtai mbliain airgeadais a 1946-47, agus tá an £1,000 d'iarrmhar á hath-bhótáil sna Meastacháin seo.
In aimsir na hÉigeandála, baineadh £600 sa mbliain den deontas-i-gcabhair do bhíodh á fháil ag an gCoimisiún Béal-oidis; ach tá deireadh leis an "ngearradh" sin agus tá an £4,250 de lán-deontas i bhfeidhm ó bhí an lú Aibreán, 1946 ann. Ar achainí d'fháil ón gCoimisiún, soláthríodh £2,000 eile, trí Bhreis-Mheastachán, i mbliain airgeadais a 1946-47, chun a chur i gcumas an Choimisiúin dul in mbun cnuasachta béal-oidis in Albain, chun a thuilleadh cnuasairí páirt-aimsire chur ag obair sa tír seo, agus chun méadú a dhéanamh ar liúntaisí na foirne. Tá cúigear cnuasaire lán-aimsire ag obair sa tír seo agus duine amháin in Albain. Tá tuairim's 35 per cent. d'ardú déanta ar thuarastail na foirme in gach cás. £6,250 an lán-deontas a fuair an Coimisiún do bhliain a 1946-47, agus tá an tsuim chéanna á sholáthar sna Meastacháin seo.
£8,000 de dheontas-i-gcabhair a tugadh do Chomh-dháil Náisiúnta na Gaeilge anuraidh, agus tá an tsuim chéanna á soláthar i mbliana. Séard do bunaíodh an Chomh-dháil chun eagrú agus aonú a dhéanamh ar shaothar na gcumann éagsúil ar cúram dóibh an Ghaeilge d'aith-bheochaint. Tá timirí faoi pháigh ag an gComhdháil, agus tá a limistéar féin leagtha amach do gach timire. Féachann na timirí le spiorad agus dúthracht a mhúscailt i ngach ceantar faoi seach, agus féachann siad le lán-chomhar d'eagrú idir na cumainn atá ag obair ar son na Gaeilge.
D'éirigh go geal leis an gCeol-scoil samhraidh do tionscnadh i mBaile Átha Cliath, i Mí Lúnasa seo thart. Na daoine do chuaidh chuici, b'é a mbarúil i gcoitinne go mba mhaith do b'fhiú leanúint do na cúrsaí mar gheall ar a socharacht do cheol na tíre agus don chaighdeán a mbeadh a lucht éisteachta ag súil leis. Maidir le toghadh na n-Ollún agus le gnáthriarachán na Scoile, beidh treoir le fáil agam ó Choiste Comhairle ar a bhfuil ceoltóirí Éireannacha atá faoi ard-cháil.
Ó bhliain a 1934, bhíodh na Deontaisí Taighdeacháin do Mhic Léinn á riaradh ag an gComhairle Thaighde Thionscail, faoi'n Aire Tionnscail agus Tráchtála; agus, le linn sin do bheith amhlaidh, ba sa Bhóta do Thionnscal agus Tráchtáil go ghníthí soláthar i gcóir na ndeontaisí sin. Má tá, cuireadh deireadh leis an gComhairle i 1946, agus tionscnadh an Institiúid Taighde agus Caidgheán Tionscail, agus níor tugadh aon fheidhmiú don Institiúid maidir le deontaisí ar son taighdeacháin glan - eolaíochta. Meastar, áfach, go mba chóir a leithéidí de dheontaisí a bheith ar fáil, agus tá cúram a riartha á ghlacadh ar láimh ag an Aire Oideachais.
Scoileanna Ceartúcháin agus Scoileanna Saothair.—Sna Scoileanna Ceartúcháin, an bhliain seo thart, bhí 217 daoine óga faoi choimeád—182 buachaillí agus 35 cailíní. Tá dhá thaobhfhoirgneamh á gcur le Scoil an Daingin faoi láthair. Maidir leis na Scoileanna Ceartúcháin do Chailíní, táthar ag smaoineadh ar an dlí-thiúntacht d'fheabhsú ionas go mbeidh aithint le fáil ag saghas nua scoile, agus táthar ag súil, dá bharr sin, go mbeidh Scoil Chill Mochuda i ndon a cuid oibre do leathnú.
