Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 19 May 1948

Vol. 110 No. 13

Written Answers to Questions. - Teach Chill Chornáin.

D'fiafraígh

den Aire Sláinte an bhfuil ar intinn aige cosclann eitinne a dhéanamh de theach Chill Chornáin atá i seilbh Chomhairle Chontae na Gaillimhe; agus an dóigh leis go bhfuil a leithéid ag teastáil in Iarthar na hÉireann.

Níl sé ar intinn agam cosclann eitinne a dhéanamh de theach Chill Chornáin i gContae na Gaillimhe. Táthar chun cosclann eitinne a dhéanamh den Ospidéal Mheabhair-Ghalar sa Chaisleán Riabach, Contae Roscomáin. Glacfar ansin le h-othair ó mhór-chuid den Iarthar agus tá súil agam go mbéidh chuile run réidh le na gcóir sar i bhfad. Ní miste a rá, freisin, go bhfuiltear ar tí cosclann eitinne le h-aghaidh an Iarthair ar fad do bhunú in aice le Cathair na Gaillimhe féin.

Top
Share