Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Mar 1948

Vol. 110 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Moill i ndíol deontas.

D'fhiafruigh

den Aire Oideachais cad chuige nár díoladh an deontas £5 don scoil-bhliain 1946-47 leis na scoltacha seo leanas: Loch an Iubhair, Ath na Goire, Mullach Dubh agus Mín na Leice, agus cá huair a mheasann sé a díolfar é.

Díoladh an deontas £5 don scoil-bhliain 1946-47 i leith na bpáistí a bhí i dteideal dó sna scoltacha, Loch an Iubhair, Ath na gCoire, Mullach Dubh agus Mín na leice ar an gcéad lá den mhí seo.

Top
Share