Tá fuighleach slí sna Scoileanna Saothair do chailíní—slí do 1,000 nó mar sin níos mó ná an uimhir atá iontu faoi láthair. Maidir leis an méid slí atá sna scoileanna saothair do bhuachaillí, níl an scéal chómh dona agus bhí sé, arbhú anuraidh, cé's moite de cheantar Bhaile Átha Cliath. Ach, le tamall thart, b'éigean a lán buachaillí as an gceantar sin a chur chun scoileanna i bhfad ó bhaile. Tá Bráithre Críostúla na hÉireann tar éis toiliú le scoil do bhuachaillí sinsearacha do bhunú i gcomharsanacht Bhaile Atha Cliath, agus beidh slí do thuairim's 250 buachaill inti sin. Tá talamh agus foirgnimh fachta lena haghaidh, agus tá an t-oiriúnú agus an t-athchóiriú á ndéanamh faoi láthair. Ach beidh a thuilleadh foirgneamh ag teastáil leis an scoil sin a dhéanamh sáthach mór, agus tá an Stát tar éis £40,000 .i. leath an chostais mheasta, do chur ar fáil. Bhótáileadh £9,774 den méid sin i Meastachán Breise do 1946-47, agus tá an £30,226 d'iarmhar á sholáthar sna Meastacháin seo.
I mbliain a 1946, tugadh seal saoirse sa mbaile do 40 per cent. (2,400 nó mar sin) de na adoine óga do bhí faoi choimeád i scoileanna saothair. Is eol don Roinn go bhfuil comh-chúnamh san obair sin á thabhairt uathu ag bainisteoirí na scol, agus is léir go ndeontar an tsaoirse i ngach cás dá n-oireann sí.
Ón lú Deireadh Fómhair, 1946, cuireadh deontaisí ceann-tsraithe, do réir 1/- sa tseachtain, i gcóir foirgníochta agus trealaimh ar fáil do gach scoil a dhéanfadh an t-iarratas atá riachtanach. Séard atá na deontaisí sin á soláthar mar shíntiúis i gcóir costas foirgníochta agus scoil-fheabhsuithe agus chun trealamh d'fháil le haghaidh gairm-thréineála. Gach bliain, bíonn a n-íocaíocht do réir uimhir na bpáistí agus na nóg-choirtheach bhíos faoi choimeád, an 31ú de Mhí na Nollag. Ní hamhlaidh ghníthear iad chun a leithéidí siúd de chostais d'íoc go hiomlán; de ghnáth, tiocfaidh ar bhainisteoirí na scol an tríú cuid, ar a laghad, den chostas d'íoc. I Mí an Mhárta, 1947, is ea rinneadh an chéad deonadh den tsaghas sin, agus ní raibh ach ceithre scoileanna nár iarr bheith páirteach ann.
Sa ghearr-ráiteas seo atá déanta agam, d'fhéach mé le cuntas réasúnta leathan a thabhairt uaim i dtaobh na hoibre do rinneadh, an bhliain seo thart, sna brainsí éagsúla atá faoi riarachán ag an Roinn Oideachais. Níl aon rud sár-iontach sa chuntas, agus tá fhios agam go gcloisfidh mé roinnt achasán, toisc ná dúirt mé go bhfuiltear ag brath dul i mbun mór-athruithe agus mór fheabhsuithe den tsaghas atá ar cois i dtíortha atá sa chomharsanacht againn. Ach ní cóir a dhearmad nach ionann cás dúinne agus do na tíortha a dtráchtfar liom ar a n-éisiompláir. Ní hé amháin nár leig an léirchogadh do na tíortha sin dul ar aghaidh mar ba cheart i gcúrsaí oideachais, ach chuir sé cuid mhaith dá gcóras oideachais as alt a chéile. Sa tréimhse sin, gannaíodh na foirne teagaise; chuir scéimeanna imirce isteach ar chúrsaí oideachais na ndaltaí scoile, agus bhí anró an chogaidh ina chúis le dochar intinne agus dochar coirp a bhfuil na húdaráis ag iarraidh bheith ag fáil leigheasraí dóibh anois. Ach, de dheonú Dé, níor fhuiling an tír seo aon dí-eagrú den tsaghas sin. Ar feadh aimsir an chogaidh, óna thús go dtí n-a dheireadh, bhíomar saor ó aon ní do chuirfeadh bac ar ár scéimeanna oideachais. Níor gannaíodh ár bhfoirne teagaise, agus bhí ár n-ógraí i ndon fanúint sa bhaile agus leanúint dá n-oideachas in aice an bhaile. Mura bhfuil nua-scéimeanna móra oideachais againn, tá fáth le sin, agus is é an fáth é ná fuil siad de dhíth orainn; thug Dia dhúinn teacht saor ón gcur-tríchéile do rinneadh ar na tíortha eile úd.
Ina theannta sin go léir, ba cheart dúinn smaoineadh ar na fíor-shochair atá inár gcóras oideachais féin. Tá an córas sin bunaithe ar dhúshraith nach dóigh liom a leithéid a bheith faoi chóras ar bith eile oideachais dá bhfuil sa domhan faoi láthair. Tá sé bunaithe go daingean ar an bprionsabal gur creideamh do Dhia an bhonnchloch nach foláir bheith faoi gach dea-chóras oideachais. I gcúrsaí scolaíochta sa tír seo, tá comhar agus comhardadh idir na húdaráis Stáit agus na húdaráis Eaglaise—rud nár bhféidir d'aon chóras oideachais a phríomhdhualgas a chomhlíonadh ina éagmais. Agus, maidir leis an scéal a bheith ar a mhalairt de chaoi, tá mé cinnte ná taithneódh sé sin leis an té is mó spéis i gcórais nua.
Cé's moite den bhun-chuspóir cheart a bheith ag an gcóras oideachais níl aoinní chomh riachtanach le hoidí oiriúnacha. Féadfaí a dhearbhú de ghnáth go mbeidh an scoil mar atá an t-oide; agus, ar an abhar sin, ní féidir obair na scol a cháineadh gan roinnt mhaith den cháineadh do theacht ar an oide. An modh ina n-ullmhaítear agus an modh ina dtréineáiltear múinteoirí na tire seo, measaim féin iad a bheith iomlán, oiriúnach. Ní glactar, i gcóir tréineála, le habhair múinteoirí gan lán-chúrsa na Meán-scol a bheith curtha díobh acu go sásúil. Agus, tar a éis sin, is éigean dóibh bheith, ar feadh dhá bhlian, i gColáiste Oiliúna, mar a ndéanann siad a thuilleadh de staidéar acadúil maraon le leathanchúrsa i dteoiricí oideachais agus i gcleachtadh na múinteoireachta. Maidir leis na múinteoirí Meán-scol, ní féidir dóibh aithint oifigiúil go n-a sochair d'fháil nó go gnóthaí siad Céim Oll-scoile agus an tÁrd - teastas Oideachais, nó a comh-mhaith sin de cháilíocht. Agus tá an caighdeán i gcóir aithinte chomh hard céana i gcás na múinteoirí gairm-scol.
Sa méid bhaineas le cigireacht agus le breithniú obair na scol, níl aoinne ina mbun ach daoine a bhí seal ina múinteoirí. Go fiú riarachán an chórais, tá an mhór-chuid de idir lámha ag ardfheadhmannaigh do fuair roinnt mhaith taithí ar mhúinteoireacht agus ar chigireacht. An córas atá faoi'n bhreathnú agus faoi'n riaradh atá luaite agam, agus atá bunaithe go daingean ar an tréineáil creidimh agus móráltachta is gá bheith mar chroí ag fíor-oideachas, ní féidir gurb airidh air an cáineadh atá ina fhaisiún, faoi láthair, ag daoine labhras go mí-chruinn agus go mí-chúramach.